Litir ó Mheiriceá – ‘Operation Absolute Resolve’

Ag breacadh an lae ar an 3 Eanáir 2026 i gCaracas, Veiniséala, tháinig deireadh tapa leis an oibríocht. D’ardaigh na héileacaptair. Tógadh Nicolás Maduro faoi choinneáil sna Stáit Aontaithe (SAM).

Tháinig mínithe éagsúla thar an deireadh seachtaine.

Ar dtús, ar an teilifís, d’áitigh Marco Rubio nach cogadh a bhí sa ruathar maidine, ach oibríocht a bhí dírithe go sonrach ar bharántas gabhála a fheidhmiú. Sa leagan seo den scéal, ní dhearna arm SAM ach cosaint a thabhairt d’oifigigh sa Roinn Dlí agus Cirt agus iad i mbun a gcuid oibre.

Cúpla uair an chloig ina dhiaidh sin, ar bord Air Force One, thug an tUachtarán Donald Trump míniú eile. Dúirt sé go mbeadh na Stáit Aontaithe “i gceannas” Veiniséala ar feadh tamaill. Bhogfadh comhlachtaí ola Mheiriceá isteach. Dheiseofaí an bonneagar. Thiocfadh toghcháin níos déanaí.

Bhí scéal Rubio agus scéal Trump ag teacht salach ar a chéile.

I gCaracas, d’fhan ciorcal órga Maduro ina n-áit. D’iarr Uachtarán gníomhach Veiniséala, Delcy Rodríguez, ar SAM comhoibriú le chéile.

Sa bhliain 2024, creideadh go forleathan gur bhuaigh iarrthóir an fhreasúra, Edmundo González, toghchán conspóideach in aghaidh an tsealbhóra oifige, Maduro. Léirigh pobalbhreith iarvótála a d’fhoilsigh an comhlacht Meiriceánach Edison Research go raibh González chun tosaigh ar Maduro 65% in aghaidh 31%. Mhaígh Maduro an bua, áfach, agus b’éigean do González dul ar deoraíocht sa Spáinn.

Sheas González i dtoghchán 2024 toisc go raibh cosc curtha ar cheannaire an fhreasúra, María Corina Machado, a bheith ina hiarrthóir. Thuill Machado ardmholadh idirnáisiúnta anuraidh nuair a bronnadh Duais Nobel na Síochána uirthi.

Go gairid tar éis oibríocht SAM Dé Sathairn, d’iarr Machado ar González “a shainordú bunreachtúil a ghlacadh láithreach agus go n-aithneofaí é mar ardcheannasaí.” I ráiteas, dúirt Machado go ndéanfadh a gluaiseacht “ord a athbhunú, príosúnaigh pholaitiúla a shaoradh, tír eisceachtúil a thógáil agus ár bpáistí a thabhairt ar ais abhaile.”

Ina phreasagallamh féin, áfach, chaith Trump drochmheas ar mhaíomh fhreasúra Veiniséala chun na cumhachta. Nuair a ceistíodh é go díreach faoi Machado, dúirt Trump le tuairisceoirí: “Ceapaim go mbeadh sé an-deacair di a bheith ina ceannaire. Níl an tacaíocht aici, níl meas uirthi laistigh den tír.”

Oibríocht phóilíneachta nó robáil armtha?

Ardaíonn sé sin ceist: Cén plean a bhí ag riarachán Trump sa chéad áit? Tá an réimeas lofa céanna i bhfeidhm fós, agus tá Trump in aghaidh buaiteoirí an toghcháin a chur i gceannas sa tír, mar ba chóir dó a dhéanamh. Mar sin, tá sé deacair straitéis chomhordaithe rialtas SAM a fheiceáil, rud is údar imní dúinn ar fad.

Rinne “oibríocht phóilíneachta” Rubio iarracht an ruathar a choinneáil laistigh de theorainneacha dlíthiúla aithnidiúla. Más forfheidhmiú dlí a bhí i gceist, ní gá dul i gcomhairle le Comhdháil SAM. D’fhéadfaí dlí idirnáisiúnta a sheachaint. Bheadh an gníomh neamhghnách ach srianta.

Phléasc míniú Trump an cur chuige sin as a chéile. Ní forfheidhmiú dlí é tír eile a rith chun a toibreacha ola a athoscailt; is forghabháil é faoi ainm eile, fiú mura bhfanann trúpaí ar an talamh. I rialtas SAM, bhí an ciúnas i gceannas, agus na Daonlathaithe a d’éiligh maoirseacht ón gComhdháil sáraithe ag na Poblachtánaigh a bhí ag lútáil os comhair réimeas Trump.

Le blianta fada, bhí an córas iarchogaidh ag brath ar SAM mar eiseamláir maidir le rialacha idirnáisiúnta a chomhlíonadh. Nuair a d’úsáid na Stáit Aontaithe neart cheana, bhí sé i gcomhar lena gcomhghuaillithe agus ag géilleadh do chomhaontuithe idirnáisiúnta.

Chuaigh Operation Absolute Resolve in aghaidh na ngnásanna seanbhunaithe sin. I Veiniséala, is í pairilis an toradh láithreach. Ceannaire curtha as oifig. Réimeas fágtha. Freasúra ar deoraíocht. Cumhacht fhorghabhála a áitíonn nach bhfuil sí ag forghabháil rud ar bith.

Cúis imní i dtíortha eile

I dtíortha eile, lean anailís go tapa tar éis na n-oibríochtaí Meiriceánacha. Rinneadh iarracht an t-athrú tobann seo a mhíniú, ní hamháin i dtéarmaí an tionchair orthu féin, ach ar an ord idirnáisiúnta atá á shárú go soiléir anois ag SAM.

I Havana, thuairiscigh meáin stáit Chúba gur maraíodh an iliomad pearsanra slándála de chuid Chúba le linn an ruathair, rud a dheimhnigh an méid a bhí á mhaíomh ag Washington le fada: go raibh Cúba ag tacú le réimeas Maduro a chosaint.

I mBogotá na Colóime, d’fhéach oifigigh ar an méadú ar longa chogaidh agus iompróirí aerárthaí SAM le himní. Tá bagairt déanta go hoscailte ag Trump ar Uachtarán na Colóime, Gustavo Petro, ag cur ina leith go raibh sé ag easpórtáil cócaoin go dtí na Stáit Aontaithe.

I gCóbanhávan, d’eisigh an Taoiseach Mette Frederiksen ráiteas ag impí ar na Stáit Aontaithe “stopadh leis na bagairtí” agus Trump ag rá arís gur gá dó an Ghraonlann a fháil, ar chúiseanna slándála. Ní raibh an Ghraonlainn, a dúirt sí, ar díol.

Bhí Trump tar éis labhairt faoin nGraonlainn cheana. Ach tar éis a rinne sé i Veiniséala, thuig an Danmhairg agus an Ghraonlainn gur bagairt thromchúiseach a bhí i gceist anois. I Nuuk, scríobh príomhaire na Graonlainne ar líne go raibh an reitric “go hiomlán do-ghlactha.” Bhí sé mícheart, freisin, a scríobh sé, an Ghraonlainn a nascadh le Veiniséala.

Sa Bhruiséil, chuir oifigigh Eorpacha béim ar idirdhealú. Bhí an Danmhairg ar bhaill bhunaidh NATO i 1949, i dteannta 11 tír eile, SAM san áireamh. Níl Veiniséala páirteach san eagraíocht sin. Tá rialacha difriúla ag baint le NATO, mar is comhghuaillíocht atá i gceist. Bheadh fadhbanna móra dá nglacfadh SAM seilbh ar bhallstát de chuid NATO, agus seans mór nach dtiocfadh NATO slán as sárú chomh tromchúiseach.

Bhí súil á coinneáil ag Ceanada ar chúrsaí freisin. Labhair Trump go neamhchúiseach cheana féin faoi Cheanada mar “an 51ú stát” ráiteas ar glacadh leis tráth mar aighneas gan iarmhairt. Tar éis Caracas, áfach, caithfidh rialtas Cheanada aird níos tromchúisí a thabhairt don bhagairt sin.

Impleachtaí tromchúiseacha

Ní chiallaíonn sé seo go mbeidh trúpaí Mheiriceá ar an talamh sa Ghraonlainn, sa Cholóim, nó i gCeanada amárach. Ní mar sin a oibríonn na hathruithe seo. Ach níl sa bhuaileam sciath seo ach an chéad chéim síos an bóthar sin. Mar sin, déanann tíortha laga a bhíonn faoi bhagairt iarracht iad féin a chosaint trí chomhghuaillíochtaí nua a bhunú le páirtithe níos láidre ná iad féin. Déanann comhghuaillithe athscrúdú ar a gcaidreamh le haon tír a sháraíonn rialacha idirnáisiúnta.

Tugann iomaitheoirí faoi deara go bhfuil argóint níos láidre acu ar son rialacha idirnáisiúnta a shárú freisin. Leis an dearcadh nua sin, bíonn cuma níos inghlactha ar ionradh na hÚcráine. Bheadh ionradh ar an Téaváin mar an gcéanna le hionradh ar Veiniséala. Nuair a bhriseann na comhaontuithe idirnáisiúnta síos maidir le ceannas an stáit, bíonn gach rud i mbaol. Éiríonn cúrsaí an domhain i bhfad níos éiginnte agus níos contúirtí. Ardaítear rioscaí cogaidh in iomlán, agus ní rud maith é sin.

Ceisteanna móra le freagairt

I Washington, tá ceisteanna móra le freagairt. Cad í Operation Absolute Resolve? Cad iad clocha míle na hoibríochta? An bhfuil oibríochtaí eile ag teacht?

Tá an mearbhall seo mar chuid den timpeallacht idirnáisiúnta. Ó Characas go Havana, ó Bhogotá go Cóbanhávan, tá rialtais ag dul i dtaithí, ní ar bheartas Mheiriceánach amháin, ach ar an neamhréiteach a bhaineann le beartais iomadúla nach réitíonn le chéile. Ní bheadh ach droch-chríoch air sin. Luath nó mall, ní mór don bhrainse comhionann rialtais SAM ar a dtugtar an Chomhdháil a cumhachtaí bunreachtúla a chur i bhfeidhm in ionad suí siar agus a cumhacht go léir a ghéilleadh don uachtarán agus dá chuid cairde.

Dá luaithe is ea is fearr.

 

gaGaeilge