Mo Réalta Thuaidh!

Glaoim air i gcónaí i rith mo shaol,

Nuair a bhím in am an ghátair,

Nó aon uair a bhím i mbaol

Agus is gá dom a bheith láidir.

.

Nuair a bhíonn ceist ag dó na geirbe agam,

aon uair a mhothaím tinn,

Nuair a bhíonn rud maslach á rá ag duine liom,

nuair nach bhfuil cúrsaí ag dul go binn.

.

Ar ócáidí mar sin tagann chugam,

Is cuireann sé mé ar mo sháimhín só,

Baineann sé ualach mo thrioblóidí díom,

Is ní bhím buartha dá laghad níos mó.

Sa dán beag seo, déanaim iarracht tréith shainiúil na hatharthachta a chuir in iúl, maidir leis an tacaíocht a thugann ár n-aithreacha dúinn trí dheacrachtaí an tsaoil. Dála an scéil, tugann ár máithreacha tacaíocht dúinn freisin, ach inniu is ar na haithreacha atá mo bhéim!

I gcás m’athair féin, thug sé tacaíocht dom aon uair a bhíag streachailt mar ghasúr ag fás aníos. Cé nach raibh fadhb ar bith agam ar thaobh mo chumais foghlamtha, bhí fadhbanna nach beag eile agam. Bhí mé i mo charracháinín críochnaithe mar dhéagóir, agus bhí asma orm freisin. Dá bhrí sin, ní raibh aon chuma orm ag an iomáint. Míbhuntáiste mór í sin, go háirithe agus tú ag freastal ar Choláiste Chiaráin i gContae Chill Chainnigh. Fágadh amach ó chroílár an bháire ar fad mé agus bhí mé iontach uaigneach mar sin. Ba dhalta scoil chónaithe mé sa Choláiste, agus bhí orm mo neamhspleáchas pearsanta a fhorbairt gan mhoill. Toisc gur lagrachán a bhí ionam, bhíodh na bulaithe i gcónaí ag piocadh orm. Bhí m’fhéinmhuinín faoi ionsaí leis an iompar sin. Ach bhí náire orm agus ní dúirt mé aon rud do m’athair. Is amhlaidh a dhéanfadh a thacaíocht an scéal níos measa, toisc go raibh m’athair ina mhúinteoir sa Choláiste céanna. Ar aon nós, d’fhan mé i mo thost. Cheapfá nach mbeadh a fhios ag m’athair cad a bhí ar siúl, gan trácht ar aon chabhair a thabhairt dom. Ach, ní bheadh an ceart agat!

Níl a fhios agam fós cén tslí a bhfuair m’athair amach cad a bhí ar siúl. D’aimsigh sé réiteach cruthaitheach do mo chás. Níor bhuail na bulaithe mé riamh, mar chuirfí amach as an scoil iad ansin mar gheall ar mhí-iompar. Ach bhí mé á chiapadh ag na bulaithe mar sin féin, agus focail á n-úsáid acu in ionad doirne druidte. Bheadh sé níb fhearr dom dá ciapadh fisiciúil a bhí i gceist, gan dabht. Thuig m’athair freisin gurb é an damáiste síceolaíochta an dainséar ba mhó a bhí i gceist, agus chum sé réiteach chun dul i ngleic leis sin.

Réiteach na faidhbe?

Mhol m’athair straitéisí dearfacha cruthaitheacha dom, gan a ligean go raibh aon bhaint leo leis an mbulaíocht a bhí ar siúl. Ní raibh cliú ar bith agam faoi, ach an oiread! Chuir m’athar an bhéim ar na rudaí a bhí paisean agus tallann ar leith agam iontu, agus dúirt sé liom nach raibh aon rud nárbh fhéidir liom a dhéanamh. Thug sé misneach dom aon uair a bhí mé in ísle brí agus thug sé ardú meanman dom. Ná géill go deo, a dúirt sé, daon duine atá tú in iomaíocht leis, mar an t-amhras céanna air agus atá ortsa. Mhúscail agus mhéadaigh m’athair dúil sa léann ionam, cé gur bhain mé an-sásamh as gach rud a fhoghlaim ar scoil cheana féin. D’oscail sé doirse do lear mór deiseanna dom, agus rith mé tríothu gan scáth ná eagla orm.

Cad faoi na bulaithe? Nuair a thuigeadar nach rabhadar in ann an tionchar céanna a imirt orm níos mó, stop siad ag déanamh buartha dom agus bhí orthu íospartaigh úra eile a aimsiú a bheadh níos éasca sceimhle a chur orthu.  

Réiteach sárchliste ba ea é sin, mar d’éirigh le m’athair dá thrá a fhreastal. Ar an gcéad dul síos, chuir sé an ruaig ar na bulaithe, mar ní raibh feoil úr ar fáil dóibh níos mó. Ar an dara dul síos, chothaigh sé féinmhuinín ionam nuair a léirigh sé go cinnte go raibh muinín iomlán aige asam.  D’fhan an dearcadh dearfach sin liom as sin amach suas go dtí an lá atá inniu ann. Leis an meon an-dearfach sin, bhíonn eagla orm triail a bhaint as aon rud ba mhian liom a dhéanamh i mo shaol. Sa tslí sin, bím ag foghlaim agus ag forbairt chuile lá. Táim faoi chomaoin go héag ag m’athair Peadar Bairéad as sin, beannacht Dé leis.

.

      

  

.

.

.

.

.

.

.

.

gaGaeilge