Is maith an aire an fhógairt…! (2)
Caimiléireacht?
Thiomáin mé abhaile sa charr nuacheannaithe. Bhí mo bhean chéile agus mé féin an-sásta leis. Ach bhí amhras éigin ag cur isteach orm, agus ní raibh codladh suaimhneach agam an oíche sin. Ar maidin, tar éis mo bhricfeasta, scrúdaigh mé an conradh díolacháin. Bhí na sonraí ar chúl leathanaigh ionas nach raibh sé éasca iad a aimsiú. Bhí líne ann a tharraing m’aird: Córas slándála: $750. Cad sa diabhal? Dhiúltaigh mé an córas sin a cheannach ón tús. Bhí leathanach eile ann – conradh díolacháin don chóras slándála – agus mo shíniú féin ag bun an leathanaigh. Ní dúirt Ámharach faic faoin gcóras arís tar éis dom é a dhiúltú ar dtús. Ach i ngan fhios dom, chuir sé a chonradh díolacháin ar an scáileán agus mheall sé mo shíniú uaim. Is dócha go raibh sé ag insint scéil dom ag an am sin, chun m’aird a tharraingt ón bhfoirm chéanna. De réir dlí, bhí mo rás rite, agus bhí mé ‘scriúáilte’ i gceart. Bhí náire orm gur bualadh bob mar sin orm. Bhí fearg orm freisin agus ní raibh mé réidh é seo a ligean tharam gan troid.
Mo Fhreagra
Chuir mé glaoch fóin ar Perry, ag míniú dó nár aontaigh mé an córas slándála a cheannach, ach i measc na bhfoirmeacha go léir, bhí ceann ann inar díoladh an córas dom i ngan fhios dom. Dearmad a bhí ann, a dúirt mé. Aisteach go leor, ní raibh aon argóint ag Perry faoi.
“Níl aon fhadhb! Beidh Ámharach i dteagmháil leat, chun an córas a chur as feidhm agus d’airgead a thabhairt ar ais duit.”
Chuaigh mé ar ais go Toyota an lá dár gcionn chun casadh le hÁmharach. Chonaic mé é ag siúl idir dhá fhoirgneamh, agus scairt mé anonn air.
“Tá cliant agam anois díreach, ach tar ar ais dom i gceann leathuaire,” ba é an freagra a fuair mé.
Leathuair níos déanaí bhíomar ina oifig arís. Thaispeáin sé an conradh dom.
“Shínigh tú anseo leis an gcóras slándála!” a dúirt sé, agus é an-oibrithe.
“Tá an ceart agat, ach ní raibh a fhios agam. Dhiúltaigh mé an córas nuair a thairg tú é dom ar lascaine.”
“Ní dhearna mé a leithéid, ní dúirt mé tada faoi!” arsa Ámharach go cosantach, ag briseadh isteach orm.
“Bhí an córas san áireamh cheana féin leis an gcarr,” arsa Ámharach, agus chroith sé cúpla foirm san aer. “Nach bhfaca tú an fhoirm seo?” a dúirt sé, ag díriú a mhéire ar fhoirm amháin.
“Ní fhaca mé an fhoirm sin riamh!” arsa mise.
“Is maith an rud é nár bhris mé do sheic fós!” arsa Ámharach, le cor a chur sa chaint. “Caithfimid conradh nua a shíniú anois!”
Rinneamar an deasghnáth céanna arís, agus ní raibh aon tagairt do chóras slándála ar aon fhoirm a tharraing sé suas ar an scáileán an uair seo! É sin déanta, scríobh mé seic nua gan chostas an córas slándála san áireamh. Bhí mé sásta go leor dom féin, ach bhí guth beag i mo cheann ag rá nár cheart an méid a tharla dom. Rinne mé machnamh air níos déanaí, agus seo mo chonclúidí agus mo mholtaí. Tá súil agam go gcabhróidh siad leat an chéad uair eile a mbeidh ort carr a cheannach!
Conclúidí
I mo thuairim, ní hé seo an chéad uair a rinne Perry agus Ámharach an cleas seo – níorbh é sin a gcéad róidió! Bhí siad cleachtaithe leis an gcleas seo chun airgead a gcustaiméirí a ghoid. Sin bun agus barr an scéil!
D’úsáid Perry agus Ámharach cúpla teicnic sa chleas seo:
- Cuir do chustaiméirí ar a suaimhneas. Beidh sé níos éasca ansin teacht aniar aduaidh orthu. An tslí is fearr é sin a dhéanamh ná a bheith ag insint scéalta pearsanta dóibh formhór an ama. Is féidir leat scéalta truamhéalaigh a chumadh chun nasc níos láidre a chumadh. Mar is é sin iompar carad iontaofa, agus seans maith go mothóidh siad bá leat.
- Bain intinn do chustaiméirí dá gcuid oibre. Bí cinnte go bhfuil tú ag caint aon am nár mhaith leat a n-airdeall a bheith ar rud áirithe. Mar shampla, bhí Perry ag caint an t-am go léir nuair a bhí mé ag iarraidh tástáil a dhéanamh ar an gcarr. Chomh maith leis sin, ní raibh sé éasca cur isteach air chun ceist a chur air agus é ag insint scéil phearsanta dom. Táim cinnte go raibh Ámharach ag insint scéil dom freisin nuair a chuir sé an fhoirm ag baint leis an gcóras slándála ar an scáileán.
- Bíodh plean B agaibh mar fhoireann ar eagla go bhfeicfeadh an custaiméir an conradh díolacháin don chóras slándála. Tá sé soiléir go raibh Perry agus Ámharach ag obair as lámha a chéile. Nuair a chuir mé ceist ar Perry conas a tharla an ‘botún’ sin, dúirt sé go gcaithfeadh go raibh an córas slándála mar rogha réamhshocraithe sa chonradh, agus nár chuir sé isteach é sa chonradh. Ach dúirt Ámharach go raibh an córas slándála san áireamh sa chonradh a thugadh dó.
Sin plean B- tarraing siar agus tabhair le fios do na custaiméirí i gceist gur míthuiscint inmheánach a tharla sa chás seo. Ná hadmhaigh go ndearna tú aon rud mícheart. Cuir na custaiméirí ar a gcosaint tríd an bpróiseas seo, agus seans maith ansin nach ndéanfaidís gearán, mar nár shínigh siad an conradh ag deimhniú gur cheannaigh siad an córas slándála sa chéad áit? Ansin, tabhair a n-airgead ar ais dóibh ar an toirt. Níor mhaith leat go sroichfeadh na gearáin céanna bainisteoireacht an comhlacht díoltóra, ar eagla go dtiocfadh an chaimiléireacht chun solais.
Moltaí
Nuair a bhíonn ionadaí díolacháin nó ionadaí airgeadais ró-chairdiúil agus ró-chainteach leat – bí ar d’airdeall! I mo chás-sa, ní raibh ceachtar acu ró-chairdiúil nó ró-chainteach an dara huair! Léiríonn sé sin nach raibh siad i ndáiríre an chéad uair ach ag obair chun a leasa féin a bhíodar.
Léigh gach leathanach sa chonradh roimh duit é a shíniú, fiú má bhíonn an t-ionadaí airgeadais ag geabaireacht! Mura ndéanann tú é sin, seans maith go gceannóidh tú, i ngan fhios duit, rogha nach bhfuil ag teastáil uait, díreach mar a tharla domsa. Féach go cúramach ar na huimhreacha freisin, agus déan cinnte nach bhfuil costas breise ann.
Scrúdaigh an conradh go cúramach uair amháin eile nuair a théann tú abhaile. Má fheiceann tú ‘botún’, téigh ar ais agus mínigh don ionadaí díolacháin faoi. Is dóichí ná a mhalairt go bhfuil plean B acusan freisin agus go gceartófar an ‘botún’ duit gan mhoill!