Léamh Filíochta
D’fhreastail mé ar rang filíochta le déanaí ar bhain mé a lán taitneamh as. Bhí orainn ár ndánta a léamh amach sa rang, agus ansin bhí deis ag na mic léinn eile aiseolas a roinnt leis an údar. Sa tslí sin, bhíomar go léir ag foghlaim in dhá bhealach go príomha. Sa chéad dul síos, chualamar na dánta a bhí cumtha ag daoine eile sa rang, rud a bhí an-suimiúil. Sa dara dul síos, fuaireamar aiseolas faoinár ndánta féin, agus leis an eolas sin, bhíomar in ann na dánta a fheabhsú. Ag deireadh an chúrsa, bhí léamh filíochta oscailte eagraithe dúinn, a raibh fáilte roimh chách freastal air. Léigh mé trí dhán as Béarla ag an ócáid, agus léigh mé réamhrá roimh gach ceann dóibh, chun iad a chur i gcomhthéacs. Tá leagan Béarla agus leagan Ghaeilge agam de dhá dhán, mar baineann siad le hÉirinn. Tá an ceann eile (an tríú cheann) as Béarla amháin. Seo iad na trí réamhrá agus na dánta ag baint leo, aistrithe go Gaeilge (ach amháin an tríú dhán féin).
- Tionchar cumhachtach ár dtuismitheoirí orainn.
Bíonn an-tionchar ag ár dtuismitheoirí orainn inár luathbhlianta. Níor thuig mé é sin i gceart go dtí le déanaí. Seo ach sampla amháin den tionchar sin. Bhíodh m’athair ag scríobh agus mo mháthair ag léamh aon seans a bhíodh acu, gach lá, agus mé ag fás aníos. Is aoibhinn liom go mór an scríbhneoireacht agus an léitheoireacht i rith mo shaoil féin agus tá siad an-tábhachtach dom. Gach seans a bhíonn ann, bím ag scríobh nó ag léamh. Tuigim go maith anois nach aon timpiste é sin ach tharla sé mar iarmhairt ar an timpeallacht bhaile a bhí agam, a bhuí le mo thuismitheoirí. Is comhartha ómóis dóibh é an dán seo.
Scríobhaim
Daid ag cnagadh ar a shean-Olivetti,
A eochairbhuillí mar bhuillí croí ár n-óige.
Gach ciúnas agus boladh Tippex
mar shioncóipiú sa cheol cúlra-
ceol deasghnátha an tsaoil.
Sna sosanna gearra ina lá fada –
físeanna leabharlann-spreagtha ag Mam,
faoi dhomhan nís cineálta, nís gile.
Ón ithir thorthúil chruthaitheach seo,
D’fhás peann i mo lámha óga díograiseacha.
Bhínn ag scríobh, ag scríobh, ag scríobh,
go dtí gur lean foirm feidhm,
agus sa deireadh thiar thall –
nochtadh an scríbhneoir ionam.
I Write
Tapping away on his old Olivetti,
Dad’s keystrokes were the heartbeat of our childhood,
with silences and Tippex smells
syncopating the background music
of our mundane life rituals.
Mum fed the short breaks in her long day
with library-fueled visions
of a kinder, grander world.
From this fertile, dream-fed soil
sprouted a pen in my eager young hands.
I wrote and wrote and wrote until
form followed function
and parchment revealed
the writer inside.
- Áilleacht an nádúir agus an chultúir i gceantar Ghleann Cholm Cille.
De réir traidisiúin, thóg Colm Cille eaglais i nGleann Cholm Cille sa 6ú haois. Tá an gleann seo i bhfad i gcéin in iarthuaisceart na hÉireann i gContae Dhún na nGall. Tá an gleann síos le fána, trí thírdhreach réchnocach, go dtí an tAigéan Atlantach. Ansin, síneann an cósta garbh ó thuaidh agus ó dheas. Ó thuaidh, ag Sliabh Liag, tá aillte mara 2,000 troigh ar airde. Tá Gleann Cholm Cille sa Ghaeltacht, agus cloistear ár dteanga dhúchais á labhairt ann go hiondúil. Mar sin, tá an ceantar tumtha i gcultúr traidisiúnta na hÉireann. Mothaím féin gur meascán iontach den tírdhreach agus den chultúr é an gleann speisialta seo. Is ómós agus ar bhealach paidir é an dán don ghleann pictiúrtha agus stairiúil seo. Léiríonn an dán an radharc agus a thionchar orm nuair a chonaic mé an gleann den chéad uair ar lá álainn sa samhradh, agus muid ag dul isteach ag barr an ghleanna agus ag tiomáint síos an go dtí an cósta.
Gleann Cholm Cille
Glasghoirt cuilteáilte úra ag cur thar maoil,
loig is mullaigh scuabtha síos dorchla caol,
ag sleamhnú trí chraos an ghleanna go mín,
stróicthe as a chéile gan rabhadh ag an Muirlín.
Talamh Naofa ina néal-lámha faoi dheireadh,
Spíonta, géilleann sí go do ghaineamh geal na mara.
Glencolmcille
Fresh green-fielded quiltwork spills,
pleats and folds tumbling down hills,
glides through glistening, gulleted glen,
riven by meanders of the river Murlin.
Cloud-swaddled, spangled sainted land,
Exhausted, yields to the silver sand.
- Na hiarmhairtí pianmhara leanúnacha a bhaineann le hathrú aeráide.
Is é atá i gceist leis an “éifeacht na bhféileacán” ná cur síos ar na hiarmhairtí móra is féidir tarlú de bharr athruithe beaga. Is é Edward Lorenz a d’aimsigh an éifeacht nuair a bhí sé i mbun taighde ar an gcóras aimsire. Baineann an éifeacht le hábhair níos leithne freisin, athrú aeráide san áireamh. Sa chás sin, leagann sé béim ar na rioscaí a ghlacaimid agus fiú athruithe beaga á ndéanamh againn ar an gcóras aeráide. Tagann imirce na mbleachtfhéiliceán go dtí mo cheantar i San Diego ó Santa Cruz gach bliain. An bhliain seo caite, chonaic mé go raibh bleachtfhéiliceán amháin ag streachailt go neamhbhalbh le fanacht san aer. Go híorónta agus go tragóideach, bíonn drochthionchar ag “éifeacht na bhféileacán” ar na créatúir chéanna a bhfuil an éifeacht ainmnithe ina ndiaidh. Déanta na fírinne, ní dhearna an féileacán rud ar bith orainn, ach is é a mhalairt atá fíor, mar is é an cine daonna a bhíonn ag déanamh dochar don fhéileacán. Thug sé seo go léir meafar dom, ina bhfuil an féileacán mar lionsa. Tríd an lionsa seo, is féidir linn a fheiceáil ní hamháin ár nasc pearsanta agus mothúchánach leis an domhan, a bhfuil aithne agus grá againn air, ach fírinne a chaillteanais, atá tosaithe cheana féin. Agus caillteanas é sin nach dtarlaíonn go léir ag an am céanna, ach diaidh ar ndiaidh, féileacán ar fhéileacán – ar a laghad ar dtús.
Butterfly Elegy
The nectar-fueled monarch migration
flutters south in shimmering clouds
from Santa Cruz to San Diego
to ancestral breeding grounds.
There, molten clouds of monarchs
drift on failing wings,
no haven to receive them,
no milkweed to nourish their young.
A single monarch spirals down
in quickening, tightening arcs,
its frail and tattered body —
more proof of what’s being lost.