Nollaigí le linn laethanta óige m’athar!

 

D’imigh m’athair Peadar Bairéad ar shlí na fírinne coicís roimh an Nollaig, ceithre bliana ó shin. Am speisialta ba ea Séasúr na Nollag, ó thaobh creidimh agus traidisiúin de. Bhíodh Nollaigí iontacha aige agus é ag fás aníos in Iorras i gContae Mhaigh Eoócáidí draíochtacha iad go léir. Ar ámharaí an tsaoil, chuir sé peann ar phár agus roinn sé a chuimhní féin linn faoi Nollaigí le linn laethanta a óige. Seo píosa a scríobh sé inar chuir in iúl dúinn cuid dá chuimhní sin:

Nuair a smaoiním anois ar Nollaigí fadó, tagann na cuimhní chugam go mall, doiléir, i dtosach, ach tar éis tréimhse bheag a chaitheamh ag iascaireacht i loch domhain na mblianta, tagann na cuimhní céanna ar ais chugam ansin ina rabharta cruinn, soiléir. Rabharta cuimhní a chuireann an t-anam ag rince ar leac sa chroí istigh ionam.

Tar liom, mar sin, siar go deireadh na bhfichidí, go tír álainn ghlé m’óige, go hIorras na nIontas. Is iad na cuimhní a shnámhann isteach chugam anois, ar thonn úd na gcuimhní, nó páirceanna loma, sceirdiúla. Ar scáileán na cuimhne, feicim coinlíní geala aníos trí chré dhubh, bhriosc, Iorrais, mar a gcaithimisne, gasúir, ár laethe réamhNollaigeacha ag tóraíocht an dreoilín – agus caithfidh mé a admháil anois, nach mbíodh mórán dreoilíní le fáil againn sna páirceanna sceirdiúla céanna sin. Ba é a cheapainnse fhéin nó go dtéadh dreoilíní Iorrais i bhfolach, an tráth sin bliana, ar eagla na heagla! Bhíodh éanacha eile flúirseach go maith, druideanna, gealbhain, céirseacha, agus a leithéid. Annamh mar sin, a d’éiríodh linne teacht ar dhreoilín, in am do Lá ’le Stiofáin, agus ar deireadh thiar, ní bhíodh de rogha againn ach dul amach le laindéar, oíche Lae Nollag, le breith ar shean-ghealbhan codlatach, sa bhundlaoi.

Gealbhan nó Dreoilín?

Is soiléir a thagann cuimhní an ullmhúcháin do Lá an Dreoilín chugam anois. Aighthe fidil á ndéanamh agus á ndathú. Bataí, boscaí, agus buataisí á gcuardach. Amhráin, ranna, agus damhsaí á gcleachtadh. Ó, sea, agus gúnaí, hataí, agus bibeanna ár ndeirfiúracha, á dtógáil ar iasacht, do Lá draíochta an Dreoilín!

Bhímis ar ar gcois le moiche na maidine, agus bóthar buailte againn sula mbeadh deis ag gasúir eile na háite, airgead, uibheacha, nó ollmhaitheas, na comharsanachta a bhailiú chucu fhéin, mar chreach Nollaigiúil. Bhíodh tús bóthair againne orthu, agus bhímis sásta i gcónaí lenár gcreach, i ndeireadh an lae thiar. Nach ait an scéal é, ach i scannán sin an Dreoilín, ní airímse aon fhuacht, nó sioc, nó sneachta, riamh. Boige, úire, agus Earrachas, a shníonn chugam isteach ar thonn na cuimhne anois, i gcás an Dreoilín chéanna sin.

Ach scaoilimis tharainn é mar scéal, agus fillimis ar Nollaigí sin na cuimhne, Nollaigí na mbrionglóidí, mar b’orthu a tharraing mé an scéal, i dtosach báire. Nuair a smaoiním anois orthu, smaoiním i dtosach ar Shéasúr na Nollag. Thosaigh an séasúr sin, dúinne, ar an gcéad lá de Mhí na Nollag. Ar an lá sin, thosaíomar ar shean-nós Iorrasach, nós na n-Áibhéanna. Chreideamarna go mbeadh a mhian le fáil ag an té a déarfadh cúig mhíle “Áibhé” idir sin is Lá Nollag. Bhímis á rá mar sin i ngach áit, ar scoil, is sa bhaile, ar bhóthar is ar bhealach, sea, agus thugaimis an mhian sin, mar bhronntanas do Mham, Oíche Nollag, agus í tuirseach, traochta, tar éis cheannach agus ghléasadh na Nollag dúinne.

Cuimhní ag filleadh

Cuimhní eile a thagann chugam anois is ea:-

  Aonach Mór na Nollag i mBéal an Mhuirthead, ar an 15ú Nollaig.

  Margadh Mór na Nollag, ar an Satharn roimh Nollaig, ’chuile bhliain.

  Tine Mhór na Nollag, b’in an tine mhór a lastaí Oíche Nollag.

  Cácaí na Nollag, na cácaí a dhéanadh Mam a fhuint is a bhruith don Nollaig, cácaí ina mbíodh rísíní, spíosraí, agus deasa eile, lenár gcroí a thógáil, i séasúr beannaithe na Nollag.

  Teas na cistine, maisiúcháin, carthanacht, agus thar aon rud eile, coinneal mhór daite na Nollag.

  Bhí nós beag eile againne, páistí, in Iorras freisin, an t-am sin. Gheobhadh muid boscaí beaga stáin, agus dhéanaimis iad a ghlanadh is a sciúradh, ansin thugadh Mam giota beag taois dúinn as a cáca mór Nollag, agus chuireadh muidinne na giotaí sin á mbácáil dúinn fhéin sa ghríosach. Sa tslí sin, bhíodh ár gcácaí beaga Nollag fhéin againn!

Nollaig Shona d’ár Léitheoirí uilig!

.

gaGaeilge