Ní tharlaíonn go minic go mbíonn an-tionchar ag aon leabhar orm, ach is fíorannamh é gan dabht nuair a bhíonn an leabhar i gceist bunaithe ar an bhfírinne.  Léigh mé leabhar fíorspéisiúil le déanaí agus bhainfeadh sé deoir as cloch ghlas. Thug an leabhar seo léargas nua ar an saol dom, agus chuir sé iontas leochaileach an tsaoil i gcuimhne dom.  Thuig mé chomh luachmhar an rud í an bheatha agus chomh cumhachtach an rud é an grá. I ndeireadh an lae, is é an grá an rud is cumhachtaí atá again ar an domhan seo. Anois, an bhfuil tú fiosrach faoin leabhar seo?

 

The Boy Who Followed His Father into Auschwitz – A true story!

Sin é an teideal den leabhar iontach seo, agus téann sé i bhfeidhm go cumhachtach ar téama lárnach an leabhair seo.  Is é an grá idir an buachaill agus a athair bunn agus barr an leabhair seo. Agus tá sé dochreidte go bhfuil an grá seo níos láidre ná na Naitsithe agus a gcampaí géibheann míchlúiteacha. 

Cumhdaitheoir ba ea Gustav Kleinmann agus chaith sé agus a chlann saol gan só i Vín san Ostair.  Bean tí ba ea a bhean chéile Tini, agus bhí ceathrar páistí acu. Ach nuair a d’ionghabh an Ghearmáin an Ostair i 1938, d’athraigh cúrsaí go suntasach agus cuireadh go mór lena ndeacrachtaí.  Sula i bhfad, d’iompaigh a gcomharsana ina n-aghaidh agus gabhadh agus coimeádadh gnó an teaghlaigh.

Ach thosaigh a dtrioblóid mór nuair a tháinig na Naitsithe agus thóg said Gustav agus Fritz de bharr fianaise a gcomharsana.  Scaoileadh saor iad an uair seo, ach bliain ina dhiaidh sin tugadh chun bealaigh an bheirt acu, duine ar dhuine. I mí Dheireadh Fómhair sa bhliain 1939, seoladh iad go Buchenwald.  As sin amach, ní fhéadfá an méid a bhí siad a fhulaingt a shamhlú.

Cé go bhfuil seans maith go raibh daoine muinteartha eile i gcruachás doréitithe cosúil le Gustav agus Fritz, tá an cás seo difriúil, mar choimeád Gustav dialann beag ar feadh na cúig bliana a bhí siad teanntaithe sna campaí uafásacha sin cosúil le Buchenwald agus Auschwitz.  D’úsáid an t-údar Jeremy Dronfield Dialann Gustav agus leabhar a scríobh Fritz, darb ainm ‘The Dog will Not Die’ (1995), mar bhonn a úrscéal an-chorraitheach seo. D’fhorbair sé na smaointe a bhí sna leabhair sin, agus chruthaigh sé scéal cumhachtach don léitheoir. Téann an scéal i bhfeidhm orainn, gan dabht, agus bímid ag fulaingt le Gustav agus Fritz le linn gach rud uafásasch a tharlaíonn.

I mBuchenwald, bhí orthu obair i gcairéal, ag brú vaigín lánluchtaithe in aghaidh an chnoic, ó dhubh go dubh.  Fuair go leor príosúnaigh bás ag déanamh an obair, bhí sé chomh deacair sin. Tháinig dinnireacht ar a lán príosúnaigh, Gustav san áireamh.  Cuireadh isteach sa ‘Death Block’ é. Is ar éigean a tháinig aon duine slán, agus thug Fritz tarrtháil ar a athair as an áit sin. Tharla go leor gníomhartha cruálacha i mBuchenwald, agus is deacair iad a shamhlú.  Mar shampla, bhí crann darach ann – ‘Goethe’s Oak’, agus céasadh go leor príosúnaigh ann. Bhí cnoc in aice láimhe agus chuaigh na gardaí príosúin ag seilg agus ag marú priosúnaigh ann. Ní raibh deireadh leis na drochrudaí a chum na droch-Naitsithe sna campaí géibheann le linn an Dara Cogadh Domhanda.

Thar aon campa eile, bhí an clú is measa ag campa Auschwitz.  Agus nuair a rinneadh cinneadh Gustav a aistriú ó Buchenwald go Auscwitz, tráth ríthábhachtach a bhí ann.  Shocraigh Fritz dul leis a athair, cé gur breith bháis an cinneadh sin, agus mar sin chríochnaigh an bheirt acu suas in Auschwitz le chéile.  Sríobh Gustav ina dhialann: “Fíor-compánach is ea é, i gcónaí in aice liom. Is é áthas mo shaol an buachaill seo. Níl dul eadrainn!”

Chuaigh Fritz isteach sa lucht frithbheartaíochta in Auschwitz, in aghaidh an SS.  Ach rug siad air á dhéanamh, agus rinne Maximilian Grabner (Butcher of Block 11) céasadh coirp agus intinne air.

Nuair a bhí an cogadh beagnach thart, scaradh iad agus chaith Gustav seal i mBergen-Belsen, agus chaith Fritz seal i Mauthausen.  Tháinig siad slán arís eile, agus tugadh iad ar ais le chéile an athuair i Vin tar éis an chogaidh.

Ómós is ea an leabhar seo do cumhacht an ghrá agus don spiorad dochloíte atá laistigh dúinn go léir.

.

.

.

.

.

  

.

gaGaeilge