Is ar éigean a d’fhéadfadh na hOscars a bheith níos measa i mbliana ná mar a bhí siad an bhliain seo caite. Sin a cheap mé cúpla lá rompu, ar aon nós. Ar an drochuair, bhí siad i bhfad níos measa i mo thuairim, ó thaobh ár dtíre de. Cén fáth? Bhuel, níor bhuamar ach dhá Oscar as na 14 ainmniúchán a fuaireamar! Ansin cuireadh an tarcaisne i gceann na héagóra nuair a fuaireamar drochíde intinne roimh agus ag searmanas na nOscar.

Cé go bhfuair ‘The Banshees of Inisherin’ 9 n-ainmniúchán, níor bhuaigh an scannán Oscar ar bith. Níor bhuaigh ‘An Cailín Ciúin’ an Oscar don fhadscannán idirnáisiúnta is fearr ach an oiread, mar bhuaigh an scannán ‘All Quiet on the Western Front’ ón Ghearmáin an Oscar sin.   Agus níor bhuaigh Paul Mescal an Oscar don aisteoir is fearr sa scannán ‘Aftersun, mar bhuaigh Brendan Fraser (sa scannán ‘The Whale’) an Oscar sin.

Ach, ní bhíonn néal gan ghealán

Is comhartha é ar an dul chun cinn suntasach sa tionscal scannánaíochta in Éirinn go raibh an dá Oscar a bhuamar mar ábhar díomá do roinnt dúinn!   Léirigh an 14 ainmniúchán an raon iomlán de thallann sa tír san aisteoireacht, stiúrthóireacht, eagarthóireacht, cumadóireacht agus scannánaíocht – ní hamháin as Béarla, ach as Gaeilge freisin!

Léiríonn an dara Oscar buaite ag Richard Baneham sa chatagóir éifeachtaí speisialta as a chuid oibre ar Avatar: The Way of Water’, go bhfuil scileanna teicniúla na hÉireann ar an leibhéal is airde. Thaispeáin ‘An Irish Goodbye’ doimhneacht agus leithead na tallainne atá ar fáil in Éirinn, chomh maith le bua na húrnuachta. Nuair a chan lucht féachana na nOscar ‘Happy Birthday’ don aisteoir James Martin, ceiliúradh speisialta a bhí ann! Is é James an chéad duine a bhfuil siondróm Down air, a bhuaigh gradam Oscar riamh!

Dúirt Ivan Martin (athair James): Is cuimhin liom an duine a dúirt liom fadó: ‘Féach an tUasal Martin, caithfidh tú a thuiscint nach labhróidh Séamas go deo’ Agus seo muid anois! Ní hamháin go labhraíonn James ach ón am a thosaigh sé ag caint, níor stop sé ó shin i leith,” a dúirt Ivan le BBC Raidió Uladh.

Ní mór tagairt ar leith a dhéanamh don scannán iontach sin ‘An Cailín Ciúin, an chéad scannán Gaeilge riamh a shroich an searmanas seo.  Leis sin, tá sprioc thábhachtach bainte amach ag scannánaíocht as Gaeilge. Bhí ról lárnach ag CINE4 (comhpháirtíocht le TG4, Bord Scannán na hÉireann (BSE) agus Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI)) mar phríomhmhaoinitheoir san fhorbairt shuntasach seo.  Is deimhniú láidir é cé chomh tábhachtach is atá maoiniú chun dul chun cinn mar sin a dhéanamhseachas sin, ní tharlódh sé.        

Drochíde intinne!

Ar an Satharn roimh na gradaim Oscar, bhí ‘sceitse grinn’ ar an gclár ‘Saturday Night Live’, le Molly Kearny agus Mikey Day mar Farrell agus Gleeson. Postáladh an ghearrthóg dóibh ar líne, a thaispeáin an bheirt ag labhairt Béarla dothuigthe thar a chéile go dtí gur shiúil siad amach, agus ansin dúirt duine de na láithreoirí: “Wow! Níor thosaigh siad fiú ag ól fós.”

Cáineadh an sceitse as a bheith maslach agus suarach sa tslí ina léirigh sé   steiréitíopaí Éireannacha.  Scríobh an t-aisteoir Alan Mehdizadeh ar Twitter: “Maith thú SNL! D’éirigh leat magadh a dhéanamh ar náisiún iomlán, agus ar dhuine a bhí i mbun cath an-phoiblí le halcól, agus d’éirigh leat é a dhéanamh gan a bheith fiú greannmhar.  

.. ghlaoigh na 1980í agus tá siad ag iarraidh a gcuid scéalta grinn steiréitíopa Éireannacha ar ais,” a dúirt tráchtaire eile.  Roinn cruthaitheoir Derry Girls Lisa McGee an ghearrthóg ar Twitter leis na focail: “Sea, tá sé maith go leor” agus emoji ag taispeáint a míshásaimh ag an deireadh.

Fiú ag searmanas na nOscar féin, bhí an láithreoir, Jimmy Kimmel, ag magadh. D’oscail an searmanas ag rá: “Tá daoine ainmnithe againn ó gach cearn de Bhaile Átha Cliath. Tá cúigear aisteoirí Éireannacha ainmnithe anocht, rud a mhéadaíonn go mór an seans go mbeidh troid eile ar an stáitse.”

Níos déanaí, léigh Kimmel ‘ceist lucht leanúna’ ó bhreathnóir a dúirt go raibh grá aige do léiriú Farrell, ach nár thuig sé cad a bhí á rá aige. D’fhreagair Farrell: “Féach ar SNL aréir agus beidh cliú maith agat.”  Cáineadh Kimmel ar na meán sóisialta agus na nuachtáin as na rudaí diúltacha sin a bhí á rá aige.

Conclúid

Cé go raibh maslaithe frith-Éireannacha á gcaitheamh ag ‘Saturday Night Live’ agus ag Jimmy Kimmel, ba cheart dúinn a bheith dearfach faoi chúrsaí. Is cúis mórtais náisiúnta dúinn go bhfuaireamar 14 ainmniúchán agus dhá ghradam Oscar, an chéad ceann do dhuine a bhfuil siondróm Down air, san áireamh. Is rud iontach scannán Gaeilge a fheiceáil san iomaíocht ag leibhéal idirnáisiúnta freisin is dea-chomhartha dóchais don teanga é sin.  Beidh lá eile ag an bPaorach ag na hOscars!.

gaGaeilge