le Peadar agus Micheál Bairéad
Peadar anseo…..
“Bfhédir nárbh eol dhuit go raibh mé in Ospidéal, i mBaile Átha Cliath, ar feadh scathaimh mhaith, le déanaí, agus gur tháinig mo mhac Micheál i gcabhair orm, sa tréimhse sin, trí féachaint chuige go mbeadh an Colún seo le léamh ag ár léitheoirí, chuile sheachtain san idirlinn, agus ansin, d’iarr mé air leanúint leis sa bhfiontar sin. Thoiligh sé chuige sin, agus tá súil agam to dtaitneoidh toradh ár saothair libh feasta. Deir Micheál fhéin gur cuma cá bhfuil cónaí air, nó go raibh súil aige go mbeadh ar a chumas cabhrú liom sa ghnó seo.”
Deir mo leath-bhádóir,Micheál, freisin………..
“Sa lá atá inniu ann, leis an idirlíon, níl sé neamhchoitianta a bheith i do chónaí in áit amháin agus ag obair in áit eile. Cuma cá bhfuil mé ag cur fúm ag an am, tá súil agam go dtabharfaidh mé léargas difriúil go dtí an bord, agus mar sin sílim go mbeidh dearcadh úrnua sa cholún féin.
De bhrí go bhfuil Gaeilge níos laige agamsa agus cé go bhfuil orm mo chion féin a dhéanamh, seans go mbeidh leibhéal na Gaeilge níos ísle, ar dtús, ar aon nós.
Dhá scór bliain!
Seo rud dochreite: Tá an t-alt spéisiúil seo “I mBéal an Phobail” thart ar dhaichead bliain d’aois anois! Thosaigh Peadar á scríobh tar éis chuairt an Phápa Eoin Pól, a Dó, sa bhliain 1979! Bhí ar Pheadar clóscríobhán láimhe a úsáid, agus bhí air cruachóip a fhagáil isteach ag oifig an Kilkenny People ansin! ‘chuile sheachtain, Ní raibh an fón póca cumtha fós! Agus sa bhliain 1979, bhuaigh foireann iománaíochta Chill Chainnigh ar Ghaillimh. Nach mór an difríocht idir inné agus inniu, a chairde! Agus tríd na hathruithe go léir a tharla, mór agus beag, lean Peadar ar aghaidh ag scríobh!
Le linn a thréimhse mar colúnaí, thug Peadar cúntas dúinn ar na heachtraí a bhí ar siúl ina shaol fhéin, sa phobal áitiúil, agus go deimhin, ar fud an domhain mhóir. Ach ná déan dearmad ar an rud is tábhachtaí, b’fhéidir! Ba i nGaeilge a scríobhadh gach alt díobh sin! Caithfimid ómós a thabhairt do Pheadar agus freisin don “Kilkenny People” as an tseirbhís riachtanach seo a chur ar fháil dá lucht léite.”
Tá sé in am!
“Dúirt Peadar liom le déanaí go mb’fhéidir go bhfuil sé in am aige tarraingt siar beagán! D’aontaigh mé leis agus dúirt mé go bhfuil sos beag tuillte aige anois, tar éis daichead bliain! Phléamar an t-ábhar sin ar feadh píosa, agus d’fhoghlaim mé go raibh imní air nach mbeidh dóthain Gaeilge sa pháipéar in éagmais a cholún seachtaine. Bhí an ceart aige, nach raibh? Príomhpháirt dár bhféiniúlacht náisiúnta agus dár gcultúr uathúil is ea an Ghaeilge – nach ea? Agus mar sin, tá sé an-tábhactach í a shábháil, ní amháin dúinn féin, ach do shliocht ár sleachta! Gach uair a úsaidtear an Ghaeilge, cabhraíonn sé leis an gcúis seo, agus mar sin, tá sé riachtanach an colún seo a choimeád beo! Ach an féidir le Peadar tarraingt siar beagán, agus ag an am gcéanna, don cholún dul ar aghaidh? Múineann gá seift, mar a déarfá, agus bhí smaoineamh againn conas an ceann sprice sin a bhaint amach!
Ar aghaidh linn!
Agus cad é an smaoineamh é sin? Sin í an cheist ? Bhuel, i bhfocal amháin – comhoibriú! Nach bhfuil sé sin sofheicthe?
Tá cabhróir ag teastáil ó Pheadar, le comhoibriú leis ar a cholún. Laghdódh an socrú sin an brú ar Peadar féin, agus bheadh sé in ann a intinn a leagan ar na rudaí is fearr leis. Mar sin agus sa tslí sin, cheapamar go mbeadh an dá thrá á fhreastal againn! Shocraíomar triail a bhaint as an moladh sin ar aon chaoi.”
Cabhróir!
“Maith go leor! Ach cá bhfuil an cabhróir sin? Má tá ceann agat, a Pheadair, caithfidh tú é, nó í, a cur in aithne dúinn! Sin atá á rá againn, nach ea?”
“Bhuel, beidh mo mhac Micheál ag cabhrú liom, agus is dócha go bhfuil sé in ann é féin a cur in aithne daoibh! Cá bhfuil tú, a Mhichíl?”
“Táim anseo. Is mise an mac is sine sa chlann. Rugadh mé i gContae Muigheo, agus tógadh mé i mBaile Átha Cliath go dtí go raibh mé naoi mbliana d’aois, agus i gCill Chainnigh tar éis sin. D’fhreastail mé ar scoil náisiúnta Bhráithre de la Salle, agus ar Choláiste Chiaráin. Bhí m’athair ag obair sa scoil chéanna sin. Tar éis sin, d’fhreastail mé ar an Ollscoil i mBaile Átha Cliath ag déanamh staidéir ar Eolaíocht agus ar Innealtóireacht Leictreach. Ansin, bhí mé ag obair i mBaile Átha Cliath ar feadh cúig bliana, agus ina dhiaidh sin chuaigh mé thar tír amach go Meiriceá. Bhí mé ag obair i gCalifornia ar feadh breis agus deich mbliana fichead, nuair a d’éirigh mé as an jab trí bliana ó shin. Anois, caithim an chuid is mó den Samhradh in Éirinn, i gCill Chainnigh, agus an cuid eile den bhliain i San Diego, i gCalifornia Theas.
Tá súil ag an mbeirt againn go leanfaidh sibh ar aghaidh linn má tá tú i do léitheoir cheana féin. Má tá tú i do léitheoir nua, céad Fáilte romhat, agus tá súil againn gur bhain tú sult as an gcolún nua seo, agus go bhfanfaidh tú linn feasta.”
Gura fad buan sibh uilig!
ó
Na Bairéadaigh.