Na Cloig Bhuile Arís!
Réamhrá
Scríobh Peadar Bairéad (m’athair) alt fiche bliain ó shin ag fágáil slán ag bliain amháin agus ag cur fáilte roimh bhliain eile. Tá an t-alt sin chomh húr agus chomh hoiriúnach sa lá atá inniu ann agus a bhí sé nuair a scríobhadh é. B’fhéidir nach rud maith é sin, mar chinn orainn (an cine daonna) mórán dul chun cinn a dhéanamh san idirlinn, agus táimid ciaptha leis na fadhbanna ceannann céanna fós. Ach bíonn súil le muir agus tá dóchas go smior ionainn. Mar sin, ní stadfaimid riamh ár streachailt i dtreo domhan níos fearr – domhan ina bhfuil an tsíocháin i réim i gcónaí! Agus gan a thuilleadh moille, seo alt Pheadair féin.
Annual Lament
Tá tráth na gclog buile úd tagtha agus imithe uainn arís. Cad iad na cloig atá i gceist agam anseo, an ea?
Na cloig a bhuailtear le bás bliana amháin a chaoineadh, agus le breith bliana úire a chomóradh, agus ní gá dom a chur i gcuimhne dom’ léitheoirí go mbainimse úsáid, bliain i ndiaidh bliana, as línte oiriúnacha as an gcaoineadh breá cumhach, úd, a chum Alfred Lord Tennyson, i gcuimhne a charad, Arthur Hallum, sa bhliain 1841, le bás bliana a chaoineadh, mar sa dán sin, tharla go bhfuil ceathrúna breátha, ag fágáil slán leis an mbliain a bhí ag sleamhnú isteach in umar na staire, agus ag an am céanna, ag fáiltiú roimh an bhliain úr, agus roimh an saol sona séimh a chuirfeadh an bhliain úr chéanna sin ar fáil don chine daonna. Agus ó tharla go mbeadh sé deacair véarsaí an dáin chéanna sin a shárú le “Ave atque Vale” a chur in iúl, ar an ócáid chumhach seo, shocraigh mé, mar sin, ar úsáid a bhaint as na véarsaí céanna sin, uair amháin eile, leis an ngnó sin a dhéanamh dom.
Atmosphere
Mar sin, breathnaigh mar a chruthaíonn Tennyson atmaisféar oiriúnach don ócáid, le bualadh na gclog buile céanna sin:
“Ring out wild bells to the wild sky,
The flying cloud, the frosty lights.
The year is dying in the night,
Ring out, wild bells, and let him die.”
Sea, clingigí libh a chloig chaointe, nó tá an bhliain ag síothlú i lár na hoíche seo, clingigí libh, agus lig di bás d’fháil. Sin í an teachtaireacht a sheolann an file chugainn, síos thar áirsí na mblianta.
B’fhéidir nárbh í an bhliain ba mheasa fós í, an bhliain sin a d’imigh uainn, ach ag an am céanna, d’fhéadfadh an bhliain úr a bheith i bhfad níos fearr fós. Níl dabht ar domhan, ach gur tharla roinnt mhaith rudaí i rith na bliana sin 2024, arbh fhearr an saol dá n-uireasa. Ní gá dom tagairt a dhéanamh do na tuilte, do na falscaithe, do na creathanna talún, do na cogaí, do na hionsaithe gnéis, do na drugaí, don mhugáil, don fhoréigean, ná do na hoilc eile uilig, a chráigh an cine daonna i rith na bliana atá anois seolta isteach i muileann an ama, an bhliain sin ár dTiarna, 2024.
The Tailor’s farewell!
Agus ó tharla go bhfuil an bhliain chéanna sin síothlaithe anois, is féidir linn sciolladóireacht a dhéanamh uirthi. Sa nath úd na Rómhánach “De Mortuis Nil Nisi Bonum”, níor cuireadh bac ar bith orainn ár rogha rud a rá fúithi, sea, agus is féidir linn beannacht an táilliúra lena shnáthaid bhriste a chur léi.
Ring out the want, the care, the sin,
The faithless coldness of the times.
Ring out, ring out my mournful rhymes,
But ring the fuller minstrel in.
Bíodh sin mar atá, ach is dócha go bhfuil a liosta féin ag chuile dhuine againn de na buanna, agus de na buntáistí, a bhaineamar féin as an mbliain atá anois imithe uainn, nó nach mbíonn dhá thaobh ar chuile scéal. Nach féidir linn uilig smaoineamh ar na caismirtí a socraíodh, ar na fadhbanna a scaoileadh, ar an ocras a sásaíodh, ar an tart a múchadh, ar an bhfaoiseamh a tugadh, agus ar na coireanna a maitheadh le linn na bliana.
The Thousand Years Of Peace
Ach sin uilig ráite, nach bhfuil chuile dhuine againn ag guí Dé, go mbeidh an bhliain úr seo 2025, i bhfad Éireann níos fearr fós dúinn, ná an fear atá ag éalú uainn.
Ring out old shapes of foul disease,
Ring out the narrowing lust of gold,
Ring out the thousand wars of old,
Ring in the thousand years of peace.
Sea, nach bhfuil chuile dhaonnaí, geall leis, ar thóir na síochána? Agus nach cuimhin linn uilig fís álainn, chorraitheach, Ísáia fáidh, agus nárbh é a chan go fileata faoi laethanta úd na síochána a bhí le teacht. Caithfidh gur mhair sé féin i ré a bhí corraithe go leor, ach faoi anáil Dé, d’éirigh leis féidearthacht eile a leagan os ár gcomhair, mar chine, ré nuair a chuirfí deireadh go deo le troid, agus le cogaíocht; le hár agus le heasaontas; sea agus le trioblóid agus le foréigean. Ní bheadh cogaí, nó fiú a ráflaí ann a thuilleadh, dhéanfaí dearmad de scileanna cogaíochta, agus ní dhéanfaí airm a dhearadh, nó a dhéanamh, i measc daoine feasta…
“Agus buailfidh siad a gclaimhte amach ina soic chéachta,
Agus a sleánna ina gcorráin,
Ní thógfaidh na ciníocha an claíomh in aghaidh a chéile feasta,
Ná ní chleachtfaidís cogadh arís go brách.”
Nach álainn go deo an fhís í sin, a scalann anuas chugainn trí dhorchadas oíche na staire daonna? Sin é mian chroí an duine daonna, agus an tráth seo bliana, guímid arís an tseanghuí, guí úd na nAingeal…
“Glóir do Dhia sna hArda, agus ar talamh, síocháin do lucht a pháirte”.
Utopia not here yet
Ach níl an ré sin buailte linn fós. Níl deireadh fós le cogaí, nó le ráflaí cogaidh, nó níl an ruaig curtha againn ar an ngorta, nó ar na plánna uilig a chéasann, agus a chránn an cine s’againne, ach más ea féin, tá an Réalta Eolais úd ar an spéir, le sinn a threorú, agus a bhrostú, i dtreo Fhís Ísiáia fáidh. Sin an ród atá romhainn, sin an bóthar atá le bualadh againn sa bhliain seo 2025, agus nach é sin an bóthar a thabharfaidh go Tír Tairngire sinn?
Agus muid anois ag seoladh linn isteach sa bhliain úr sin, níl le déanamh agamsa ach athbhliain faoi bhláth, is faoi mhaise, a ghuí oraibh uilig, agus gura seacht fearr a bheas muid uilig bliain ó anocht.
Ring out the old, ring in the new,
Ring happy bells across the snow,
The year is going, let him go.
Ring out the false, ring in the true.
Go mbeirimid beo ar an am seo arís.
Stór focal: cumhach, nostalgic; umar, trough; Ave atque Vale, hail and farewell; ag síothlú, dying; sciolladóireacht, scolding; caismirtí, conflicts; faoi anáil Dé, by Divine inspiration; Réalta Eolais, guiding star; Tír Tairngire, the Promised Land