Chuir mé ár n-eitiltí in áirithe le déanaí chun taisteal ó Mheiriceá go hÉirinn.  Beagnach díreach tar éis an chnaipe a bhrú tháinig aiféala ceannaitheora orm. B’fhearrde dom gan aon rud nua a léamh faoin gcoróinvíreas, go háirithe faoin gcineál Delta. Fiosracht a mharaigh an cat, agus ní fhéadfainn gan taighde a dhéanamh faoin víreas. Thosaigh mé ag tarraingt ar shnáitheanna scaoilte m’fhiosrachta agus ag léamh gach rud a chaith Google suas. Ach dá mhéad alt a léigh mé is ea is mó ceisteanna a bhí agam.  Agus dá mhéad ceisteanna a bhí agam is ea is mó buaireamh a tháinig orm.  

Roimh an gcineál Delta, cheap mé go raibh mé dochloíte tar éis dom a bheith vacsaínithe! Ach ní mar a shíltear a bhítear!  D’athraigh an cineál Delta den choróinvíreas an cluiche go hiomlán, ar an drochuair. Déanta na fírinne, níl aon leigheas draíochta ar fáil chun dul i ngleic leis an gcoróinvireas. Ach is uirlis troda tábhachtach agus éifeachtach é an vacsaín, mar sin féin, fiú in aghaidh na gcineálacha nua, suas go dtí seo ar aon nós. Gan dabht is í an fhadhb is mó atá againn ná na daoine nach bhfuil vacsaínithe, mar is gorlann cineálacha nua den choróinvíreas iad. Is dainséar iad ní amháin dóibh féin, ach dúinn a bhfuil vacsaínithe freisin, mar tá céatadán beag dúinn nach bhfuil imdhíonacht againn ar an víreas agus a chineálacha. Níos measa ná sin, b’fhéidir go dtiocfaidh cineál nua nach mbeidh aon éifeacht ag an vacsaín air! Bheadh orainn dul ar ais go dtí cearnóg a haon! A Dhiabhal!

Tá sé soiléir nach bhfuil na freagraí go léir faighte againn fós mar gheall ar an gcineál Delta, agus tá na saineolaithe ag obair go dian chun iad a fháil. Ach tá roinnt eolais againn faoin am seo, agus níl cuma mhaith ar chúrsaí, ó thaobh an virís de. Agus sin an fáth go bhfuil mé idir dhá chomhairle anois mar gheall ar mo shocruithe taistil. Ach tá na ticéid faighte agam anois, agus cuirfidh mé cos i dtaca ag an bpointe seo. Seans maith fós nach rachaidh cúrsaí in olcas agus go mbeimid in ann taisteal go hÉirinn. Ach cad atá ar eolas againn faoi láthair faoin víreas agus cad iad na féidearthachtaí as seo amach?  

Cineál Delta den Choróinvireas

Déan dearmad ar gach cineál den choróinvíreas ach an cineál Delta, mar scaipeann an cineál Delta i bhfad níos tapúla ná aon chineál eile. Thosaigh an cineál seo san India ag deireadh 2020, agus anois tá sé tar éis spré chuig 85 tír ar a laghad.  Sna Stáit Aontaithe, is é an cineál Delta atá i gceist i 83 de na cásanna COVID-19 go léir.  Níl na saineolaithe cinnte fós, ach ceapann siad go bhfuil an cineál Delta timpeall 50% níos tógálaí ná an cineál Alpha, agus 100% níos tógálaí ná an chéad chineál, nach raibh litir ag baint leis. Dúirt taighdeoirí ón tSín go bhfuil i bhfad níos mó cáithníní den víreas ag teacht amach san aer ó dhaoine leis an gcineál Delta COVID-19 ná mar a bhí leis an gcéad cineál, agus gurb é sin fáth amháin a bhfuil sé níos tógálaí.  

Éifeachtacht an vacsaín

Is é príomhaidhm aon vacsaín ná beatha daoine a shábháil. Dealraíonn sé go bhfuil an vacsaín in aghaidh COVID-19 an-éifeachtach sa tslí sin.  Meastar go bhfuil an vacsaín chomh héifeachtach in aghaidh galair dhéin anois agus a bhí sé riamh. Ach cé nach bhfuil siad cinnte fós, seans maith go dtolgfadh níos mó daoine vacsaínithe COVID-19 le siomptóim laga nó gan siomptóim ar bith agus mar sin bheidís ina scaiptheoirí an ghalair. Ní rud maith é sin!  

Moladh

Chun an vacsaín a bheith éifeachtach don chine daonna in iomlán, tá sé tábhachtach do gach duine an vacsaín a fháil más féidir. I mo thuairim, is dualgas tromchúiseach, sochaíoch é sin. Gan dabht, tá a lán obair le déanamh chun an vacsaín a chur ar fáil do gach duine ar fud an domhain, ach ceapaim nach bhfuil an dara rogha againn ach é sin a dhéanamh chomh luath agus is féidir linn.

Seachas é sin a dhéanamh, beidh cuid dúinn ag fáil bháis ó COVID-19 le fada an lá, agus beidh cineálacha níos measa ar na bacáin, gan dabht!

B’fhéidir go bhfuil leigheas draíochta ar fáil, tar éis an tsaoil, má oibrímid as lámha a chéile agus ar son a chéile in aghaidh an víris!

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

  .

.

.

gaGaeilge