Bhí mo shúile sáite sa scáileán mór gach nóiméad den scannán fíorshuimiúil ‘Killers of the Flower Moon’, mórshaothar an stiúrthóra Martin Scorcese. Níor ghlac mé sos leithris fiú, cé go bhfuil an scannán beagnach trí huaire go leith ar fad. Is ar éigean a tharraing mé anáil, nó gur chaoch mé mo shúile, ar eagla go gcaillfinn rud éigin tábhachtach sa scéal. ‘Sea – tá an scannán seo chomh tarraingteach sin.

Tá an scannán bunaithe ar an leabhar móréilimh ‘Killers of the Flower Moon’, scríofa sa bhliain 2017 ag an iriseoir David Grann. Sa leabhar, insítear scéal fíor faoi fhear gnó bán agus “fíor-chara” féincheaptha le Náisiún na Osage (treibh bhundúchasach). D’éirigh an treibh shaibhir nuair a thángthas ar ola ar a dtearmann.  Ba í an scéim a chum fir bhána áirithe ná úinéirí talún a phósadh agus ansin iad a mharú chun a n-eastáit a fháil.  Mná a bhí mar úinéirí den chuid is mó, mar threibh mhatrarcach ba í treibh na Osage. Díríonn an scéal isteach ar theaghlach bundúchasach amháinan mháthair (le Tantoo Cardinal mar Lizzie Q) agus a ceathrar iníonacha, agus cad a tharlaíonn dóibh, go háirithe d’iníon amháin nach bhfuil pósta fós.  

Tá triúr príomhcharactar sa scannán seo– Robert de Niro mar William Hale, Leonardo diCaprio mar nia Hale, Ernest Burkhart, agus Lily Gladstone mar Mollie Kyle – bean chéile Burkhart. Tugann an triúr sárthaispeántas uathu, agus i mo thuairim, Lily Gladstone ar chomhchaighdeán le de Niro agus diCaprio.  Dúramán is é Ernest Burkhart, agus tagann Hale i dtír go cliste air, ag imirt a thionchar air go láidir. Buaileann Mollie le hErnest, a tiománaí tacsaí dathúil, agus titeann siad i ngrá. Mar sin, ní raibh sé deacair do Hale a chur ina luí ar Ernest Mollie a phósadh. Duine ar dhuine, faigheann a máthair agus a deirfiúracha bás ionas nach bhfuil fágtha beo ach Mollie féin.  

Bíonn sé i gceist ag Hale Mollie Kyle a mharú ansin, agus a heastáit a fháil dá theaghlach féin trí Ernest.  cor sa scéal mar tá Ernest agus Mollie i ngrá le chéile, agus an caidreamh eatarthu lárnach sa scéal. Ní inseoidh mé níos mó faoin scéal ait seo duit anois, ach feicfidh an chaimiléireacht lofa a d’imir na Meiriceánaigh, agus go háirithe an feirmeoir Hale, ar na mbundúchasaigh sna fichidí sa chéad seo chaite, trí lionsa an scéil uafásaigh seo.

Tuairim Gladstone

fuil bhundúchasach i Lily Gladstone (Mollie sa scannán), agus mar sin tá a tuairim faoin scannán an-suimiúil.

“Tá mé ag streachailt le smaoineamh ar scannán eile a bhí chomh fíor maidir le mná dúchasacha. Tá grá agam do mo dheirfiúracha sa scannán, agus tá siad mar theaghlach dom,” a dúirt Lily.

Maraítear deirfiúracha Mollie, aisteoirí dúchasacha Cara Jade Myers mar Anna Brown, JaNae Colllins mar Reta Smith agus Jillion Dion mar Minnie Smith, mar gheall ar a gcuid airgid.

Tá na radhairc leis na deirfiúracha agus a máthair ag labhairt a dteanga dhúchasach le chéile an-chumhachtach. Go deimhin, tá gach radharc a thaispeánann teanga agus cultúr Osage spreagúil. Is annamh a fheiceann tú léiriú na mbundúchasach chomh réalaíoch seo i Hollywood.

“Mhair Mollie ach níor éirigh le triúr deirfiúracha Kyle. Tá aithne againn go léir ar dhuine éigin, duine inár dteaghlach, duine inár ngarchiorcail, duine ar fhás muid suas leo agus níl a fhios againn cá bhfuil siad, a dúirt Lily go coscrach. Leis sin, ceanglaíonn siad an saol mar a bhí léirithe sa scannán agus an saol mar atá sna laethanta atá inniu ann, ó thaobh drochíde do bhundúchasaigh i Meiriceá.

Conclúid

Is féidir leat an scannán iontach seo a thuiscint ar dhá leibhéal ar a laghad. Is féidir leat é a ghlacadh mar atá sé, is é sin le rá go bhfuil aisteoiden céad scoth le feiceáil i mbun a gceirde, faoi stiúrthóireacht cinn de na stiúrthóirí is fearr ar domhan, ag nochtadh scéil shuimiúil, lonnaithe in Oklahoma céad bhliain ó shin. Gréasán scéiméireachta atá i gceist, le grá, dúnmharú agus airgead mar chomhábhair atá measctha le chéile chun anraith blasta a chur i do láthair. Bheadh an lucht féachana thar a bheith sásta leis an scannán, agus an léamh sin air. Ach is féidir ciall eile a fhorleagan ar an mbunléamh seo, nuair a aithníonn tú nach saothar samhlaíochta amháin atá anseo, ach saothar bunaithe ar an fhírinne shearbh. Is é sin ná go raibh leithcheal ciníoch agus gnéis ar siúl in aghaidh na mbundúchasach, agus luach beag ar a saolta. Leis an gcúlra sin, bhí sé éasca do Mheiriceánaigh shantacha agus mímhorálta, mná bundúchasacha a mharú chun a n-airgead a ghoideadh uathu. Tharla an chaimiléireacht seo go forleathan, agus níor stad sé go dtí gur tháinig bleachtaire de chuid an FBI, Tom White (le Jesse Plemons sa ról), chun na dúnmharuithe a fhiosrú.

Díríonn an scannán an solas i dtreo anchaoi na mbundúchasach ina dtír féin, beagnach céad bhliain ó shin. Agus ardaíonn sé an cheist seo: an bhfuil cúrsaí na mbundúchasach níos fearr anois ná mar a bhí siad ag an am sin? Ar an drochuair, níl an cheist sin éasca a fhreagairt! Ach b’fhéidir, leis an scannán seo, go gcuirfear an cheist thábhachtach seo níos minice ar na húdaráis chuí.

Bun agus barr an scéil: Ná bíodh aon drogall ort an scannán seo a fheiceáil chomh luath agus is féidir!

.

gaGaeilge