Nuair a bhí mé ag freastal ar Choláiste na Rinne sa samhradh, bhí deis agam an scannán Gaeilge ‘An Cailín Ciúin’ a fheiceáil sa phictiúrlann Movies@Dungarvan i nDún Garbhán. Scannán thar barr is ea é, agus ní haon ionadh é gur bhuaigh sé go leor gradaim go dtí seo, agus b’fhéidir cúpla ceann eile le teacht fós!

Bhí ‘An Cailín Ciúin’ ar an gcéad scannán Gaeilge a bhuaigh Gradam Acadamh na hÉireann (IFTA) don scannán is fearr. Fuair 7 IFTA san iomlán. Bhris sé taifid oifigí na dticéad in Éirinn agus sa Bhreatain Mhór freisin, ag tuilleamh timpeall milliún Euro go dtí seo, breis agus ceithre huaire níos mó ná aon scannáin Ghaeilge eile riamh.

.

Cruthaíonn Colm Bairéad scannán álainn

Is cóiriú iontach é an scannán seo ar an nóibhille ‘Foster’ le Claire Keegan, agus tugtar chun beochtana an scéal uaigneach seo ar an scannán mór i slite áille ar fad.  B‘éigean don stiúrthóir/scríbhneoir Cholm agus a fhoireann saol na tuaithe in Éireann sna hochtóidí sa chéad seo caite a athchruthú, agus rinne siad é sin go héifeachtach, síos go dtí na mionsonraí cosúil le Bunny Carr ar an teilifís ag léiriú an seó ‘Quicksilver’ (as a dtáinig an nath coitianta in Éireann: ‘Stop the lights!’). Cuireann úsáid na Gaeilge go mór le hatmaisféar agus barántúlacht an scannáin, gan dabht, agus léiríonn sé dúinn go bhfuil muid in ann rudaí a chur in iúl as Gaeilge nach féidir a dhéanamh sa tslí chéanna as Béarla.   

Roghnú Aisteoirí

Is díol suntais é Catherine Clinch (dhá bhliain déag d’aois), ina céad ról scáileáin mar Cáit (naoi mbliana d’aois).  Ról iontach deacair atá ann, mar níl mórán le rá ag an gcailín ciúin seo, agus bíonn uirthi réimse leathan gothaí gnúise a úsáid chun an scéal a insint.  In ainneoin cé chomh hóg is atá Catherine agus gurb é seo a céad ról, tá máistreacht aici san aisteoireacht.

Tá teaghlach Catherine ag streachailt, agus gan acu ach ón lámh go dtí an béal. Níos measa ná sin, is brúid de phótaire a hathair (Micheál Patric) agus tá a máthair (Cáit Nic Chonaonaigh) buailte síos le dualgaisí clainne, agus í torrach arís anois. Déanann Cáit agus Micheál jab maith mar na tuismitheoirí mífheidhmiúla sa scannán.

Cuireann siad a n-iníon i gcúram col ceathrair a máthar, Eibhlín (Carrie Crowley) agus a fear céile, feirmeoir ciúin, Seán (Andrew Bennett), i gContae Phort Lairge. Is anseo a tharlaíonn formhór an aicsin sa scannán, agus tá Eibhlín agus Andrew go hiontach mar thuismitheoirí altrama, a chuireann timpeallacht spreagúil chothaitheach ar fáil do Cháit den chéad uair.

.

An Plota

Tá An Cailín Ciúin suite i 1981 faoin tuath in Éirinn. Is cailín í a choinníonn a cuid mothúcháin faoi chois, de chúis nach dtógann a tuismitheoirí aird nó grá di, mar go bhfuil siad ró-thógtha lena bhfadhbanna féin. Is ar éigean a bhíonn siad in ann bia a chur ar an mbord, agus dá bharr sin, déanann siad an cinneadh Cáit a fhágáil le tuismitheoirí altrama don samhradh. I dtús báire cuireann Cáit a mothúcháin faoi ghlas níos doimhne laistigh, ach ní fada go dtagann forbairt uirthi agus go dtagann sí faoi bhláth lena dteaghlach nua.

Ní hí Cáit an t-aon duine a dteastaíonn tamall uaithi chun dul i dtaithí ar an stíl maireachtála nua. Láimhseálann Eibhlín agus Seán í ar bhealaí éagsúla. Fáiltíonn Eibhlín rompu isteach le lámha oscailte, agus mothaíonn sí comhbhá ollmhór don chailín óg. Ach léiríonn Seán fuacht léi ar dtús, agus tógann sé am dó í a ghlacadh isteach ina chroí. Tá rún mór ag Eibhlín agus Seán freisin, ach ní nochtfaidh mé é anseo é – caithfidh tú an scannán a fheiceáil!

Ach dá bharr sin, tá rudaí le foghlaim óna chéile ag Cáit agus ag a tuismitheoirí altrama agus iad ag fáil amach don athuair cad is brí le grá.

.

Conclúid

Saothar ealaíne is é gach fráma sa scannán fíordhraíochtúil seo. Is í Kate McCullough a rinne an chineamatagrafaíocht don scannán. Rinne sí an chineamatagrafaíocht ar an tsraith theilifíse ‘Normal People’ freisin. Rinne sí codarsnacht iomlán idir teach a theaghlaigh (dorcha, gruama) agus teach a theaghlaigh altrama (geal, glan) chun béim a chur ar an bplota féin. In éineacht le scór iontach ó Stephen Rennicks, tháinig gach rud le chéile go láidir ionas go raibh Colm Bairéad in ann an scéal a leagan anuas ar an bhfráma sin chun scannán thar bharr a chur in iúl dúinn. Thabharfainn cúig as cúig réalta don scannán fiúntach, speisialta seo. Mura bhfaca tú é cheana, mholfainn duit ‘An Cailín Ciúin’’ a fheiceáil.

.

.

gaGaeilge