Cheap mé go dtaitneodh an scannán ‘Oppenheimer’ go mór liom. Bhí foinse shaibhir tallainne páirteach sa scannán: an stiúrthóir and scríbhneoir cáiliúil Christopher Nolan, gnáthdhíorma aisteoirí– Cillian Murphy, Emily Blunt, Matt Damon agus Robert Downey Jr. san áireamh. Bhí ‘Oppenheimer’ ar chuid de na scannáin is mó a thug airgead isteach anuraidh timpeall billiún dollar, méid a chuir an scannán seo sa tríú háit, taobh thiar de ‘Barbie’ agus ‘The Super Mario Bros. Movie’. Tá an scannán bunaithe ar leabhar a léigh Nolan faoi Robert J. Oppenheimer, darb ainm ‘American Prometheus’. Rinne Nolan staidéar domhain ar Oppenheimer agus chuaigh a scéal go mór i gcion air.

Ba é an rud a theastaigh uaim a dhéanamh ná an lucht féachana a chur in aigne agus taithí an duine a shuigh i gceartlár an aistrithe is mó sa stair. Is é J. Robert Oppenheimer an duine is tábhachtaí a mhair riamh. Mhúnlaigh sé an domhan ina mairimid, bíodh sé maith nó olc,” a dúirt Nolan ag míniú cad a bhí ar intinn aige sa phróiseas cruthaitheach.

Gan dabht, duine tábhachtach ba ea Oppenheimer, a bhí mar stiúrthóir ar Shaotharlann Los Alamos le linn forbairt an bhuama adamhaigh ó 1943-1945, agus a thugtar “athair an bhuama adamhaigh” air.  Gan dabht ar bith, mar a dúirt Oppenheimer féin bhí ‘fuil ar a lámha’ nuair a scaoileadh buamaí adamhaigh ar Heroshima agus Nagasaki sa tSeapáin.

An Scannán

Ag tús an scannáin, feiceann tú an teideal: “Ghoid Proiméitéas ó na déithe agus thug sé don chine daonna é. Dá bharr sin, bhí sé ceangailte le carraig agus céasadh é ar feadh na síoraíochta.” Is ón miotaseolaíocht Gréigise a fuarthas an sliocht seo, agus is réamh-mhacalla é maidir le cad a tharlódh sa tSeapáin, a bhuíoch den obair a rinne Oppenheimer agus a fhoireann i Los Alamos.

Tugann an fhógraíocht le tuiscint gur scannán faoi Oppenheimer agus a ról i bhforbairt an bhuama adamhaigh i Los Alamos atá ann.  Cé go bhfaighimid sracfhéachaint ar an scéal sin ó am go ham – go príomha nuair a phléascann siad an chéad bhuama adamhaigh i New Mexico i 1945, níl an bhéim dírithe ar scéal an bhuama go láidir. Is é Los Alamos an cúlra ina n-insítear na trí phríomhscéal sa scannán: saol rómánsúil Oppenheimer, iarrachtaí naimhde Oppenheimer a imréiteach slándála a tharraingt siar tar éis an chogaidh, agus éisteachtaí Comhdhála na Stáit Aontaithe faoi iarrthóireacht Lewis Strauss do phost mar chomh-aire uachtaránachta, agus an tionchar a d’imir an nasc idir Strauss agus Oppenheimer ar an bpróiseas sin. Caithfidh mé a rá gur mealladh isteach mé ag súil le rud amháin ach gur tugadh rud eile dom, nach raibh mórán spéis agam ann.

Dá bhrí go raibh trí scéal á insint sa scannán, agus go raibh siad curtha in iúl dúinn ar nós míreanna mearaí, ó thaobh sil, ó thaobh áit agus ó thaobh ama, cuireadh saghas fuiplaisce orm, agus bhí mé trína chéile uaireanta faoi cad a bhí ar siúl. Cailleadh ‘tempo’ agus inthuigtheacht freisin dá bhrí sin.  I mo thuairim, bheadh sé i bhfad níos fearr scéal amháin a insint – scéal Oppenheimer agus forbairt an bhuama adamhaigh, agus é a insint in ord ama. Leath den am, ní raibh cliú agam cén bhliain a bhí i gceist, nó cé a bhí i gceist ach an oiread. Bhí eolaithe cáiliúla le feiscint sa scannán nach raibh a fhios againn cé hiad go dtí níos déanaí.

Conclúid

I mo thuairim, ní scannán iontach é ‘Oppenheimer’ ach tá corr-rud maith ann. Is scannán é le déantóir scannán, ach teipeann sé leis an ngnáthdhuine. Chomh maith le gach rud thuasluaite, ní raibh an dóthain meas ná aird tugtha do na mílte sibhialtaigh neamhchiontacha ar ghalaigh na buamaí iad.   Dar ndóigh, tá go leor sa tSeapáin ag fulaingt fós de dheasca na mbuamaí sin. Is páirt mhór den scéal iad sin go léir, idir bheo agus mharbh. Is scannán gann ar an bhfírinne é aon scannán a mhaítear go bhfuil sé faoi Oppenheimer, nach bhfuil ach tagairt fhánach ann do na daoine bochta a n-imríodh forneart marfach uafásach orthu.

.

.

.

gaGaeilge