Ba mhaith liom plé a dhéanamh ar chur chuige i gcás feiniméan uafásach comhaimseartha atá  forleathan sna Stáit Aontaithe agus a tharlaíonn freisin, ó am go ham, sa chuid eile den domhan.  An oll-lámhach atá i gceist agam anseo.

Tar éis oll-lámhach uafásach i Christchurch inar cailleadh 51 duine, dúirt Príomh-Aire na Nua-Shéalainne, Jacinda Ardern an rud seo faoin dúnmharfóir srathach:

“D’iarr sé a lán rudaí a bhaint amach lena ghníomh sceimhlitheoireachta, ach nior cheann acu sin an droch-chail a thuill sé do fhéin .  Agus sin é an fáth nach gcloisfidh sibh mé ag rá a ainm, riamh. Is sceimhlitheoir é, is coirpeach é, is antoisceach é. Ach nuair a labhraím, beidh sé gan ainm.”

Chomh maith leis sin, thóg sé níos lú ná mí chun reachtaíocht nua maidir le gunnaí a thabhairt isteach, agus chuir siad cosc ar ghunnaí leath-uathoibríocha.  Gan dabht, rinne siad an rud ceart sa Nua-Shéalainn.

Bhí an marfóir sin ag lorg poiblíocht, mar rinne sé sruthú beo ar a eachtra uafásach, agus scríobh sé forógra lán d’fhuath ciníoch agus inimirceach.  Toisc de ghnáth, bíonn an marfóir ag lorg poiblíocht, is é an chéad rud is cóir dúinn a dhéanamh sna meáin ná ainm an choirpigh a choimeád anaithnid gach uair, an oiread agus is féidir.

Ach ceapaim gur chóir dúinn  rud eile a dhéanamh freisin. Tá laochra nua againn le déanaí, daoine a thug a mbeatha ionas go sábhálfaí daoine eile.  Mar sin, is é an dara rud a mholfainn ná ainmneacha na laochra a cheangail leis na heachtraí sin in áit ainmneacha na ndúnmharfóirí.  Glaofaidh mé amach cúpla ceann anseo maidir le oll-lámhaigh a tharla i mbliana agus fanfaidh na coirpigh gan ainm.

Abdul Aziz – Christchurch i Nua Shéalainn, mí an Mhárta 2019

Ní dheachaigh Abdul Aziz i bhfolach nuair a tháinig lámhachóir go dtí mosc Linwood i  gChristchurch. Dídeanaí Afganastánach is ea é, agus bhí sé agus a ceathrar mhac i láthair ag an mosc ar an lá tubaisteach sin.

Bhí an marfóir tar éis níos mó ná 40 duine a mharú cheana i mosc eile i gChristchurch, Mosc Al Noor.   Bhí sé ag iarraidh an rud céanna a dhéanamh ag Mosc Linwood. Ach nuair a chonaic Aziz cad a bhí ar siúl, phioc sé suas meaisín cártaí creidmheasa agus chuaigh sé sa tóir ar an marfóir.  Scaoil an marfóir leis, ach níor bhuail sé é. Phioc Abdul suas gunna a chaith an marfóir ar an talamh, agus bhris sé fuinneog a charr leis. Thiomáin an marfóir leis agus ghabh na gardaí é gan mhoill.  Bhí an marfóir in ann seachtar a mharú ag mosc Linwood.

Lori Gilbert Kaye, Jonathan Morales, Oscar Stewart – Poway, California, mí Aibreán 2019

Ar an lá deireanach Cásca na nGiúdach, maraíodh Lori Gilbert Kaye nuair a thosaigh fear ag lámhach ag an tsionagóg.  Fuair Lori bás nuair a chuir sí í féin os comhair an Raibí chun é a chosaint. Ba í an duine amháin a fuair bás. Chuaigh beirt fhear, Jonathan Morales agus Oscar Stewart sa tóir ar an marfóir, nuair a chuala siad pléasc ghunna.  Rith an marfóir go dtí a charr agus thosaigh Oscar Stewart ag scaoileadh leis. Thiomáin sé leis, ach ghabh na póilíní é go tapa.

Riley Howell – Charlotte, North Carolina, mí Aibreán 2019

Nuair a thosaigh fear ag lámhach san Ollscoil, thosaigh daoine ag rith agus ag dul i bhfolach.  Thosaigh Riley Howell ag rith freisin, ach i dtreo an mharfóra. Streachail an lúthchleasaí neamheaglach seo an marfóir go talamh, ach le linn é sin a dhéanamh, fuair sé trí philéir agus maraíodh é.   Ach fágadh ina staic an marfóir go dtí gur ghabh na póilíní é.

Kendrick Castillo, , Joshua Jones, Brendan Bialy – Denver, Colorado, mí na Bealtaine 2019

Nuair a thosaigh ceann de beirt chomhscoláirí ag lámhach ag scoil i Denver, Colorado, thug Kendrick fogha faoin marfóir go díreach.  Maraíodh Kendrick de bharr sin, ach chuir sé stad leis an marfóir fada go leor gur chuir an bheirt Joshua Jones agus Brendan Bialy é faoin smacht.  Díreach ina dhiaidh sin, tháinig na póilíní. Ba é Kendrick an duine amháin a fuair bás.

.

Mura  gcuimhnímis ach amháin ar na laochra sna h-oll-lámhaigh seo, b’fhéidir nach mbeadh an spreagadh céanna ag daoine a d’fhéadfadh bheith ina ndúnmarfóiri srathacha.  

.

gaGaeilge