Léigh mé leabhar le déanaí darb ainm “Nomadland: Surviving America in the Twenty-First Century scríofa ag Jessica Bruder agus b’oscailt súl cheart dom a bhí ann. Bhí mé dall ar fad faoin lucht fáin seo sa Mheiriceá a bhfuil cónaí orthu ina bhfeithiclí campála agus iad ag lorg obair shéasúrach i gcónaí chun greim a choinneáil faoin bhfiacail. Is deacair dóibh an saol é ar an mbóthar, agus go minic ba throm an chros a leag an chinniúint orthu. De ghnáth, is seandaoine atá i gceist agus bíonn cúiseanna éagsúla acu a chuir brú orthu ré nua a dhéanamh ina saolta.  

An Leabhar

Sa leabhar, cuirtear béim ar cheisteanna móra na linne maidir leis an dream daoine ar ghá dóibh cónaí ina veaineanna agus iad ag dul ó áit go háit ag lorg obair shéasúrach. Is í easpa líontáin sábhála dóibh an phríomhchúis le drochdhóigh mar sin a bheith orthu. Úsáideann an t-údar an leabhar chun solas uilíoch a scaladh ar sciar maith den daonra nach dtugtar aird air de ghnáth – na daoine dofheicthe a líonann na boscaí i nduibheagáin na dtrádstóras Amazon, lonnaithe in áiteanna iargúlta sna Stáit Aontaithe. Is leabhar deoirshilteach go maith é seo, agus ní raibh mé in ann é a leagan síos go dtí go raibh sé críochnaithe agam.

An Scannán

Nuair a chuala mé go seolfar scannán bunaithe ar an leabhar, níl sé deacair a shamhlú cé chomh sásta agus a bhí mé. Tá an scannán díreach eisithe ar sheirbhís fís-sruthú i Meiriceá agus beidh sé ar fáil in Éirinn i mí an Mhárta. De ghnáth, nuair a fheicim scannán bunaithe ar leabhar atá léite agam, tagann díomá orm, mar níl sé ar chomhchaighdeán leis an leabhar. Tuigim é sin, mar caithfidh a lán píosaí teacht le chéile go maith ionas go mbeidh scannán iontach ann. Go háirithe, tá sé an-tábhachtach scríbhneoir scripte agus aisteoirí iontacha a bheith páirteach. Ní tharlaíonn an draíocht sin go minic, ach nuair a tharlaíonn is fiú an tairbhe an trioblóid, gan ceist ar bith. I mo thuairim, bhí an scannán lán chomh maith leis an leabhar agus b’fhéidir níos fearr ar bhealaí áirithe.

Saothar ficsin is é an scannán, bunaithe ar shaothar neamhfhicsean. Sa scannán, is ar dhaoine agus an dáimh ar leith a fhásann eatarthu a chuirtear an bhéim. Nuair a scríobh Chloé Zhao an script, chruthaigh sí an príomhcharachtar Fern (Francis McDormand) agus cúpla carachtair eile freisin, cosúil le deirfiúr Fern (Melissa Smith) agus fear darb ainm Dave (David Strathairn) a bhfuil suim rómánsúil aige i bhFern. Mheasc Zhao a carachtair ficseanúla isteach leis na fíor-charachtair ar scríobh Jessica Bruder fúthu ina leabhar Linda May, Swankie agus Bob Wells.

Sa tslí sin, d’fhigh Zhao go leor snáitheanna ina chéile chun insint chomhleanúnach a sholáthar. Oibríonn an cur chuige sin go hiontach sa scannán. Dála an scéil, is í Zhao stiúrthóir an scannáin freisin agus déanann sí sárjab sa ról sin. Idir a scríbhneoireacht agus a stiúrthóireacht, cruthaíonn Zhao scannán tarraingteach ina bhfuil an fíorscéal fite fuaite go saoráideach leis an bhfinscéal. Cé go ndearna Zhao sárjab, is í Francis McDormand réalta an léirithe seo, agus tógann a scileanna araon an scannán seo go dtí an leibhéal is airde.

Sa scannán, críochnaigh an saol suaimhneach a bhí ag Fern in Empire, Nevada nuair a tháinig cúpla cor gan choinne sa scéal. Ar dtús, dúnadh an mhonarcha ghipsim sa bhaile, agus leis sin fuair an baile féin bás tobann laistigh de sé mhí. Agus murar leor é sin, fuair a fear céile bás freisin. Ní mór di imeacht ar thóir oibre ansin agus ní raibh de rogha aici ach cónaí ina veain. Buaileann Fern le daoine eile ag maireachtáil sa tslí chéanna, Linda May, Swankie agus Bob san áireamh agus diaidh ar ndiaidh nochtar a scéalta suimiúla truamhéalacha dúinn.

Mealltar isteach muid gan mhoill agus bíonn comhbhá againn leis na carachtair go léir roimh i bhfad. Tugann an scannán seo an-léargas dúinn faoin dream mí-ámharach seo, saghas aos seachanta caite i leataobh ag an tsochaí i gcoitinne, agus ag deireadh an lae bíonn orainn ceisteanna deacra a chur orainn féin faoinár gcuid luachanna. Tapaigh an deis chun an scannán seo a fheiceáil a luaithe is a bheidh sé ar fáil, agus idir an dá linn cad chuige nach léifeá an leabhar féin?

.

       

.

.

    

.

.

gaGaeilge