Chuaigh Peadar Bairéad ar shlí na fírinne breis agus mí ó shin, agus méala mór a bhás, ní hamháin dá theaghlach agus cairde, ach do Ghaeilgeoirí i gCill Chainnigh agus ar fud na tíre. D’fhág sé oidhreacht shaibhir dúinn go léir. Cé nach bhfuil an fear iontach seo linn níos mó, tá a thionchar beo slán.  Bhí tionchar mór aige ar na daoine go léir ar chas sé leo agus freisin ar na daoine ar léigh a chuid scríbhinní.

Toisc gur rugadh Peadar timpeall an ama céanna agus a rugadh ár dtír, bhí cosúlachtaí láidre eatarthu ar dtús. Bhí siad bocht nuair a bhí siad óg, ach bhí misneach acu. D’éirigh siad níos saibhre de bharr a eitic oibre. Bhí grá acu dá dteanga, cultúr agus creideamh. Bhí a bhféiniúlacht an-tábhachtach dóibh.  Le himeacht ama, áfach, d’fhás difríochtaí eatarthu. Tháinig maolú sa tír seo ar ghnéithe áirithe den teanga, cultúr agus faoi dheoidh, creideamh freisin, ach d’fhág Peadar dílis dóibh i gcónaí.  Sa tslí sin, is féidir saol Pheadair a fheiceáil mar thaisceadán todhchaí, cosúil le saolta Peig Sayers agus Tomás Ó’Criomhthain a chuaigh roimhe.  Agus cosúil le Pheig, Tomás agus údair eile, d’fhág Peadar taifead scríofa dona shaol, i ngach rud a scríobh sé, ach go háirithe ina dhírbheathaisnéis.   

Sárscríbhneoir ilchumasach agus bisiúil ba ea Peadar, le bailiúcháin leathan liteartha chun é sin a chruthú.  D’fhág Peadar seoid náisiúnta dúinn agus don tír, gan dabht ar bith.

D’fhág sé oidhreacht thábhachtach i gCill Chainnigh freisin, is mó mar mhúinteoir i gColáiste Chiaráin agus mar cholúnaí nuachtáin sa Kilkenny People. Thosaigh sé ag múineadh i gColáiste Chiaráin sa bhliain 1966, nuair a bhí an ceantar in ísle brí, ní hionann is sna laethanta seo. Ní raibh mórán tionscail ann, seachas monarcha bróga, ina ndéanadh ‘Mocassins’ ó 1967 go dtí 1987, agus grúdlann Smithwick’s, ceannaithe ag Guinness i 1965.   Ní raibh earnáil na turasóireachta ann ar chor ar bith, gan trácht ar bhialanna!  

Duine forásach agus macánta ba ea Peadar, agus cé mar gnáthrud é pionós corpartha sna scoileanna ag an am sin, níor leag sé a lámh ar dhalta riamh. Agus aon uair a bheadh argóint idir daltaí nó fiú idir múinteoirí, glaodh ar Pheadar, mar bhí an cháil sin air a bheith in ann réiteach síochánta a fháil. Ba mhar a chéile aige gach duine, agus mar sin, bhí meas mór idir dhaltaí agus mhúinteoirí air. Mar mhúinteoir, mhúscail Peadar dúil sa léann i mbeagnach gach dalta, ionas gur mhaith leis aithris a dhéanamh air. Dúirt a lán iarscoláirí liom gur spreag Peadar go mór iad, agus ní haon timpiste é go bhfuil go leor acu ina múinteoirí agus sagairt anois, fiú amháin leas-phríomhoidí nó príomhoidí! Tá roinnt mhaith daoine cáiliúla ann freisin ar mhúin Peadar iad, san áireamh iománaithe, bainisteoirí iománaíochta, polaiteoirí, Ardeaspag agus máinlia croí! Agus tá a lán daoine eile ann a bhí tionchar dearfach ag Peadar orthu freisin.

.

Ach b’fhéidir gurb é an tionchar is láidre a bhí ag Peadar ar mhuintir na háite go hiondúil ná a cholún sa Kilkenny People. Scríobh Peadar as Gaeilge, agus ní raibh mórán le léamh as Gaeilge sna nuachtáin áitiúla ag an am sin. Lasadh tine bheag agus thosaigh daoine ag léamh a cholún gach seachtain. Scríobh sé faoi gach ábhar, ó chúrsaí reatha go spórt, ó chreideamh go polaitíocht, ó scéalta agus dánta go léirmheasanna leabhar agus scannán. Bhí an lucht léitheoireachta chomh dílis sin, gur chuir siad go tréan i gcoinne an cholúin a stadadh nuair a bhí sé sin ar tí ag an bpáipéar. Nuair a d’aithin an páipéar an méid suim a bhí ag daoine sa cholún sin, d’athraigh siad a intinn, agus lean an colún ar aghaidh.  Spreag an colún daoine eile freisin agus thug sé misneach dóibh an Ghaeilge a úsáid agus mar sin, diaidh ar ndiaidh, méadaigh an ghluaiseacht. Anois, tá Gaelscoileanna, ciorcail comhrá agus popup Gaeltachta ar fáil, agus tá eachtraí Gaeilge eile ar siúl i gCill Chainnigh freisin. Bhí ról beag ach tábhachtach ag an gcolún seo sa mhéadú sin. Sin tionchar mór a bhí ag Peadar ar staid na Gaeilge i gCill Chainnigh. Agus sin fáth iontach leanúint ar aghaidh leis an gcolún, cé nach bhfuil Peadar inár measc níos mó!

.

.

gaGaeilge