An tseachtain seo caite luaigh mé cúig cheacht a d’fhoghlaimíomar ón bpaindéim. San alt seo, tá moltaí agam ionas go mbeimid ullamh déileáil leis an chéad phaindéim eile.

1.Fiosrúchán oifigiúil

Is gá fiosrúchán oifigiúil a bheith againn in Éirinn faoi na bearta sriantacha a chur an rialtas i bhfeidhm le linn na pandéime. Is ansin amháin a bheimid in ann ár n-ullmhúchán a fheabhsú sa todhchaí.  Sin moladh a bhí ag an Teachta Dála de chuid Pháirtí an Lucht Oibre Duncan Smith le déanaí.

“Mura mbeidh an fiosrúchán sin againn go luath ní bheidh againn ach níos mó tráchtaireacht ó na meáin, ailt nuachtáin, leabhair sárdhíola agus measúnuithe acadúla ar cad a rinne nó nach ndearna muid.  Níl sé sin úsáideach ar deireadh thiar chun foghlaim ónár gcuid botún agus chun tógáil ar an méid a rinneamar i gceart,” dúirt Smith.

Ceapaim go bhfuil an ceart aige agus gurb é seo an chéad chéim chun bogadh i dtreo próisis níos fearr a chumadh don chéad phaindéim eile.

.

2.Infheistíocht an rialtais i réitigh cruthaithe

Bhí na saineolaithe in ann scaipeadh agus córacha leighis an víreas COVID-19 a staidéar go domhain le linn na pandéime.  Tá na vacsaíní COVID-19 éifeachtach agus sábháilte, agus is lú seans go mbeadh géarghalar ar dhaoine atá vacsaínithe. Tá vacsaíní de shaghas nua – vacsaíní teachtaire RNA chomh maith agus i slite níos fearr ná na vacsaíní traidisiúnta -vacsaíní víreasacha-veicteora. Mar shampla, beidh sé níos tapúla vacsaíní nua a fhorbairt leis na vacsaíní teachtaire RNA ná leis na vacsaíní traidisiúnta – rud atá thar a bheith tábhachtach.

Tá a fhios againn freisin chomh héifeachtach is atá maisc in aghaidh aon víreas aeriompartha, agus go háirithe maisc de shaghas N-95 nó KN-95.  Tá scaradh sóisialta tábhachtach mar uirlis i gcoinne scaipeadh an víris freisin, agus taobh istigh tá scagaire HEPA an-úsáideach chun aer glan a sholáthar.

Mar sin, is gá don rialtas infheistíocht dhóthanach a dhéanamh sna rudaí seo:

 Trealamh cosanta pearsanta do dhaoine ag tabhairt aire do dhaoine ionfhabhtaithe leis an ngalar agus go háirithe d’fhoirne leighis.
 Maisc N-95 nó KN-95 don phobal i gcoitinne.
 Tástálacha galair don phobal i gcoitinne.
 Cúnamh deontais do chomhlachtaí chun scagairí HEPA a cheannach agus a shuiteáil.
 Eolas agus ábhar teagaisc ag míniú na treoracha agus rialacha ag baint leis an bpaindéim as Béarla agus as Gaeilge.
 Deontais ar fáil do thaighdeoirí ag obair sa réimse.

.

3.Córas Réamhrabhaidh

Dá luaithe a fhaighimid amach go bhfuil galar ag scaipeadh is ea is lú líon na ndaoine a bhfaighidh bás. Seo cúpla straitéis a chabhródh le córas réamhrabhaidh:

 Monatóireacht fuíolluisce: úsáidtear an teicneolaíocht seo chun monatóireacht a dhéanamh ar COVID-19 sna Stáit Aontaithe. Bhíodar in ann borradh i gcásanna COVID-19 i gceantair áitiúla a thuar cúpla seachtain roimh ré trí anailísiú shonraí fuíolluisce a dhéanamh, agus obair feabhais a dhéanamh bunaithe ar sin.  
 Tionscnamh Víreas Riospráide agus Micribhithóim: Tá sé beartaithe ag taighdeoirí san Institiúid Wellcome Sanger i Cambridgeshire i Sasana, uirlisí a fhorbairt chun bagairtí víreasacha nua a aithint.  Faireachas géanómaíoch atá i gceist agus bhí na taighdeoirí in ann athruithe sa víreas a aithint go tapa sa Bhreatain Mhór le linn na pandéime COVID-19. Tá siad ag obair anois ar chóras a bheadh in ann galair tógálacha a aimsiú le tástáil amháin neamhchostasach.

Beidh sé tábhachtach go mbeadh córas réamhrabhaidh ag gach tír, agus dualgas orthu aon rud suntasach a thuairisciú don Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (WHO).

Conclúid

I mo thuairim, is gá dúinn pleananna a bheith againn in dhá réimse leathana chun na torthaí is fearr a fháil sa chéad phaindéim eile:

 Eolaíocht: Tá sé soiléir go bhfuil baint ríthábhachtach ag an eolaíocht leis an ngnó seo. Tá go leor foghlamtha againn a bheidh an-úsáideach chun déileáil leis an chéad phaindéim eile i bhfad níos fearr ná an ceann deireanach. Tá taighde ábhartha ar siúl i gcónaí freisin. Beimid in ann galair tógálacha a aimsiú go tapa, vacsaíní agus leigheasanna a fhorbairt go tapa, agus freagairt níos fearr a fháil don cheist – cad iad na hacmhainní agus na srianta is tábhachtaí dúinn?
 Polaitíocht: Ní bheimid in ann moladh ar bith a chur i bhfeidhm gan an toil pholaitiúil a bheith ann ar leibhéal náisiúnta.  Mar sin, tá sé thar a bheith tábhachtach ár n-aird a dhíriú ar na trí phointe thuasluaite agus brú a choimeád ar ár rialtas iad a fheidhmiú. Ar leibhéal idirnáisiúnta, caithfimid oibriú le tíortha eile agus leis an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte as lámha a chéile, mar is gá iarracht chomheagraithe a bheith againn chuig an chéad phaindéim eile.

Bímis ag súil nach bhfeicimid paindéim eile, ach fheicimid go mbeimid réidh í a chloí!

gaGaeilge