Bhí mé an-sásta a bheith i mo scoláire ag freastal ar Choláiste Chiaráin i gCill Chainnigh. Mar pháiste, bhí fiosracht nádúrtha agam faoin domhan agus faoi na réaltaí thuas sa spéir. Ón nóiméad a d’oscail mé leabhar faoi phláinéid, réaltaí agus réaltraí, bhí mé ar fad faoi gheasa. I m’intinn óg, ba dhraoithe iad Newton, Galileo, Descartes agus Einstein agus a leithéid, a bhí tar éis tuiscint a fháil faoi phrionsabail agus dlíthe na fisice. Dar liomsa, saghas draíochta a bhí i gceist, mar bhí fisiceoirí mór le rá in ann intinn Dé féin a léamh agus bunphrionsabail an nádúir a nochtadh. Ní haon ionadh é, nuair a d’fhreastail mé ar mo chéad ranganna sa Choláiste, go raibh ríméad an tsaoil orm nuair a fuair mé amach go raibh an fhisic agus an cheimic mar ábhair ar an gcuraclam.

Cé go raibh beagnach gach múinteoir sa scoil thar barr, le heolas agus grá domhain dá n-ábhair acu, sheas múinteoir amháin amach mar an té a d’oscail doirse na bhféidearthachtaí dom — agus ba é sin ár múinteoir fisice, an tUasal Micheál Ó Duibhir.

Thosaigh sé ag múineadh i gColáiste Naomh Ciarán i 1967 tar éis dó deich mbliana a chaitheamh ag múineadh i nDún Pádraig, Contae an Dúin. Chaith sé tríocha a ceathair bliain san iomlán ag obair i gColáiste Chiaráin — tréimhse fhada a chuaigh i bhfeidhm ar ghlúnta a scoláirí. Agus mé i mo dhéagóir, ardsagart ag altóir na heolaíochta ba é Micheál.

Máistircheardaí

Fear measartha íseal, láidir ba ea an tUasal Ó Duibhir, le fuinneamh bríomhar agus greann géar spraíúil. Murab ionann agus cuid mhaith de mhúinteoirí na linne, níor bhain sé úsáid riamh as pionós corpartha. Chruthaigh sé spás sábháilte dúinn inar bhraith muid saoirse intleachtúil. Ní hé sin le rá nach raibh sé in ann smacht a choinneáil orainn — bhí, gan amhras. D’úsáid sé idir ghreann agus scigaithris orainn nuair ba ghá.

Is cuimhin liom uair amháin nuair a bhí mé ag caint agus ag gáire gan srian ina rang agus é féin ag iarraidh muid a mhúineadh. D’fhéach sé orm, súil ghéar dáiríre air, agus dúirt sé liom, ag fuaimniú gach siolla go mall agus go soiléir:

“Anois, a Mhichíl, díreach toisc gur leas-phríomhoide é d’athair…”

Ba leor an leath abairt. Bhris gach buachaill amach ag gáire; dhearg mé le náire. As sin amach, bhí mé chomh ciúin le taibhse sa tsaotharlann fhisice.

Bhí cur chuige modheolaíoch ag Micheál a bhí thar a bheith éifeachtach agus suimiúil. Ba thuras iomlán eolais gach ceacht — ó chúlra staire go díorthú teoiriciúil, agus ar deireadh go cruthúnas eimpíreach.

Nuair a mhúin sé ceacht dúinn ar an bhfad fócasach i lionsa, níor thosaigh sé le cothromóidí, ach le scéal na n-eolaithe a mhúnlaigh ár dtuiscint: Kepler, Huygens, Newton, Descartes agus Gauss. Chuir sé ina luí orainn go raibh muid ag glacadh le hoidhreacht intleachtúil aoibhinn. Ansin tharraing sé léaráid ghlan ar an gclár, ag taispeáint conas a lúbann gathanna comhthreomhara solais trí lionsa agus a dtagann siad le chéile, agus dhíorthaigh sé foirmle an lionsa thanaí don fhad fócasach.

Ba chosúil le breathnú ar cheardaí oilte ag a bhinse a bheith ag féachaint ar Mhicheál ag obair — beacht, foighneach, lángafa lena ábhar.

An Modh Eolaíoch

Níor fhág sé riamh an teoiric mar rud teibí. I gcás an fhaid fhócasaigh, roinn Micheál muid inár mbeirteanna, le lionsa, réad agus scáileán ag gach foireann. Ár dtasc: tomhais, taifead, ríomh; ansin déan tástáil ar chomhoiriúnacht an toraidh leis an bhfoirmle.

Sa tslí sin, ní ceacht ar optaic amháin a bhí i gceist, ach ceacht freisin ar an modh eolaíoch féin: hipitéisí a fhoirmiú, iad a thástáil go dian, agus conclúidí a bhaint as fianaise inláimhsithe. Mhúin sé dúinn gur tábhachtach a bheith in ann obair as lámh a chéile freisin.

Chuaigh na ceachtanna sin i bhfad thar an bhfisic, mar mhúin siad scileanna eile dúinn freisin – cur chuige eolaíoch ar aon tasc, agus comhoibriú i bhfoireann.

Ag breathnú siar, is féidir liom a rá le muinín gur chuidigh an tUasal Ó Duibhir le mo chosán a mhúnlú. Las sé spréacha na fiosrachta ionam – ní trí insint, ach trí thaispeáint conas a oibríonn prionsabail na fisice.

Chuaigh sé i bhfeidhm go mór orm, gan dabht ar bith, ag uair chinniúnach i mo shaol. Ní haon timpiste é go ndearna mé staidéar ar an bhFisic i gColáiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath (UCD), agus ansin ar an Innealtóireacht Leictreach, agus ar deireadh bhain mé amach máistreacht in Innealtóireacht Leictreach agus Ríomhaireachta in Ollscoil California, San Diego.

Chaith mé formhór mo ghairm i dtaighde agus forbairt i réimse na gcumarsáidí gan sreang. Rianaíonn mo ghairm bheatha féin a bhfréamhacha siar go dtí na ceachtanna bunúsacha sin sa tsaotharlann fhisice agus ár múinteoir, Micheál Ó Duibhir.

Eolaí agus Staraí

Blianta fada ina dhiaidh sin, bhuail mé le Mícheál Ó Duibhir arís. Faoin am sin, bhí mise níos gaire do dheireadh mo shaoil oibre ná a thús. D’inis mé dó go soiléir an méid a bhí déanta aige dom agus an tionchar mór a bhí aige orm. Bhí sé séimh agus umhal, ach chonaic mé buíochas ciúin ina shúile.

Le linn na cuairte sin, nocht sé a dhara paisean: staraí áitiúil cumasach ba ea é. Le linn a shaoil ar scor, chuaigh sé i mbun scríbhneoireachta faoi stair Chill Chainnigh, ag nochtadh gnéithe nach raibh mórán clú orthu.

I measc a shaothar bhí The History of Cricket in County Kilkenny: The Forgotten Game, leabhar a thug léargas spéisiúil ar fhorbairt an CLG. Scrúdaigh sé an aicme uachtarach i gCill Chainnigh agus scríobh sé faoin áit ar tógadh é féin. Bhí lúcháir orm a fháil amach gurbh é an múinteoir a léirigh dom áilleacht an tsolais agus na gluaiseachta a bhí anois ag soilsiú coirnéil i bhfolach dár n-oidhreacht chultúrtha.

Fíor-Fhear na hAthbheochana

Chuir scéala bháis Mhichíl brón mór orm – chuaigh sé ar shlí na fírinne i mí Feabhra 2025. Cuireann na focail sin slí na fírinne Micheál in iúl dom, mar mhúin sé dúinn ina rang cad í an fhírinne san eolaíocht agus cén tslí an fhírinne sin a chruthú.

Tá a íomhá beo bríomhar i m’intinn chomh cruinn, beacht agus a lá a tharla sé: é ag barr an ranga sa tsaotharlann fhisice, cailc ina lámh aige, agus an leamhgháire cineálta sin ar a bhéal roimh na focail nach bhféadfá dearmad a dhéanamh orthu –

“Anois, a Mhichíl…”

Táim fíorbhuíoch gur tugadh an deis dom mo bhuíochas a ghabhail dó faoina raibh déanta aige domsa agus faoin tionchar dearfach, leanúnach a bhí aige orm.

Ag machnamh ar a shaol, tuigim go maith gur beag múinteoir mar é atá ann. Léiríonn 44 bliain ag múineadh cé chomh díograiseach agus a bhí Micheál. Chreid sé go láidir i gcumhacht an oideachais saol a scoláirí — agus fiú an tsochaí féin — a athrú go dearfach.

D’fhoghlaim mé fisic gan stró ina rang, ach d’fhoghlaim mé rud eile freisin, rud níos bunúsaí: smaointeoireacht loighciúil agus praiticiúil. Sin rud a bhíonn úsáideach dom i ngach gné de mo shaol. Fiú anois, agus mé ag scríobh, mothaím macallaí na gceachtanna sin: a ghuth i mo chluas ag tabhairt moltaí dom —

“Bí cruinn agus beacht. Bí ag smaoineamh go soiléir, go loighciúil, agus tabhair faoi gach fadhb le fiosracht agus le meas ar an bhfírinne.”

Mar a dúirt Máirtín Ó Néill i bhfógra báis sa Record 2025 (St Kieran’s College), ba é Mícheál Ó Duibhir “fear Chiaráin le go leor tréithe — eolaí agus staraí, fíor-fhear na hAthbheochana.”

Is annamh a bhaineann múinteoirí amach na ceannlínte, ach athraíonn siad an domhan go ciúin, go domhain — intinn i ndiaidh intinne, glúin i ndiaidh glúine. Sheas Micheál mar shampla den mhúinteoir foirfe — mar réalta eolais dom féin i gcónaí. Ní dhéanfaidh mé dearmad air go deo na ndeor.

 

Litir ó Mheiriceá – Tugadh drochíde ar chónaitheoir fadtéarmach sna Stáit Aontaithe!

gaGaeilge