De réir saineolaithe ar an ábhar, sroichfidh intleacht shaorga (IS) pointe, luath go leor, ina mbeidh na meaisíní níos cumhachtaí ná a gcruthaitheoirí. Gan dabht, tá cumhacht IS ag méadú níos tapúla agus níos tapúla i gcónaí agus níl an teicneolaíocht ach ina tús! Taitníodh sé linn nó ná taitníodh, beidh ról lárnach ag IS inár saolta roimh i bhfad.

Nuair a smaoinímid ar IS, is cosúil go smaoinímid ar róbait agus ar mheaisíní.  Cé go bhfuil an ceart againn, is bogearra atá i gceist go bunúsach.  Nuair a chuireann tú bogearra IS ag rith ar an gcóras ríomhaireachta dáilte a thugtar an Néal air, is ardán rí-chumhachtach é sin. Úsáideann bogearra IS algartaim chun sonraí atá lonnaithe ar an idirlíon a phróiseáil, chun cinntí a dhéanamh gan aon idirghabháil dhaonna.   Gineann an brainse IS darb ainm IS Ghiniúnach íomhánna, téacs – filíocht san áireamh, ceol agus saothar ealaíne.

Mar réimse nua IS, tá IS Ghiniúnach ag forbairt go tapa. táirgí ar líne anois a ligeann d’úsáideoirí triail a bhaint as IS Ghiniúnach dóibh féin, saor in aisce.  Tá eagraíocht amháin freagrach as sin – OpenAI.

OpenAI

Cuireadh tús le OpenAI i San Francisco i 2015 mar eagraíocht neamhbhrabúsach. I 2019, áfach, chuaigh OpenAI i gcomhpháirtíocht le Microsoft. Rinne Microsoft infheistíocht $1 billiún ann ag an am sin, agus tá siad ag smaoineamh ar infheistíocht 10 mbilliún a dhéanamh go luath. Tá sé i gceist ag Microsoft IS Ghiniúnach a chomhtháthú lena n-inneall cuardaigh, Bing (cosúil le Google).

I 2020, d’fhógair OpenAI GPT-3, samhail teanga atá oilte ar na trilliún focal ón idirlíon. Sa bhliain 2021, d’eisigh OpenAI DALL-E, líonra néarach domhainfhoghlama ar féidir leis íomhánna digiteacha a ghiniúint ó chur síos téacsúil.

Timpeall Nollaig 2022, fuair OpenAI clúdach forleathan na meán tar éis dóibh réamhamharc saor in aisce a sheoladh ar ChatGPT, a mbota comhrá nua. De réir OpenAI, logáil breis agus milliún duine isteach sa chéad seachtain.

DALL-E agus ChatGPT

Is féidir leat íomhánna a chruthú le DALL-E agus téacs a chruthú le ChatGPT.

D’iarr mé ar DALL-E pictiúr a chruthú de ‘clog san fhásach i stíl an ealaíontóra Salvador Dali’, agus línigh DALL-E íomhánna ríomhghinte iontacha a bhí an-spéisiúil ar fad. Molaim duit triail a bhaint as DALL-E. Tá aip ar fáil le d’fhón cliste, agus beidh an-spórt agat ag imirt leis.

Nuair a chuir mé an cheist “an labhraíonn a lán daoine Gaeilge?” ar ChatGPT, bhí cuid dá fhreagra mar a leanas (le cúpla ceartúchán):

“Tá go leor daoine ag labhairt Gaeilge sa tír seo, áit a raibh an teanga mar theanga bheo roimh ré. Is í an Ghaeilge an teanga oifigiúil sa tír seo agus tá sí á húsáid mar theanga oideachais i roinnt scoileanna freisin agus mar theanga labhartha i roinnt ceantar sa tír, lena n-áirítear na ceantair Ghaeltachta.”

Molaim duit triail a bhaint as ChatGPT freisin. Téigh go dtí an suíomh https://chat.openai.com/chat agus beidh tú in ann é a úsáid saor in aisce!

Buntáistí agus Míbhuntáistí

Caithfimid buntáistí agus míbhuntáistí IS Ghiniúnach a phlé. Gan dabht, is ábhar conspóideach é. Ar thaobh amháin, cuireann an teicneolaíocht seo uirlisí cumhachtacha nua inár lámha, chun cabhrú linn i mbealaí nua nach raibh ar fáil cheana. Beidh scríbhneoirí, ealaíontóirí, ceoltóirí agus a leithéidí in ann creatlacha cuimsitheacha a chruthú go tapa ag úsáid IS Ghiniúnach, agus beidh siad in ann níos mó ama a chaitheamh i smaointeoireacht chruthaitheach!

Ar an taobh eile, tá dúshláin mhóra le réiteach mar gheall ar cheisteanna tábhachtacha. Beidh sé deacair don dlí a choimeád suas leis an luas rábach atá faoin teicneolaíocht. Toisc go mbraitheann IS Ghiniúnach ar na sonraí atá ar fáil ar an idirlíon – sonraí de gach saghas idir mhaith agus olc, tá an córas claonta ó bhonn dá bharr sin. Go bunúsach, níl an córas céanna in ann idirdhealú a dhéanamh ar shonraí den ardchaighdeán agus sonraí den droch-chaighdeán. Tá ceisteanna freisin maidir le cóipcheart, maoin intleachtúil agus bradaíl ar obair daoine eile.  B’fhéidir níos measa fós, beidh cibearchoirpigh in ann an teicneolaíocht a úsáid chun cibearchoireacht níos sofaisticiúla a dhéanamh ar líne.

Conclúid

Cé acu is maith linn é nó nach maith, ní stopfadh an diabhal forbairt na teicneolaíochta réabhlóidí seo. Is gá dúinn aon tionchar diúltach a laghdú a oiread agus is féidir. Beidh orainn rialacha agus rialacháin nua a chur i bhfeidhm chun é sin a dhéanamh, idir náisiúnta agus idirnáisiúnta.

I mo thuairim, nuair a úsáidtear IS Ghiniúnach i gceart, cuirtear cumasaigh míorúiltigh nua inár lámha, cumasaigh a rachaidh i bhfeabhas bliain i ndiaidh bliana.    

.

.

gaGaeilge