Le fada an lá bhí an Páirtí Poblachtánach sna Stáit Aontaithe den bharúil láidir gurb í an Rúis (agus roimhe sin Aontas na bPoblachtaí Sóivéadacha Sóisialacha) an namhaid is measa a bhí acu faoin spéir. I bhfocail cháiliúla an tIar-Uachtarán Reagan, Impireacht an Oilc (Evil Empire) a bhí inti.

Athrú Réimis sna Stáit Aontaithe

D’athraigh gach rud nuair a d’éirigh leis na Rúisigh Donald Trump a chur in oifig. Bhí siad in ann tionchar mór a imirt ar phobal na Stáit Aontaithe, le cibirfheachtas bolscaireachta ar na meáin sóisialta agus go háirithe ar Facebook. Sceith siad cáipéisí íogaire freisin a rinne díobháil pholaitiúil do Hilary Clinton sa toghchán uachtaránachta. Agus bhí Paul Manafort mar bhainisteoir feachtais ag Trump. Bhí naisc láidre idir Manafort agus na Rúisigh, agus thug sé cabhair dóibh Viktor Yanukovych a insealbhú mar uachtarán na hÚcráine i 2012. Chuaigh cúrsaí chun donais ar fad ansin, agus bhí ar Yanukovych teitheadh ón tír bliain ina dhiaidh sin. Dimpigh sé ar na Rúisigh é a ath-insealbhú mar uachtarán na hÚcráine. Ina ionad sin, d’ionghabh an Rúis an Chrimé ón Úcráin, agus thug siad tacaíocht mhór mhíleata do dhá limistéar eile sa tír freisin, i Donetsk agus Luhansk.

Rinne Trump i gcónaí cad a bhí ag teastáil ag Putin, chun na Stáit Aontaithe agus an domhan thiar a lagú agus a dheighilt. Bhí Trump an-chairdiúil le tíortha uathlathacha, cosúil leis an Rúis agus an Chóire Thuaidh. Ag an am céanna, chuaigh Trump in aghaidh Comhghuaillithe na Stáit Aontaithe, tíortha cosúil leis an Ghearmáin, an Fhrainc agus Ceanada. Bhí Trump go láidir in éadan ECAT (Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh (NATO)), agus bhí sé ag bagairt go n-éireodh na Stáit Aontaithe as.  Rinne an Rúis iarracht eile tionchar a imirt ar thoghchán uachtaránachta na Stáit Aontaithe i 2020, agus ar ámharaí an tsaoil, theip uirthi an t-am sin. Ar an dea-uair, chaill Trump an toghchán sin, agus tá an dara seans ag na Stáit Aontaithe agus ag an domhan na prionsabail daonlathais a chosaint.

Dara Seans

Tá sé ríshoiléir go ndearna Vladimir Putin míléamh ollmhór nuair a rinne sé ionradh ar an Úcráin. Rinne sé dhá bhotún ollmhóra ar a laghad. Ar an gcéad dul síos, ní dhearna an t-ionsaí ach na hÚcránaigh a dhéanamh níos diongbháilte ná riamh ar son saoirse na hÚcráine. Tá arm agus pobal na hÚcráine ag troid go cróga agus go huasal in aghaidh fórsaí níos líonmhaire le huirlisí troda níos fearr ná iad.  

Ar an dara dul síos, baineadh preab nach beag as Putin gan dabht nuair a chonaic sé freagairt an domhan ar an gcoireacht uafásach a rinne sé.  Cé gur cheap Putin go raibh tíortha an iarthair deighilte agus lag, fuair sé amach gurb í a mhalairt atá fíor. Ní raibh aon mhoill ag go leor tíortha an t-ionsaí a cháineadh. Ach níos tábhachtaí ná sin, d’oibrigh siad as lámha a chéile chun smachtbhannaí eacnamaíochta géara a chur ar an Rúis. Chuir na Stáit Aontaithe, An tAontas Eorpach, an Bhreatain Mhór, an tSeapáin, an Astráil, agus fiú an Eilvéis smachtbhannaí an-suntasach ar an Rúis, ionas nach mbeidh an tír in ann feidhmiú sa gheilleagar domhanda.

Na chéad chéimeanna eile?

Caithfimid seasamh le chéile i gcoinne an ghnímh barbartha seo á dhéanamh ag an Rúis. Tiocfaidh iarmhairtí tubaisteacha as na smachtbhannaí curtha ar an Rúis le himeacht ama, agus is gá iad a choimeád in áit fad is atá an Rúis ag tabhairt neamhaird dúinn faoin ionsaí ar an Úcráin. Tá sé an-tábhachtach an Rúis a dhéanamh níos laige chomh tapa agus is féidir, ionas nach mbeidh sé éasca di leanúint ar aghaidh leis an ionsaí sin le fada.  Rinne Trump iarracht ECAT a scriosadh, agus ar an dea-uair theip air san iarracht sin. Tá a fhios ag gach duine anois cé chomh tábhachtach is atá ECAT chun Oirthear na hEorpa a chosaint ón Impireacht an Oilc sin, an Rúis.

Caithfimid ár dtacaíocht a thabhairt do phobal na hÚcráine freisin, agus fáilte a chur roimh na teifigh ón Úcráin. Ina threo sin, leag ár rialtas ceanglais víosa do shaoránaigh na hÚcráine ar leataobh. Agus an Pholainn, an Rómáin agus an Mholdóiv ag cur fearadh na fáilte roimh na céadta mílte teifeach ag teacht thar a dteorainneacha.  Déanaimis ár ndícheall ár gcuid luachanna daonlathacha a chosaint in aghaidh Putin agus a chúlaistíní!

Is ar scáth a chéile a mhaireann na daoine, agus is ar scáth a chéile beidh an lá linn!

.

gaGaeilge