Gleann Cholm Cille

Braillín na ngort ag cur thar maoil

Tonnta ag sleamhnú síos an gleann

Ag titim i dtreo na farraige laistíos

Chuig an áit is áille ar an domhan

.

Gleann Cholm Cille an t-ainm atá air

‘s ní fhaca mé a leithéidse riamh

Muintir iontach chroíúil ina gcónaí ann

Is stair faoi leith ag baint leis an suíomh

.

Lonnaithe i nGaeltacht Dhún na nGall

In áit álainn, iargúlta amuigh faoin tuath

Tagann daoine anseo as gach uile aird

Chun Gaeilge a labhairt gan stró is gan dua

.

Chuaigh tú go smior ionam, Ó Gleann Cholm Cille

Táim curtha faoi dhraíocht agat amach is amach

Táim athraithe ó bhonn mar bhog tú mo chroí

Braithfidh mé uaim thú is mé ar ais i mo theach

.

Gleann Cholm Cille Ó Gleann Cholm Cille

Níl do leithéid ar fáil, bíodh sé sean nó nua

Gleann Cholm Cille Ó Gleann Cholm Cille

Beimid ar ais le chéile, bíodh sé mall nó luath

.

Níl aon argóint faoi áilleacht Ghleann Cholm Cille. Ba bheag nár baineadh mo shúile as mo cheann nuair a bhíomar ag tiomáint an bóthar ó Ard an Rátha síos agus nochtadh radharc dochreidte os ár gcomhar amach, ag síneadh síos go dtí an fharraige lonrach, agus baile Ghleann Cholm Cille ina shuí in ucht an ghleanna, cóirithe i bhfráma na gcnoc maorga a thiteann le fána go géar isteach sna tonnta coipeacha ar chladach an Aigéin Atlantaigh. Is deacair cur síos a dhéanamh ar an áit seo, gan dul leis an bhfilíocht, chun na mothúcháin ag baint leis an radharc a chur in iúl duit. Sin an fáth a scríobh mé an dán thuasluaite. Scríobh mé gearrdhán as Béarla freisin – seo é:

Glencolmcille

Fresh green-fielded quiltwork spills,

Pleats and folds tumbling down hills,

Gliding through glistening, gulleted glen,

Riven by meandering river Murlin

Cloud-swaddled as it cradles spangled sainted land,

Then Softly surrenders to the sea’s silver sand.

.

Tá go leor le moladh faoin nGleann agus a cheantar, maidir leis na gníomhaíochtaí atá ar fáil. Tá ceanncheathrú Oideas Gael ar imeall an bhaile, agus eagraíonn siad cúrsaí Gaeilge ó thús deireadh an tsamhraidh, ar gach leibhéal. Tá cúrsaí eile ar fáil freisin – seandálaíocht agus cnocadóireacht san áireamh – go léir as Gaeilge. Bíonn daoine ag casadh le chéile i nGleann Cholm Cille a bhfuil grá cultúir agus teanga go láidir acu, agus cé gur Éireannaigh an chuid is mó dóibh, bíonn eachtrannaigh páirteach freisin. Beidh mé ag scríobh alt faoi na cúrsaí céanna in alt eile, ach inniu tá léargas ginearálta ann, faoi Ghleann Cholm Cille agus an ceantar ina bhfuil sé suite.

Áiseanna agus lóistín

Tá siopaí, bialanna, tithe tábhairne agus garáiste sa bhaile. Is féidir lóistín leaba is bricfeasta nó árasáin féinfhreastal a fháil, ach bíonn an-tóir orthu. Mar sin, tá sé deacair go leor aon saghas lóistín a fháil sa bhaile féin agus go minic bíonn ar dhaoine lóistín a fháil in áit éigin eile, cosúil le Na Cealla Beaga, agus ansin a bheith ag comaitéireacht chuig an nGleann.

Slí Cholmcille agus Turas Cholmcille

Téann Slí Cholmcille ó Ghleann Cholm Cille in Éirinn go hOileán Í in Albain, ag déanamh cuairt ar láithreacha a bhaineann le beatha agus le traidisiún an Naoimh. Tá an tSlí seo mar mhacasamhail an Camino de Santiago sa Spáinn. Gach bliain, bíonn oilithreacht a heagrú ag comharchumainn Ghaeltachta agus ceantair phleanála teanga. Bíonn treoraithe sléibhe agus cainteoirí dúchais ag treorú na siúlóidí, de ghnáth.

I nGleann Cholm Cille féin, leanann Slí Cholmcille bealach Thuras Cholmcille. Téann daoine ar oilithreacht i nGleann Cholm Cille gach bliain idir an 9ú Meitheamh (féile an Naoimh) agus an 15ú Lúnasa (féile na Deastógála). Tá roinnt seanchloch (siar go dtí 3000 RCh) agus gallán (siar go dtí 500-700 AD) le feiceáil ag na 15 suíomh atá mar stadanna ar an turas.

An Clachán

Osclaíodh an ‘clachán’ i 1967, mar thogra pobail bunaithe ag an Athair Mhic Daibhir, sagart cáiliúil a bhunaigh go leor scéimeanna sóisialta. Tá seacht dteach ceann tuí lonnaithe faoin sliabh in aice leis an trá mhór, a thugann léargas don chuairteoir ar shaol na háite sna 18ú, 19ú agus 20ú céadta in iarthar Dhún na nGall. Tá siopa ceardaíochta agus caife deas ann freisin.

Conclúid

Is áit iontach álainn iargúlta é Gleann Cholm Cille, le go leor áiseanna agus gníomhaíochtaí ar fáil ann. Mholfainn go hard duit cuairt a thabhairt air agus go háirithe má tá tú ag iarraidh feabhas a chur ar do chuid Gaeilge.

.

.

.

.

.

.

.

gaGaeilge