Litir ó Mheiriceá - Toghchán Mór i Meiriceá!
Agus an colún seo á scríobh agam, tá toghchán na hUachtaránachta ar siúl i Meiriceá. Rinne mé staidéar domhain ar an gcóras rialtais atá anseo sna Stáit Aontaithe, sular chaith mé mo vóta féin. Roinnfidh mé achoimre de anseo, chomh maith le cúpla impleacht ag baint leis, a d’fhéadfadh a bheith an-tábhachtach, go háirithe má bhuann Trump an Uachtaránacht.
Montesquieu
Cé nár mhaith le go leor Meiriceánaigh é a admháil, ba é fealsamh ón Fhrainc darbh ainm Charles-Louis de Secondat, Baron de Montesquieu, a raibh an tionchar is mó aige ar bhunreacht na Stát Aontaithe. Smaoinigh Montesquieu ar struchtúr rialtais nua, a mhol sé mar ‘trias politica’nó ‘scaradh cumhachtaí’ ina leabhar cáiliúil “De l’Esprit des lois” (“Maidir le Brí Dlíthe”) foilsithe sa bhliain 1748. Sa leabhar sin, mhínigh sé go mbeadh sé níos fearr cumhachtaí rialtais a scaradh amach i dtrí pháirt: cumhacht reachtach, cumhacht bhreithiúnach agus cumhacht feidhmiúcháin. Leis an struchtúr sin, bheadh idir shrianta agus cheartúcháin sa chóras, ionas nach mbeadh aon pháirt amháin in ann an ceann is fearr a fháil ar aon pháirt eile. Chuir bunaitheoirí bhunreacht Mheiriceá an prionsabal sin i bhfeidhm nuair a dhear siad an rialtas feidearálach, ina bhfuil brainse reachtach (Comhdháil na Stáit Aontaithe – idir Theach na nIonadaithe agus Seanad), brainse breithiúnach (An Chúirt Uachtarach agus Cúirteanna Feidearálacha na Stáit Aontaithe) agus brainse feidhmiúcháin (Uachtarán na Stáit Aontaithe agus a riarachán).
Na Toghcháin Fheidearálacha eile
Fuair mé mo bhallóid cúpla seachtain ó shin, agus caithfidh mé a rá go raibh obair le déanamh agam chun mo roghanna a shocrú. Chomh maith le toghchán na hUachtaránachta a bhfuil clú agus cáil air, tá go leor toghcháin eile ar siúl ag an am céanna. Tá córas céimlathach sna Stáit Aontaithe, agus leibhéil iomadúla ann (Feidearálach, Stáit, Contae, Cathair). Ach fiú maidir leis na toghcháin fheidearálacha, tá gach suíochán i dTeach na nIonadaithe (435) agus 33 (as 100) suíochán sa Seanad ar an mballóid ar bhonn náisiúnta. Chomh maith le vóta ar son an Uachtaráin, beidh mé in ann mo vóta a chaitheamh ar son Seanadóra i gCalifornia agus ar son Ionadaí (i dTeach na nIonadaithe) i mo cheantar Comhdhála.
Córas Dhá Pháirtí
Is córas dhá pháirtí (an Páirtí Daonlathach agus an Páirtí Poblachtánach) é an córas rialtais sna Stáit Aontaithe, rud a tharla de thaisme agus ní d’aon ghnó. Sa Seanad agus i dTeach na nIonadaithe araon, bíonn níos mó cumhachta ag an bPáirtí leis an tromlach. Rud tábhachtach é sin, mar ní ritear aon reachtaíocht gan faomhadh an dá Theach (idir Theach na nIonadaithe agus an Seanad), agus faoi dheireadh faomhadh an Uachtaráin. Sin an fáth go bhfuil sé deacair reachtaíocht a rith sna Stáit Aontaithe. Cheapfá dá mbeadh an Uachtaránacht agus an tromlach sa dá Theach ag Páirtí amháin (mar a tharlaíonn ó am go ham agus a d’fhéadfadh tarlú sa toghchán seo), go mbeadh sé éasca ansin reachtaíocht a rith. Ach fiú sa chás sin, níl sé ró-éasca. Cé nach bhfuil ach tromlach simplí (níos mó ná leathchuid) ag teastáil i dTeach na nIonadaithe, de ghnáth is gá ollthromlach (60 Seanadóir as 100) a bheith i bhfabhar reachtaíocht sa Seanad roimh a shéala formheasa a chur uirthi. Ní minic a bhíonn, ar a laghad, 60 Seanadóir as Páirtí amháin suite sa Seanad. Mar sin, bíonn na Seanadóirí as Páirtí an mhionlaigh sa Seanad in ann athruithe suntasacha a éileamh i reachtaíocht roimh a mbeannacht a thabhairt di. Tá próiseas foirmiúil ann chun athruithe mar sin a phlé, in iarracht comhaontú a fháil sa Chomhdháil ar an reachtaíocht a bhí molta. Má shroicheann an Comhdháíl comhaontú ar reachtaíocht athraithe, is gá an reachtaíocht nua sin a chur tríd an bpróiseas faofa arís ón tús. Má ghlactar leis an reachtaíocht nua sin sa dá Theach, tá deis fós ag an Uachtarán í a chrosadh. Cé gur féidir leis an Chomhdháil cros Uachtaránachta a shárú, tá sé sin an-deacair a dhéanamh, agus is annamh a tharlaíonn sé.
Impleachtaí?
De réir na bpobalbhreitheanna, tá na trí rás fheidearálacha gob ar ghob, idir an dá Theach sa Chomhdháil agus an Uachtaránacht. Is toghchán ait é an toghchán Uachtaránachta, mar is féidir le hiarrthóir amháin an bua a fháil fiú má fhaigheann an t-iarrthóir eile tromlach na vótaí. Is féidir é sin a tharlú, mar úsáidtear próiseas roghnaithe darb ainm ‘coláiste toghcháin’. Próiseas casta atá i gceist nach bhfuil go hiomlán ionadaíoch, ar an drochuair. Níl spás agam an próiseas casta seo a phlé anseo, ach tá an próiseas seo luaite i mbunreacht na tíre, agus dá bhrí sin tá sé an-deacair é a athrú (rinneadh timpeall 700 iarracht é a athrú suas go dtí seo). Mar iarmhairt an phróisis sin, ní fiú uisce na gcos mo vóta Uachtaránachta anseo i gCalifornia agus beidh na daoine sna ‘Stáit chinniúnacha’ ag roghnú an Uachtaráin don tír ar fad. Sin iad na Stáit i gceist: Arizona, Georgia, Michigan, Pennsylvania, Wisconsin, North Carolina agus Nevada. Ach caithfidh mé mo vóta ar son Kamala Harris, beag beann ar thionchar mo vóta ar an toradh.
Ach, agus is é seo mo phointe lárnach, tá mé in ann mo vóta a chaitheamh ar son Seanadóra sa Seanad agus ar son Ionadaí i dTeach na nIonadaithe. Agus déanfaidh mo vóta difríocht maidir leo siúd. Tá Adam Schiff (Daonlathach) ag seasamh in aghaidh Steve Garvey (Poblachtánach) sa toghchán Seanadóireachta i gCalifornia, agus de réir na bpobalbhreitheanna seans maith go mbeidh an bua ag Schiff. Cabhróidh mé leis sin ar aon nós agus caithfidh mé mo vóta ar a shon. Dála an scéil, is fuath le Trump Schiff (‘shifty Schiff’ a dtugann sé air) agus leis sin, tá mo dhóthain údair agam vótáil ar son Schiff!
Maidir le Teach na nIonadaithe, tá mé sa 49iú ceantar Comhdhála, ina bhfuil an tIonadaí in oifig faoi láthair, Mike Levin (Daonlathach), in iomaíocht le Matt Gunderson (Poblachtánach). Cé go bhfuil Mike Levin chun cinn sna pobalbhreitheanna, tá Matt Gunderson ag feabhsú a rátáil. Caithfidh mé mo vóta ar son Levin, agus gan dabht vóta tábhachtach é seo. Cén fáth? Bhuel, dá mbeadh na Daonlathaithe in ann formhór a bhaint amach i dTeach na nIonadaithe, bheidís in ann bac a chur ar reachtaíocht nach n-aontaíonn an Páirtí Daonlathach leis – is cuma an bhfuil Trump in oifig mar Uachtarán nó an bhfuil formhór sa Seanad ag na Poblachtánaigh. Ní móide go mbeidh 60 Seanadóir Poblachtánaigh sa Seanad, agus mar sin, beidh na Daonlathaithe in ann bac a chur ar reachtaíocht sa Seanad freisin, más gá.
Conclúid
Cé nach bhfuil guth agam sa toghchán Uachtaránachta, tá guth agam maidir le Seanadóir sa Seanad agus le hIonadaí i dTeach na nIonadaithe, agus déanann sé difríocht mhór cén líon Daonlathaithe atá sa Seanad agus i dTeach na nIonadaithe. Mar sin, tá guth indíreach agam faoin méid cumhachta a bheadh at Trump, dá mbeadh an bua aige. Bainfidh mé lántairbhe as mo vóta mar sin, in iarracht an daonlathas a chaomhnú sa tír seo. Agus do dhaoine in Éirinn, déarfaidh mé é seo: dá dtoghfaí Trump mar Uachtarán Mheiriceá, ní hé sin le rá go mbeidh cumhacht neamhshrianta aige – ní bheidh! Cé gur rud frustrachas go minic dúinn i Meiriceá athruithe a bhrú ar aghaidh sa rialtas feidearálach, dá mbeadh Trump in oifig agus é ag iarraidh a bheith ina dheachtóir, ba rud maith é sin. Bheadh sé deacair, fiú do Trump, athruithe a chur i bhfeidhm, beag beann ar cén Páirtí atá i gcumhacht sa Seanad agus i dTeach na nIonadaithe! Ach bímis ag súil nach mbeidh an deis sin aige sa chéad áit, cé go mbeadh fadhbanna eile le réiteach ansin!