Machnaimh ón Nead

.

Féiniúlacht caillte

i dtomhaltas forleathan

Buaileann an pandéim

.

Neadaithe sa bhaile

An domhan ina stad ar fad

Am é le machnamh

.

Ná bí ag deifriú

Dhá thrian moille le deifir

Bain ceol as an saol

.

.

.

.

.

Reflections from the Nest

.

Identity lost

in rampant consumerism

The pandemic hits

.

Sitting in our homes

The world is at a full stop

A time to reflect

.

Stop rushing about

Making all heat and no light

Appreciate life

.

.

.

Is aoibhinn liom an fhoirm fhileata a thugtar Haiku uirthi!  Thosaigh sé sa tSeapáin ag deireadh an

Seachtú haois déag. Ba é fear darb ainm Matsuo Basho a thosaigh é, agus lean mórfhilí eile é, cosúil le Kobayashi Issa, Masaoka Shiki, agus Yosa Buson. Le himeacht ama, scaip Haiku ar fud an domhain. Níl aon easpa na foirme seo in Éirinn, i mBéarla agus i nGaeilge araon.  Tá sé éasca go leor staidéar na foirme a dhéanamh ar an idirlíon, agus tá físeáin iontacha déanta ag Gabriel Rosenstock ar an ábhar. I mo thuairim, Haijin (sin mórfhile Haiku) is ea Gabriel, agus tá go leor leor dánta Haiku cumtha agus aistrithe aige, idir Ghaeilge agus Bhéarla.  Má tá suim agat, gúgláil ar ‘Gabriel Rosenstock’ agus gheobhaidh tú torthaí suimiúla ar ais.

Ar aon nós, agus mé neadaithe sa bhaile ar feadh míosa nó mar sin, thosaigh mé ag dul i dtaithí ar an saol nua atá agam ag an am éiginnte seo, nuair nach bhfuil a fhios againn cad atá i ndán dúinn.  Dúirt mé liom féin go bhfanfainn dearfach, mar ní bhíonn néal gan ghealán. Cheap mé go mb’fhéidir go mbeadh deis ar leith agam chun foghlama le linn na géarchéime atá ar siúl. Bhí an ceart agam go tréan. Lig dom é a sin a mhíniú!

Ag an nóiméad seo, fillfidh mé ar ais go dtí na dánta Haiku atá scríofa agam ag tús an ailt. Is as Gaeilge a scríobh mé iad agus ansin rinne mé an t-aistriúchán go Béarla. Bhí mé ag iarraidh taifead scríofa a dhéanamh ar céard a d’fhoghlaim mé agus mé sáinnithe sa bhaile le linn na géarchéime. Cheap mé gurb é an tslí is fearr cur síos achomair a chumadh ná trí dhánta. Cén sórt dánta? Haiku, dar ndóigh!  Chinn mé ar thrí chinn a scríobh, an chéad cheann ag baint leis an am atá caite, an dara ag baint leis an am i láthair, agus an tríú ag baint leis an am atá le teacht.

Sa chéad Haiku, is é atá i gceist ná cáineadh géar ar ár stíl beatha, stíl ar thosaigh i ndáiríre in Éirinn le flúirse na nóchaidí, nuair níor thuig glúin an Tíogair Cheiltigh an tíos. Stad an stíl sin le linn an chúlú eacnamaíochta a lean é, ach tháinig sé ar ais go tréan leis an téarnamh geilleagrach a thosaigh sa bhliain 2012.  Ní maith an rud barraíocht agus tháinig deireadh tobann leis, gan aon choinne. Tá impleacht sa tslí ar scríobh mé an Haiku seo, go mb’fhéidir gur díoltas brúidiúil a bhí ann.

Sa dara Haiku, táimid faoi dhianghlas sa bhaile. Fiú dá rachaimis amach, ní bheadh mórán le déanamh againn, mar tá beagnach gach rud dúnta sa tír, ach amháin seirbhísí riachtanacha. Ní deirtear é ach tuigeadh dúinn gur deis iontach atá ann, chun athbhreithniú a dhéanamh orainn féin.

Cuireann an tríú Haiku treoir ar fáil dúinn. Tá sé soiléir don chuid is mó dúinn anois nach bhfuil gá a bheith ag scinneadh anonn is anall, agus muid caifeach leis an airgead, ag úsáid acmhainní luachmhara an domhain mhóir, agus ag cur le truailliú na cruinne. Ach nach bhfuil sé soiléir dúinn freisin, go háirithe anois, go bhfuil rogha againn.  Nach mbeadh sé níos fearr dúinn agus don phláinéad luas ár saol a mhoilliú agus sláinte ár bpláinéad a chur san áireamh ag an am céanna? Gan dabht, bheimis níos sásta agus in ann ceol a bhaint as an saol. Nach réiteach é sin a bhfuil buntáiste ag gach taobh ann?     

.

gaGaeilge