Léirmheas: The Banshees of Inisherin!
Is teacht le chéile é an scannán seo don stiúrthóir Martin McDonagh agus na réaltaí scannán Colin Farrell agus Brendan Gleeson. D’oibrigh siad le chéile ar an scannán cáiliúil ‘In Bruges’ sa bhliain 2008, scannán a raibh an-ráchairt air.
Cúlra
I mbéaloideas na hÉireann, is í bean sí (banshee) an té a bhíonn ag screadach chun a chur in iúl go bhfaighidh duine muinteartha bás go luath. Bíonn seanbhean (Mrs. McCormack), a chuireann bean sí i gcuimhne dúinn, le feiceáil minic go leor sa scannán seo, ag tuar go bhfaighidh duine muinteartha bás go luath.
Tá tírdhreach fiáin mar chúlra taibhseach sa scannán. Rinneadh scannánú air ar an láthair ar Inis Mór agus ar Acaill.
Bhí cogadh na gCarad ar siúl ag am an scéil, agus chualathas buamaí ag pléascadh agus gunnaí á scaoileadh ó am go ham ar an mórthír. Bhí mé ag feitheamh le cúrsaí an chogaidh a bheith ceangailte isteach sa scéal, ach níor tharla a leithéid. B’fhéidir nach raibh ann ach leid dúinn gur meafar a bhí sa scéal, ach más ea, ní raibh na cosúlachtaí idir an cairdeas sa scannán agus cogadh na gcarad an-láidir.
An Scéal
Tá Pádraic (Farrell) agus Colm (Gleeson) ina gcairde le fada ach de phreab, socraíonn Colm críoch a chur leis an gcairdeas sin. Tá sé tar éis éirí tuirseach dá gcomhrá sa teach tábhairne gach oíche, agus ba mhaith leis níos mó ama a chaitheamh ag cumadh agus ag seinm cheoil.
Mar sin, iarann Colm ar Phádraic fanacht amach uaidh. Ach níl sé éasca aon duine a sheachaint, mar níl ach teach tábhairne amháin ar an oileán, ina mbuaileann muintir na háite le chéile an t-am go léir. Is ceoltóir é Colm, agus bíonn sé páirteach sna seisiúin cheoil a tharlaíonn go rialta sa teach tábhairne céanna.
Feirmeoir beag is é Pádraic atá ina chónaí lena dheirfiúr i dteach a dtuismitheoirí nach maireann. Ba é Colm an t-aon chara amháin a bhí ag Pádraic, agus chasaidís le chéile gach oíche sa teach tábhairne. Fear mallintinneach is é Pádraic agus ní thuigeann sé i gceart cad atá á rá ag Colm.
As an uaigneas, tosaíonn Colm ag caitheamh níos mó ama le Dominic (Barry Keoghan), páiste a chuireann isteach ar gach duine ar an oileán ach a mbíonn trua acu dó mar bíonn a athair, póilín an oileáin, maslach do gach duine, a mhac san áireamh.
Nuair a fheiceann Pádraic Colm ag comhrá le Dominic sa teach tábhairne, níl sé sásta agus déanann sé iarracht a bheith cairdiúil leis. Éiríonn Colm crosta agus bagraíonn sé mura bhfágann Pádraic leis féin é, go ngearrfaidh sé amach méar amháin ar a lámh chlé gach uair a labhraíonn Pádraic leis.
Níl a fhios ag éinne an bhfuil sé ag magadh nó nach bhfuil, agus níl mé chun a insint duit anois cad a tharlaíonn tar éis sin sa scannán ar eagla gur milleadh scéil a bheadh i gceist!
Stiúrthóireacht agus Cineamatagrafaíocht
Stiúrthóir den chéad scoth is é Martin McDonagh, fear i mbarr a chumais, agus léiríonn an scannán seo cé chomh maith is atá sé ag a cheird. D’aimsigh McDonagh an chothromaíocht cheart idir an greann agus an tragóid, agus d’oscail sé an doras beagáinín idir fíorscéal agus finscéal, idir cairdeas agus naimhdeas, idir grá agus gráin. Cuireann McDonough béim ar na príomhcharachtair agus taispeánann sé a dtréithe dúinn, ní hamháin le comhrá ach go háirithe lena ngothaí gnúise.
Aisteoireacht
Thug Farrell agus Gleeson taispeántas den scoth dúinn, agus ní dóichí go mbeadh aon aisteoirí eile chomh cumasach agus atá siad mar Pádraic agus Colm. Réitíonn siad go hiontach le chéile, agus thug siad an lá leo sa scannán seo. Tá Siobhán (Kerry Condon) go hiontach freisin ina ról mar dheirfiúr Pádraic, duine an-chliste a d’fhan sa bhaile chun aire a thabhairt ar a deartháir.
Conclúid
Tar éis dom an scannán a fheiceáil, bhí saghas míshuaimhnis orm. Níor cuireadh clabhsúr ceart ar an scannán, mar bhí roinnt ceisteanna nach bhfuarthas freagra orthu. Ceapaim go mbeadh sé níos deacra do dhaoine nach Éireannaigh iad an plota a thuiscint, gan an comhthéacs stairiúil in Éirinn ag an am a bheith ar eolas acu. Bíodh sin mar atá, tá go leor sa scannán atá thar barr – an aisteoireacht, na radhairc fhiáine agus an chineamatagrafaíocht san áireamh.
Tá tionchar an stiúrthóra Quentin Tarantino le feiceáil go soiléir, i mo thuairim, leis an idirghníomhú idir an foréigean gan cúis agus an greann dóite. Cé nach bhfuil mise róthógtha leis an seánra sin – saghas avant-garde atá i gceist, má thaitníonn an seánra sin leat, bainfidh tú sult as an scannán. Seachas sin, ná bac leis!