Bhí mé an-bhródúil as mo chomhthíreach Cillian Murphy aréir, nuair a bhuaigh sé Oscar don Aisteoir Fireann is Fearr ag Gradaim an Acadaimh in Los Angelesis é Cillian an chéad fhear riamh a rugadh in Éirinn a rinne an t-éacht seo. Nílim in ann fiú a shamhlú cé chomh bródúil is atá muintir Chorcaí as, agus muintir Chorca Dhuibhne freisin, áit ina bhfuil teach saoire ag a theaghlach.

Bhuaigh an scannán Oppenheimer seacht gcinn de na 13 ghradam a ainmníodh dó! Fuair Christopher Nolan dhá ghradam, ceann amháin don Stiúrthóir is Fearr agus an ceann eile don Scannán is Fearr. Fuair Robert Downey Jr. gradam don Aisteoir Fireann Tacaíochta is Fearr.  Níl dabht ar bith faoin gcomhghuallaíocht idir Cillian agus Chris Nolan, agus iad ag obair le chéile go minic le blianta fada anuas. Thosaigh siad ag obair le chéile ar an scannán Batman Begins sa bhliain 2005, agus lean siad ar aghaidh le sraith scannán rathúil: ‘The Dark Knight’ (2008), ‘Inception’ (2010), ‘The Dark Knight Rises’ (2012), ‘Dunkirk’ (2017) agus Oppenheimer’ (2023).  Fuair Cillian an phríomhpháirt in Oppenheimer, agus deirtear gur iarr Chris Nolan air an ról a ghlacadh, tar éis dó Cillian a fheiceáil sa tsraith theilifíse ‘Peaky Blinders’.

Bhí iomaíocht dhian idir na haisteoirí a bhí ainmnithe don ghradam Aisteoir Fireann is Fearr. Bhí Bradley Cooper, Colman Domingo, Paul Giamatti agus Jeffrey Wright ainmnithe don ghradam sin freisin, agus príomhpháirteanna acu sna scannáin ‘Maestro’, ‘Rustin’, ‘The Holdovers’ agus ‘American Fiction’, faoi seach. Ach ba é Cillian rogha na coitianta ón tús, agus d’fhíoraigh sé an tairngreacht sin go héasca!

Óráid ghlactha Oscar

hé ‘Oppenheimer’ an scannán is fearr liom, go háirithe mar gheall ar an scéal agus an plota. Ach caithfidh mé a admháil gur mórshaothar scannánaíochta é.  Leis an gceart a dhéanamh, bhí gach gradam tuillte ag an scannán. Agus chuaigh óráid ghlactha Cillian i bhfeidhm go mór orm – níos mó ná an scannán féin!

Seo mar a dúirt sé: Tá mé beagáinín trína chéile. Mo bhuíochas leis an Acadamh. A Chris Nolan agus a Emma Thomas, is é seo an turas is fiáine agus is spleodraí, agus is sásúla ó thaobh cruthaitheacha de, ar thug sibh libh mé le fiche bliain anuas. im go mór faoi chomaoin agaibh, níos mó ná mar is féidir liom a rá – go raibh míle maith agaibh! Fuair mé tacaíocht chun leanúint ar aghaidh uaibhsegach ball den chriú, gach ball den fhoireann aisteoirí. Do mo chomh-ainmnithigh, fanaim faoi gheasa agaibh i ndáiríre. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le m’fhoireann iontach. Focal buíochais do Craig Bankey, Brendan Murphy, Mary Murphy, Yvonne McGuinness mo pháirtí sa saol agus san ealaín, mo bheirt mhac Malachy agus Aran, atá ina suí thuas ansin, grá mo chroí sibh; agus is Éireannach an-bhródúil mé i mo sheasamh anseo anocht. Rinneamar scannán faoin bhfear a chruthaigh an buama adamhach. Tá muid go léir inár gcónaí i ndomhan Oppenheimer anois. Ba mhaith liom é seo a thiomnú do na síochánaithe i ngach áit. Go raibh míle maith agaibh!”

Cúpla Focal

Nach iontach an óráid í sin? Ceapaim go raibh gach Éireannach ar domhan an-bhródúil as Cillian, ní hamháin mar gheall ar an Oscar a bhuaigh sé, ach as an óráid bhreá sin a thug sé go muiníneach. sé de nós le fada an lá ag láithreoirí Briotanacha a rá gur Briotanaigh iad Éireannaigh rathúla a bhuann gradaim – Éireannaigh cosúil le Paul Mescal, Michael Fassbinder agus ar ndóigh, Cillian Murphy. Mar is dual, tharla sé arís ar ITV nuair a thagair Jonathan Ross do Chillian mar réalta Briotanach. Ach tar éis óráide Cillian, bhí ar Ross leithscéal a ghabháil agus a admháil gur Éireannach é Cillian. ligeann Éireannaigh rudaí mar sin a tharlú níos mó, ceapaim!  Mar a dúirt Breandán Ó Murchú, athair Chillian, faoina mhac, ar an seó An Saol Ó Dheas’ leis an láithreoir cáiliúil Helen Ní Shé:Is dócha go bhfuil muinín aige as féin. Ní dóigh liom go mbíonn air aon chur i gcéill a dhéanamh. Is féidir leis labhairt amach go muiníneach, rud ná bíodh coitianta ach oiread. Bhímisne difriúil, is dóigh liom. Cheapamar, mar shampla, fadó ó shin, dá mbeadh blas éigin difriúil cainte ag daoine – na Sasanaigh nuair a thagaidís mar shampla – cheapamar go raibh rud éigin ar leith ag baint leis sin, go rabhadar níos fearr ná sinn.

Ach na hÉireannaigh anois, na daoine óga, tá siad sásta a’ bualadh amach ansin agus a’ labhairt amach go muiníneach agus tá siad go léir á dhéanamh agus is rud an-mhaith é sin.”

Is díol suntais é freisin gur labhair Cillian cúpla focal tábhachta ag deireadh a hóráide, nuair a dúirt sé, as Gaeilge: “Go raibh míle maith agaibh!” Chuir sé sin sméar mhullaigh ar oíche iontach dúinn go léir, ar an ardán is mó ar domhan, b’fhéidir! Níl an dara rogha agam féin anois, ach na focail dheireanacha seo a scríobh:  Go raibh míle maith agat, a Chillian!

.

.

gaGaeilge