Litir ó Mheiriceá – Aird an domhain ar Mhinneapolis
Ní bhaineann an méid atá ag tarlú i Minneapolis le déanaí le hinimirce mhídhleathach amháin. Is tástáil struis ar dhaonlathas Mheiriceá é, le hiarmhairtí a théann i bhfad níos faide ná cathair amháin, stát amháin, ná fiú tír amháin.
Maraíodh beirt shaoránach Mheiriceánaigh tar éis teagmhálacha le gníomhairí feidearálacha le linn agóidí a léiríonn finnéithe agus fístaifeadtaí mar agóidí síochánta. Ní raibh taifead coiriúil ag ceachtar acu. Sa dá chás, chuir oifigigh shinsearacha feidearálacha an lipéad “sceimhlitheoirí baile” orthu beagnach láithreach, sular deineadh aon imscrúdú neamhspleách agus gan aon fhianaise a chur os comhair an phobail. Sa dá chás freisin, insíonn físeáin fóin scéal atá éagsúil go bunúsach ón leagan oifigiúil.
Mar a chonacthas le déanaí leis an mbrú a chuir Stáit Aontaithe Mheiriceá (SAM) ar an Danmhairg maidir leis an nGraonlainn, ní ceist intíre amháin í cobhsaíocht pholaitiúil Mheiriceá. Nuair a lagaítear noirm dhaonlathacha i Washington, braitear na hiarmhairtí i bhfad is i ngar. Braitheann tíortha ar an gcóras idirnáisiúnta a bheith i bhfeidhm agus ar gach mórchumhacht cloí lena dualgais. Do thíortha cosúil le hÉirinn, a bhfuil a leasanna eacnamaíocha agus slándála ceangailte go dlúth le cobhsaíocht Mheiriceá, is bagairt phraiticiúil í an creimeadh seo.
Agóidí Síochánta
Agóidí síochánta a bhí ar shráideanna Minneapolis. Bhí an slua ag spalpadh manaí. Cháin siad gníomhairí feidearálacha ó Phatról Teorann na Stát Aontaithe (CBP) agus ó Fhorfheidhmiú Inimirce agus Custam (ICE). Rinneadar fístaifeadtaí ar a gcuid fón. Is gníomhaíochtaí dleathacha iad seo ar fad, cosanta faoin gCéad Leasú ar Bhunreacht SAM.
Ina ainneoin sin, léiríonn na fístaifeadtaí go soiléir gur fhreagair na gníomhairí feidearálacha le fórsa. Úsáideadh sprae piobair agus deoirghás. Úsáideadh bataí. Cuireadh daoine go talamh, cuireadh ceangail phlaisteacha orthu, agus tugadh faoi choimeád iad i gcoinne a dtola, in ainneoin nach raibh aon fhianaise ar ionsaí fisiciúil ó lucht na hagóide.
Marú Alex Pretti
Mhaígh oifigigh fheidearálacha ar dtús gur ionsaigh Alex Pretti gníomhairí feidearálacha agus gunna aige. Ní thacaíonn na fístaifeadtaí leis an dearcadh sin ar chor ar bith.
Bhí Pretti ag iompar gunna faoi cheilt go dleathach agus bhí na ceadanna riachtanacha aige. Níor tharraing sé an gunna.
Chonaic Pretti bean i dtrioblóid tar éis do ghníomhaire í a bhrú chun talaimh agus í a spraeáil le sprae piobair. Bhí sé ag iarraidh cabhair a thabhairt di. Spraeáladh Pretti féin, cuireadh chun talaimh é ag seisear nó seachtar gníomhairí. Bhuail gníomhaire amháin é agus thóg gníomhaire eile a ghunna. Ansin, agus é ina luí gan chosaint ar an talamh, scaoil gníomhaire amháin urchair leis, agus ansin gníomhaire eile. Buaileadh deich n-uaire é agus fuair sé bás.
Tar éis an lámhaigh sin, níor daingníodh an láthair de réir ghnáthnósanna imscrúdaithe. D’imigh na gníomhairí, gan an láthair a chaomhnú ná fianaise a dhaingniú.
Bhí Pretti ag glacadh páirte in agóid shíochánta, gníomh a chosnaítear faoin gCéad Leasú an Bhunreachta. Bhí sé armtha go dleathach faoi dhlí an stáit agus faoin méid a thuig sé féin a bheith dleathach de réir an Dara Leasaithe. Ar an mbonn sin, ardaíonn na fístaifeadtaí ceisteanna tromchúiseacha faoi riachtanas agus comhréir an fhórsa mharfaigh a úsáideadh.
Marú Nicole Good
Lean bás Nicole Good patrún comhchosúil. Maraíodh í tar éis do ghníomhairí iarracht í a bhaint as a carr agus í ag iarraidh imeacht. Gan aon imscrúdú neamhspleách déanta, dúradh go hoifigiúil gur sceimhlitheoir a bhí inti, sular scrúdaíodh na fíricí go poiblí.
Arís eile, léiríonn fístaifeadtaí agus cuntais finnéithe bearna shoiléir idir an méid a dúradh go hoifigiúil agus an méid atá le feiceáil. Mar a tharla le Pretti, dhiúltaigh na húdaráis fheidearálacha cead a thabhairt do ghníomhairí stáit nó don FBI imscrúdú neamhspleách a dhéanamh, ag maíomh go mbeadh athbhreithniú inmheánach amháin ann. Mar is eol dúinn go léir, ní féidir le cuntasacht a bheith ann nuair a dhéanann na daoine a úsáideann fórsa imscrúdú orthu féin.
Fóin Chliste
Tá fóin chliste anois ar cheann de na huirlisí daonlathacha is tábhachtaí den ré nua-aimseartha. Nochtann siad aon chontrárthacht idir ráitis oifigiúla agus an méid atá le feiceáil sna fístaifeadtaí. Ligeann siad don phobal na himeachtaí a fheiceáil dóibh féin agus a mbreithiúnas féin a dhéanamh, gan brath ar ráitis oifigiúla amháin.
Mhol Gobharnóir Minnesota, Tim Walz, do dhaoine a bhfóin a iompar leo i gcónaí agus idirghníomhaíocht le gníomhairí feidearálacha a thaifeadadh. Is gníomh dleathach é seo. Cruthaíonn taifeadtaí fianaise bhuan ar féidir le cúirteanna, reachtóirí, iriseoirí agus an pobal iad a scrúdú níos déanaí.
Forlámhas gan Chuntasacht
Sa dá bhás, dhiúltaigh na húdaráis fheidearálacha imscrúdú neamhspleách a cheadú. Ag an am céanna, tá Gobharnóir Walz agus Méara Minneapolis faoi fhiosrúchán mar dhiúltaigh siad comhoibriú le CBP agus ICE, agus iad ag maíomh go raibh údarás an stáit agus cearta sibhialta á sárú.
Má leanann na cleachtais seo gan dúshlán, is dócha go leathnóidh siad. D’fhéadfadh cathracha eile a bheith thíos leo. D’fhéadfadh gníomhairí feidearálacha a bheith imlonnaithe le linn tréimhsí toghcháin, ag cur brú ar vótálaithe faoi leithscéal slándála. Is annamh a fhanann creimeadh cearta sibhialta teoranta d’áit amháin.
Níor thosaigh réimeas údarásach na Gearmáine, an Aontais Shóivéadaigh ná na Síne le dúnmharuithe ar scála mór. Thosaigh siad le heasaontóirí a chur i láthair mar namhaid agus le héilimh ar chách cloí in ainm an ordaithe.
Freagra
Níl muintir Mheiriceá gan chumhacht. Is féidir leo agóidí síochánta a eagrú. Tá vótaí acu sna toghcháin. Tá fóin acu. Is féidir leo brú a chur ar ionadaithe tofa agus cuntasacht a éileamh.
Tá ról ag an bpobal idirnáisiúnta freisin. Léirigh iarrachtaí SAM le déanaí ar chomhéigean geopholaitiúil, lena n-áirítear brú maidir leis an nGraonlainn, go n-oibríonn cur i gcoinne comhordaithe. Thaispeáin freagraí aontaithe ón Aontas Eorpach agus ó Cheanada cad is brí le dlúthpháirtíocht dhaonlathach, gan dul i muinín teannais ná bagairtí.
Is léir anois go bhfuil an córas idirnáisiúnta ag athrú. I bhfianaise na bhforbairtí seo, tá sé réasúnach do thíortha beaga athmhachnamh a dhéanamh ar a spleáchas agus ar a straitéisí amach anseo, agus súil ghéar a choinneáil ar chúrsaí daonlathais.




