Litir ó Mheiriceá – Dearcadh Hanrahan agus na Poblachtánaigh!
Níl dabht ar domhan ach go bhfuil Dearcadh Hanrahan imithe go smior na gcnámh ionainn anseo i Stáit Aontaithe Mheiriceá, nó nach cuma cén ghné de na meáin chumarsáide a thagann faoi do shúil, is féidir leat a bheith cinnte, nach fada go gcloisfidh tú an gháir chatha seo nó a mhacasamhail á chanadh ag duine éigean ón bPáirtí Poblachtánach, ag eisiúint rabhadh dian faoi cad a tharlóidh mura mbeidh an bua sa toghchán uachtaránachta ag Trump/Vance...
“We’ll all be ruined (said Hanrahan),
Before the year is out.”
Bí ag caint ar dhearcadh diúltach!
Mar is eol do mhadraí na sráide, tá Stáit Aontaithe Mheiriceá (SAM) sáite go dtí na cluasa i mbréageolas i láthair na huaire seo agus má theastaíonn uainn teacht slán as an mbogach sin de shlogaide ina bhfuil muid gafa, níl an dara rogha againn ach teacht ar ár gciall, nó ní neart go cur le chéile. Nach gá dár bpolaiteoirí an fhírinne a rá amach go neamhbhalbh, agus a bpleananna a nochtadh chun cúrsaí a fheabhsú sa tír? Ach, in ionad sin, tá baill an Pháirtí Poblachtánach ag obair go dian, ní chun miotais agus bréageolas diúltacha a bhréagnú agus a shárú, ach chun iad a chumadh agus a scaipeadh! Chuile sheans a fhaigheann Donald Trump agus a chomhghleacaithe, bíonn siad ag roinnt dearcaidh dhiúltaigh faoi Reachtas Joe Biden agus faoin bPáirtí Daonlathach in ard a gcinn is a ngotha.
“Millfear sinn uilig má vótáiltear ar son Kamala Harris sa toghchán uachtaránachta atá le teacht. B’fhearr dúinn dul slí eile ar fad, más uainn teacht slán as an bpoll slogaide seo ina bhfuil muid sáinnithe ag Joe Biden agus Kamala Harris faoi láthair.”
Anois, tuigtear dúinn uilig gur gá do Donald Trump, JD Vance agus baill a bPáirtí iad féin a chur chun cinn, agus an taobh eile a lochtaigh. Ach bíonn siad ag caitheamh maslaí gránna pearsanta le Harris agus Walz an t-am go léir. Bíonn siad ag rá rudaí nach bhfuil fíor ina n-aghaidh freisin. Agus ní admhaíonn Trump nó Vance gur chaill Trump an toghchán uachtaránachta deireanach. Agus níl plean dá laghad acu, ach an oiread.
Seo sampla de chúpla rud atá á rá ag Donald Trump le déanaí agus é i mbun feachtais:
Madraí agus Géanna
Sa díospóireacht uachtaránachta idir Trump agus Harris, dúirt Trump, agus 67 milliún duine ag féachaint: “I Springfield tá siad ag ithe madraí,” ag tagairt do chathair Ohio ina bhfuil go leor inimirceach dleatheach as Háítí ina gcónaí. “Tá siad ag ithe na gcat. Tá siad ag ithe … peataí na ndaoine atá ina gcónaí ann. Agus seo a bhfuil ag tarlú inár dtír, agus is mór an náire é.” Tamall ina dhiaidh sin, cuireadh ceist air le linn agallaimh ar Fox TV ag iarraidh cén fáth nach n-admhódh sé nach raibh a leithéid ar siúl. “Níl a fhios agam an bhfuil sé sin fíor ná nach bhfuil. Cad faoi na géanna? Cad a tharla ansin? Tá siad go léir ar iarraidh.”
FEMA
Bíonn dualgas ar an nGníomhaireacht fheidearálach um bhainistíocht éigeandála (FEMA) fóirithint anachaine a sholáthar do phobail buailte le tubaistí uafásacha (tuillte, hairicíní, creathanna talún agus a leithéid). Tar éis Hairicín Helene, bhí lucht oibre FEMA ar an láthair go tapa, ag déanamh gach ruda arbh fhéidir leo chun cabhair a thabhairt dóibhsean a bhí buailte go dona ag an hairicín. Ach dúirt Trump arís is arís eile nach raibh aon airgead ag FEMA chun cabhair a thabhairt do na híospartaigh.“Chaith siad go leor airgid ag tabhairt isteach inimircigh mhídhleathacha…Níl aon airgead acu do dhaoine a bhfuil cónaí orthu anseo,” arsa Trump. “Tá an t-airgead caite acu ar na hinimircigh mhídhleathacha.”
Gadaithe siopa
Ag labhairt ag slógadh i Pennsylvania le déanaí, dúirt an t-iar-uachtarán Trump gurb é an eochair chun coireanna cosúil le gadaíocht siopa a chosc ná cead a thabhairt do na póilíní na gadaithe a bhualadh. “Dá mbeadh lá fíor-fhoréigneach amháin agat…uair an chloig garbh, agus is é atá i gceist agam ná fíor-gharbh, scaipfeadh an nuacht agus chríochnódh sé láithreach.”
An namhaid laistigh
Is údar mór imní é an méid atá le rá ag Trump faoi shaoránaigh a dtíre féin. Seo a dúirt sé ar ‘Fox News’ le déanaí. “Tá roinnt drochdhaoine againn. Tá roinnt gealt radacach na heite clé againn. Is dóigh liom go mbeadh sé an-éasca é sin a láimhseáil leis an nGarda Náisiúnta, nó más gá, leis an arm.” Agus dúirt sé in agallamh eile “Tá go leor drochdhaoine againn, ach nuair a fhéachann tú ar Shifty Schiff agus ar chuid de na cinn eile, sea, is iad, dar liomsa, na naimhde laistigh. Ceapaim gur namhaid laistigh í Nancy Pelosi.”
Conclúid
Tar éis na rudaí thuas a léamh (agus níl iontu ach cúpla sampla!), nach bhfuil sé deacair a chreidiúint go bhfuil aon seans ag Trump an toghchán uachtaránachta a bhua? Ach más cruinn na pobalbhreitheanna, tá Trump agus Harris gob ar ghob agus mar sin ní féidir an toradh a thuar. Dochreidte!
Dúirt iar-cheann foirne Trump, John F. Kelly, gur faisistí é Trump, dar le sainmhíniú an fhocail, agus go rialódh sé mar dheachtóir dá gceadófaí é, agus nach raibh aon tuiscint aige ar an mBunreacht ná ar choincheap smacht an dlí.
I mo thuairim féin, aontaím le Trump ar an namhaid laistigh – ach níl mé ag caint faoi Adam Schiff ná Nancy Pelosi, ach faoi Trump féin. Is é Trump an namhaid laistigh. Ach ní gá feidhm a bhaint as an nGarda Náisiúnta ná as an Arm chun é a chloí. Ar an dea-uair, tá sé ar ár gcumas é a chloí go síochánta agus go dleathach – ag an mbosca ballóide. Tá dualgas faoi leith ag na vótálaithe sna stáit chinniúnacha – Pennsylvania, Michigan, Nevada, Wisconsin agus North Carolina. Impím ar phobail na stát sin machnamh domhain a dhéanamh roimh a vótaí a chaitheamh – ní hamháin ar a son féin, ach ar son gach duine sa tír, agus faoina bhfuil i ndán don tír. Thaispeáin Trump a lámh cheana féin, agus dúirt sé cad a dhéanfadh sé mar uachtarán as seo amach. Le Trump mar uachtarán, seans maith nach mbeidh tír dhaonlathach againn níos mó. Is athrú dochúlaithe é Trump a chur in oifig – ná déan é!