Bhí sé beagnach dodhéanta go mbeadh beagnach 200 tír in ann aontú ar chéimeanna praiticiúla chun dul i ngleic leis an ngéarchéim aeráide atá ag luasghéarú go sciobtha.  Comhaontaíodh ar aon téacs amháin (Glasgow Climate Pact), a bhfuil go leor gealltanais agus dualgais ann.

Bhí sé an-soiléir go raibh deighilt mhór idir na tíortha móra cumhachta agus na tíortha beaga, go háirithe iad a bhfuil ag fulaingt iarmhairtí tubaisteacha ón athrú aeráide cheana féin. Cé go raibh na tíortha beaga sin ag iarraidh orthu céimeanna éigeandála a ghlacadh, níor ghéill na tíortha móra ach beagán i dtreo an réitigh ar gá leis – is é sin críoch a chur leis ár spleáchas ar bhreosla iontaise go sciobtha.

Tá sé soiléir chomh deacair is a bheidh sé ardú na meánteochta domhanda a choimeád go 1.5°C níos airde ná mar a bhí sé sa ré réamhthionsclaíoch, nuair atá sé 1.1°C níos airde cheana féin – ach caithfimid ár seacht ndícheall a dhéanamh!  

Mar sin féin rinneadh dul chun cinn suntasach i nGlaschú.  Go minic, tháinig ionadaithe le chéile ar bhonn neamhoifigiúil, agus thug siad gealltanais dá chéile a laghdódh astaíochtaí gás ceaptha teasa.

Scríobh mé cúpla liosta dom féin chun na buaicphointí is tábhachtaí a áireamh.

Comhaontaithe COP26 – buaicphointí:

 Don chéad uair ar chruinniú COP i 26 bliain, ainmníodh na coirpigh – fóirdheontais ghuail agus ola! Faigheann siad $5.9 trilliún d’fhóirdheontais gach bliain, in ainneoin cé chomh dona is atá siad don timpeallacht! Bhí gach tír aontaithe ar chríoch a chur leis na fóirdheontais sin, ach tháinig an India i ndiaidh an ghnímh agus d’éalaigh siad na focail sa ghealltanas sin a athrú, agus in ionad críoch a chur leo, gealltanas chun na fóirdheontais a laghdú. Ní raibh an dara rogha ach an t-athrú sin a dhéanamh agus ‘glac a bhfaigheann tú’! Murach sin, seans mór go mbrisfeadh rudaí síos go hiomlán agus nach mbeadh aon ghealltanas maidir leis na fóirdheontais chonspóideacha.
 Cé gur gheall na tíortha saibhre ag COP15 (Cóbanhávan) airgead a thabhairt do thíortha bochta gach bliain, ag méadú go $100 billiún i 2020, níor chomhlíonadh an gealltanas sin go hiomlán. Ag COP26, gheall na tíortha saibhre $100 billiún a thabhairt amach ó 2023 go dtí 2025, agus ag an am sin, féachaint arís ar an gceist. D’fhulaing tíortha bochta de dheasca an damáiste a rinne na tíortha saibhre don timpeallacht, agus is den mhúineadh é cúnamh a thabhairt do na tíortha bochta anois chun dul I ngleic leis an ngéarchéim.
 D’aontaigh na páirtithe ar rialacha don mhargadh carbóin, chun iad a spreagadh a n-astúcháin dhíobhálacha a laghdú.
 Beidh ar gach tír spriocanna níos uaillmhianaí a bhaint amach chun a gcuid astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú faoi 2030. Beidh orthu freisin tuarascáil ar dhul chun cinn a chur ar fáil ag COP27 san Éigipt an bhliain seo chugainn.

.

Gealltanais a tharla lasmuigh de chruinnithe COP26 agus ar ghlac Éire páirt iontu:

 Gheall beagnach 100 tír go laghdóidís a n-astaíochtaí meatáin (gás atá níos measa ná dé-ocsaíd charbóin mar thruailleáin aeir) 30 faoin gcéad roimh 2030.
 Gheall 120 tír, an Bhrasaíl san áireamh, go gcuirfidís stop roimh 2030 leis an dífhoraoisiú atá ar siúl ar fud an domhain.
 Shínigh comhghuaillíocht 22 tír agus 11 comhlacht mhór i dtionscal na gcarranna gealltanas chun deireadh a chur – roimh 2040 – le feithiclí a úsáideann breosla iontaise.
 Gheall níos mó ná 40 tír deireadh a chur le húsáid an ghuail roimh 2030.
 D’aontaigh níos mó ná 20 tír go n-oibreoidh siad i dtreo tionscal na loingseoireachta a bheith saor ó astaíochtaí roimh 2050.

Cúpla comhaontú eile a tharla:

 Tabharfaidh grúpa tíortha tionsclaithe (na Stáit Aontaithe, an Ríocht Aontaithe, an Fhrainc, an Ghearmáin agus an tAontas Eorpach) $8.5 billiún as seo go ceann cúig bliana, chun cabhrú leis an Afraic Theas aistriú ón ngual.
 D’eisigh na Stáit Aontaithe agus an tSín comhráiteas ag gealladh go gcomhoibreoidh siad le chéile chun a n-astú truailleán a laghdú chomh tapa agus is féidir.

.

Táthar ann den tuairim nach bhfuil sna comhaontuithe COP26 i nGlaschú ach sop in áit na scuaibe. Cé go bhfuil an ceart acu i slí amháin, i slí eile tá sé deacair teacht ar réiteach láidir nuair a bhíonn leasuithe dílsithe difriúla ag gach tír. In ainneoin sin, mothaím go bhfuil an fuadar is an furú ag méadú agus is gá anois an t-iarann a bhualadh nuair atá sé dearg! Mar sin, beidh sé an-tábhachtach do gach tír a ngealltanais agus a ndualgais a chomhlíonadh. Braitheann ár dtodhchaí air!

.

.

.

gaGaeilge