Má bhíonn amhras ar bith ort faoi céard atá ar intinn ag an tSín, níl ort ach féachaint ar chúrsaí i Hong Cong.  Ná bí ag ceapadh gur saghas eisceacht é sin ach an oiread, mar tá stair fhada acu ag baint le sárú ceartingearach daonna. Ní gá dom a chur i gcuimhne duit go raibh Mao Zedong freagrach as líon uafásach básanna – meastar suas le 45 milliún duine – i bhfad níos mó ná Hitler nó Stalin!  Níos deireanaí i 1949, d’ionghabh an tSín réigiún Xinjiang.  Tá géarleanúint ar bun ag údaráis na Síne ar phobal Moslamach na nUigiúrach a bhfuil cónaí ar 12 milliún dóibh ann. Tuairiscítear go bhfuil ‘athoiliúint’ á cur ar idir milliún agus trí mhilliún Uigiúrach i gcampaí géibhinn.

Ba neamartach dom gan an sléacht i gCearnóg Tiananmen i Meitheamh 1989 a lua. Chuaigh na mic léinn amach sna sráideanna ag éileamh daonlathais. Mar fhreagairt ar an agóidíocht cuireadh tancanna agus saighdiúirí ag ceansú na n-agóideoirí, agus níl aon dabht ach go bhfuair na mílte bás de thoradh na cniogbheartaíochta seo.

Tar éis níos mó ná 150 bliain mar choilíneacht Shasana, cruthaíodh an Sainréigiún Riaracháin (SAR) Hong Cong, de réir idirbheartaíocht socraithe sna hochtóidí idir an Ríocht Aontaithe agus an tSín. Gheall ceannaire na Síne ag an am, Deng Xiaoping, méid mór féinrialach do Hong Cong. Ar an drochuair, níor chomhlíonadh an gealltanas sin, ach a mhalairt ar fad, mar chuir rialtas na Síne féinrialtas Hong Cong faoi bhagairt arís agus arís eile. Tabharfaidh mé cúpla sampla duit a tharla cheana féin, agus ansin sampla atá ar siúl faoi láthair.

Dlí in aghaidh ceannairce

I 2002, gabhadh baill den tseict chreidimh darb ainm ‘Falun Gong’, agus iad ag agóidíocht go síochánta. Ansin, rinne príomhfheidhmeannach Hong Cong, Tung Chee-hwa, iarracht Bille nua a chur i bhfeidhm, a ligfeadh an rialtas cosc a chur ar eagraíochtaí i Hong Cong a bhfuil cosc orthu ar an mhórthír. Rinne na céadta míle duine agóid in aghaidh na hiarrachta sin. D’éiligh siad go n-éireodh Tung as a phost, mar gheall ar an mBille agus mar gheall ar an tslí a ndeachaigh sé i ngleic leis an ngéarchéim SARS. D’éirigh sé as a phost sa bhliain 2005 faoin mbrú leanúnach a bhí air.

Scáthghluaiseacht Hong Cong

I 2014, d’fhógair Béising go raibh ceart acu iarrthóirí a dhiúltú i dtoghcháin i Hong Cong. Thosaigh gluaiseacht ag moladh toghcháin oscailte. Nuair a úsáideadh scáthanna báistí chun bac a chur ar sprae piobair in úsáid ag an bpéasfhórsa in aghaidh na n-agóideoirí, baisteadh Scáthghluaiseacht (Umbrella Movement) ar an ngluaiseacht.  Chuaigh na céadta míle amach ar sráideanna Hong Cong ag léirsiú, agus lean na léirsithe ar feadh beagnach trí mhí. Cuireadh i bpríosún cuid de na ceannairí as bheith ag fógairt a ndearcthaí polaitiúla, agus thosaigh rudaí ag ciúnú síos ansin, ar feadh tamaill ar aon nós.

‘Tír Amháin, Dhá Chóras’ faoi ionsaí!

Ionsaíodh an prionsabal bunúsach ‘Tír Amháin, Dhá Chóras’, nuair a d’iarr rialtas na Síne ‘An tOrdú um Eiseachadadh (Hong Cong)’ a chur i bhfeidhm i Hong Cong. Leis an ordú sin, bheadh coirpigh líomhanta ó Hong Cong i mbaol mór eiseachadta chun na Síne. Sin rud a d’fhéadfadh inmharthanacht fhadtéarmach na samhla ‘tír amháin, dhá chóras’ a chur i mbaol.

Thosaigh na mórshiúlta agóide in aghaidh an ordú sin agus meastar go raibh suas go dhá mhilliún duine ar na sráideanna ar 16 Meitheamh, 2019. Faoi dheireadh, i mí Dheireadh Fhómhair, tarraingíodh siar an Bille conspóideach sin. Ach bhí sé ródhéanach ansin agus ní hamháin nár stad an chorraíl shibhialta agus na léirsithe leanúnacha ach tháinig méadú mór ar an bhforéigean i Hong Cong freisin.

Dlí Slándála Náisiúnta úr

Chuir rialtas na Síne an tarcaisne i gceann na héagóra ansin, nuair a d’eisigh siad dlí slándála nua le déanaí (mí Iúil, 2020) gan dul i gcomhairle le rialtas Hong Cong fiú.  Cuireann an dlí sin srianta ar chearta sibhialta i Hong Cong.  Maítear go forleathan gur sárú é an dlí nua seo ar na coinníollacha a bhí sa dearbhú comhpháirteach idir an tSín agus an Ríocht Aontaithe a bhí comhaontaithe i 1984, agus cláraithe leis na Náisiúin Aontaithe.

Ní fios cad a tharlóidh i Hong Cong anois, ach níl cuma na maitheasa air. Agus gan ach 28 bliain fágtha roimh athaontú iomlán idir an tSín agus Hong Cong, níl sé soiléir conas an bhearna eatarthu a laghdú.

.

.

.

.

.

.

.

gaGaeilge