Tháinig mé ar scannán le déanaí nuair a bhí mé ag brabhsáil ar líne. Phrioc sé m’aird mar chonaic mé go raibh Bord Scannán na hÉireann páirteach sa scannán seo, darb ainm ‘Maudie’, agus mar is duine fiosrach mé, bhí orm é an scannán seo a fheiceáil.  Is scannán deoirshilteach den chéad scoth atá i gceist.

Maudie ag lorg oibre

Tá an scannán bunaithe ar eachtraí a tharla sna tríochaidí agus sna daichidí sa chéad seo caite, i mbaile beag iargúlta darb ainm Marshalltown atá suite i Nova Scotia i gCeanada. Is í Maudie an príomhcharachtar, bean ina tríochaidí agus í craplaithe le hairtríteas le fada. Ag tús an scannáin, bhí Maudie ag cur faoi lena haintín agus a deartháir. Gan mhoill, áfach, tá sé soiléir go raibh caidreamh míshocair idir Maudie agus an bheirt eile.  Bhí deartháir Maudie tar éis teach a máthair a dhíol gan aon rud a rá le Maudie roimh ré. Bhí fearg uirthi faoi sin, agus dúirt sé gur thiomnaigh a máthair an teach dó. Níor thug a deartháir aird ar bith ar a hagóidí. Bhí a haintín i gcoinne stíl maireachtála Maudie, agus tar éis do Maudie teacht abhaile ó chóisir go déanach oíche amháin, bhí argóint mhór acu faoi sin. Deir Maudie lena haintín go bhfaigheadh sí post, ach níor chreid a haintín é sin. Bhí Maudie míshásta lena saol, agus chinn sí rud a dhéanamh faoi.

Nuair a bhí Maudie ag siopadóireacht uair amháin, tháinig mangaire iasc isteach sa siopa. Bhí cabhair ag teastáil uaidh sa bhaile, mar bhí sé róghnóthach obair tí a dhéanamh é féin. Scríobh an siopadóir fógra dó, agus chuir an mangaire suas é ar chlár fógraí sa siopa. Nuair a d’imigh an mangaire, rug Maudie ar a fhógra, agus tamall beag ina dhiaidh sin, shiúil sí go dtí teach an fhir ag lorg poist.

Fuair sí an post, agus de réir a chéile, shocraigh sí síos, cé nach raibh sé éasca réitigh le hEverett, an mangaire. Fear garbh, borb a bhí ann, ach tar éis tamaill d’éirigh sé níos báúla le Maudie. Faoi dheireadh, bhog sí isteach ina sheomra leapa, agus tá a fhios ag an saol Fódlach cad a tharla ina dhiaidh sin!

Maudie an t-ealaíontóir

Nuair a bhí sí óg, chuidíodh Maudie lena máthair cártaí Nollag a phéinteáil, agus dhíolaidís na cártaí ar 25 cent. Mar dhuine fásta ina cónaí sa teachín le hEverett, phéintil sí na ballaí loma, agus ansin thosaigh sí ag péinteáil ainmhithe agus plandaí ar na ballaíféileacáin, ealaí agus tiúilipí san áireamh.

Lean sí ar aghaidh ag péinteáil, agus ar dtús rinne sí cártaí deasa do chustaiméirí Everett, agus ansin thóg an siopadóir cúpla ceann chun díol sa siopa. Ansin, thosaigh sí ag péinteáil pictiúir níos leithne. Níorbh acmhainn di canbhás a cheannach, agus mar sin phéinteáil sí a pictiúir ar ‘Beaverboard’, atá cosúil le plástarchlár.  Cheannaigh custaiméir a fir chéile pictiúir uaithi, agus choimisiúnaigh sí Maudie chun pictiúr a phéinteáil di, ar chostas $5.  

Roimh i bhfad, bhí Maudie ag díol a pictiúir ón teachín, ar phraghas $5.

Clú agus Cáil  

Scríobh iriseoir alt fúithi agus faoina scéal suimiúil, agus níorbh fhada ina dhiaidh sin gur tháinig na ceamaraí teilifíse ón stáisiún náisiúnta i gCeanada, CBC. Chuir CBC Maudie faoi agallamh a chraoladh ar fud na tíre. Thosaigh níos mó agus níos mó daoine ag teacht chun a pictiúir a cheannach, agus go luath bhí an t-éileamh chomh mór sin go raibh uirthi pictiúir a dhíol nach raibh fós tirim!  Tháinig clú agus cáil uirthi ansin, ach in ainneoin sin bhí Everett agus Maudie bocht go leor. Ní raibh leictreachas ná uisce reatha acu ach bhí Everett agus Maudie sásta lena saol ina ainneoin sin.

Sin cnámharlach an scéil, agus níor roinn mé gach rud leat ar eagla an scéal a mhilleadh!  

Conclúid  

Molaim duit an scannán seo gan aon agó!

Tá an aisteoireacht thar barr, agus róil dhúshlánacha ag Sally Hawkins agus Ethan Hawke araon, mar Maudie agus Everett.

Stiúrthóir Éireannach darb ainm Aisling Walsh a rinne an scannán. Rugadh Aisling i mBaile Átha Cliath, agus rinne sí staidéar san Institiúid Ealaíne, Deartha agus Teicneolaíochta Dún Laoghaire. Tar éis sin, d’fhreastail sí ar an Scoil Náisiúnta Scannán agus Teilifíse i Sasana.  

Maidir leis an teachín, bogadh é go dtí Dánlann Nova Scotia i Halifax, mar is saothar ealaíne é an teachín féin! Tá 55 pictiúr Maudie ar taispeáint go buan ann freisin.

Ar an drochuair, ní bhfaighidh tú aon phictiúir Maudie ar $5 níos mó. Díoladh ceann dá cuidse ar ceant ar phraghas níos mó ná $125,000!

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

gaGaeilge