Bhíomar beagnach go léir ar nós cuma liom agus muid lánchinnte gur fánach an seans go dtarlódh teacht chun cinn na heite deise ailtéarnaía leithéid anseo.  Ansin, tar éis scine uafásach taobh amuigh de Ghaelscoil Choláiste Mhuire i gCearnóg Parnell Thoir i lár na príomhcathrach, tharla an chíréib náireach sin. Spreag antoiscigh na heite deise go leor teachtaireachtaí gríosaithigh ar na meáin sóisialta – ar X (Twitter), Facebook, WhatsApp agus Telegram, san áireamh. Thagair roinnt postálacha go mícheart don ionsaitheoir mar “inimirceach neamhdhleathach”. Tuairiscíodh ar Facebook gur Rómánach a sháigh an ceathrar i gCearnóg Parnell Thoir. Bhí cuntais áirithe ag spreagadh daoine dul go lár na cathrach agus gardaí, inimircigh agus polaiteoirí a ionsaí.  Roinneadh nóta gutha amháin go forleathan ar WhatsApp agus Facebook ag spreagadh daoine chun aon eachtrannach ar bhuail siad leo a mharú.

Is léir ó cad a tharla go bhfuil grúpa beag antoisceach in ann na meáin sóisialta a úsáid mar uirlisí troda chun an-tionchar a imirt ar mhothúcháin daoine áirithe. Bhí go leor teachtaireachtaí fuafar, lán mioscaise agus aimhleasa, á scaipeadh ag an eite dheas ailtéarnach ar na meáin sóisialta le tamall maith roimh an gcíréib, agus tonnta dóibh díreach roimhe. Bhí sé soiléir go mbeadh trioblóid an oíche sin sa chathair, ach ní raibh aon duine sna fórsaí slándála ag monatóireacht na gníomhaíochtaí sin, nó más ea, níor thugadar mórán aird dóibh. Ach, oscailt súl don rialtas a bhí sa chíréib sin, agus ní bheidh aon leithscéal ann neamhaird mar sin a thabhairt do na meáin sóisialta feasta. Is córas réamhrabhaidh atá iontu, gur chóir dár rialtas a úsáid chun muid a choinneáil slán ó dhíobháil.

Tionchar polaitiúil á imirt orainn

Is teicneolaíocht dhomhanda an t-idirlíon, beag beann ar theorainneacha idirnáisiúnta. Dá bhrí sin, is féidir le daoine thar lear tionchair de gach saghas a imirt orainn. I mo thuairimse, is é tionchar polaitiúil an saghas is measa. Ní hé sin nach bhfuil na cinn eile dona go leor, mar tá siad. Mar shampla, is féidir le gadaithe haiceáil isteach i gcórais ríomhairí agus sonraí pearsanta a ghoideadh, nó srian rochtana ar a suíomh féin a chur ar eagraíochtaí agus ansin dúmhál a chur orthu. Ach i gcomparáid leis sin, féach cad a tharla maidir leis an toghchán uachtaránachta 2016 sna Stáit Aontaithe. Tá sé soiléir anois go raibh tionchar polaitiúil á imirt ag na Rúisigh ar an toghchán sin.  Rinne comhlacht darb ainm ‘Fancy Bear’ ionsaí fioscaireachta (as Béarla: phishing) ar na Daonlathaithe agus go háirithe ar fhoireann Hilary Clinton. Bhí tacaíocht rialtas na Rúise ag ‘Fancy Bear’, agus tar éis dóibh haiceáil isteach i bhfreastalaithe ríomhphoist Clinton, bhí uirlis troda cumhachtach ag na Rúisigh. D’eisigh comhlachtaí tríú páirtí (Guccifer 2.0, WikiLeaks agus DCLeaks) níos mó ná 150,000 ríomhphost, a goideadh ó dhornán ionadaithe Daonlathach, Hilary Clinton san áireamh. Mar a dúirt Hilary Clinton le lucht féachana ag óráid le déanaí ag Ollscoil Stanford: “Fiú mura ndearna cur isteach na Rúise ach difríocht bheag, buadh an toghchán sin leis an bhfarasbarr is lú sa Choláiste Toghcháin.” I mo thuairim, níor bhuaigh Trump an toghchán sin, gan trácht ar thoghchán 2020! Agus tháinig iarmhairtí tubaisteacha as uachtaránacht Trump.

Uirlis troda cumhachtach eile a úsáidtear go minic ar líne ná eolas míchruinn a scaipeadh go forleathan ar na meáin sóisialta. An cuimhin leat an ghluaiseacht pholaitiúil dhíláraithe sin – QAnon, atá fréamhaithe i dteoiric comhcheilg gan bhunús ag rá go bhfuil an domhan á rialú ag an “Deep State,” drong de phéidifiligh adhradh Sátain. Is é an t-iarUachtarán Donald Trump an t-aon duine in ann fórsaí an oilc sin a shárú! An cuimhin leat freisin go raibh go leor a chreid an raiméis sin páirteach san éirí amach ag an gCaipeatól i Washington DC, ar 6 Eanáir, 2021!

Cad é an bhaint atá aige seo liomsa?

Ní féidir linn ár maidí a ligean le sruth ach is gá dúinn go léir a bheith san airdeall feasta, ach go háirithe ár rialtas féin, maidir le húsáid na meán sóisialta mar uirlisí troda inár n-aghaidh. Luaigh mé ach cúpla sampla faoi cad a tharlaíonn nuair a thugtar neamhaird do na meáin sóisialta. Is feiniméan domhanda é seo, agus níl aon tír sábháilte ón mbagairt seo.  Tá súil agam go bhfuil ciall cheannaithe againn anois in Éirinn.

Tá rabhadh tugtha ag na Stáit Aontaithe do Rialtas na hÉireann go bhfuil seans mór go mbeidh an Rúis ag iarraidh cur isteach ar na toghcháin atá le teacht againn.  Deir an rabhadh go bhfuil an Rúis ag baint mí-úsáid as na meáin shóisialta, spiaireacht agus modhanna hibrideacha chun cur isteach ar thoghcháin i dtíortha daonlathacha agus chun drochmheas a thabhairt orthu. Tháinig Éire amach go láidir ar son na hÚcráine ó 2022 i leith, agus is cinnte, mar sin, go bhfuil Éire ar “naughty list” Putin!  Ní mór don rialtas dul i ngleic leis an gceist seo láithreach bonn!

.

.

.

    

gaGaeilge