Oilithreacht Bhliantúil chuig an gCainneon Mór –ar chosán North Kaibab!
San alt deireanach, shroicheamar ár ‘Shangri-La’, nuair a chuamar isteach sa bhialann i Phantom Ranch. Ní raibh ach fadhb amháin againn – bheadh orainn an tearmann sin a fhágáil gan mhoill. Bhí an ghrian neamhthrócaireach ag fanacht linn, agus ag dul ó neart go neart san idirlinn. Faoi dheireadh, sheas ár gceannaire suas – fear meánaosta miotalach darb ainm Joe – agus spreag sé muid chun gnímh.
“Tá sé ag druidim ar a naoi a chlog cheana féin. Tá 16 ciliméadar déanta againn, agus 23 fós le déanamh. Agus ní bheidh mórán scátha le fáil ar an treo suas. Beidh sos againn tar éis 11 ciliméadar, agus uisce ar fáil ansin. Faigh uisce anois, agus cuir uisce ort féin agus ar do bharréidí, hataí gréine agus scaifeanna. Ar aghaidh linn!”
Sheasamar go léir suas, agus amach linn. Bhí sé amhail is go ndeachamar isteach in oigheann the, agus baineadh stangadh asainn. Rinneamar mar a dúirt Joe, agus ar ais ar an gcosán linn gan mhoill. Cé go raibh sé níos teo ná mar a bhí, bhíomar maith go leor fad is a bhí uisce fós orainn. Bhí scáth ann ar feadh tamaillín, agus ballaí ingearacha ildathacha gar dúinn ar an dá thaobh, ag feidhmiú mar scáth ón ngrian. Ar an drochuair, níor mhair sé i bhfad, agus bhí orainn siúl amach faoi ghrian lasrach arís. Agus an teocht ag ardú i gcónaí. Ó am go ham, bhíomar in ann ár gcuid éadaí a fhliuchadh, agus muid féin a fhuarú sa sruthán in aice an chosáin, sruthán darb ainm Bright Angel Creek. Faoi dheireadh, bhí Campa Cottonwood le feiceáil os ár gcomhar amach, amhail is gur mearú súl a bhí ann. Thógamar sos beag ann – líonamar le huisce, d’fhliuchamar muid féin, agus ghearramar greim tapa. Leanamar ar aghaidh ansin go dtí ‘Roaring Springs’. Cheapfá gurb eas traidisiúnta é, ach ní bheadh an ceart agat. Tagann an t-uisce amach go láidir as balla carraige, ag sileadh síos an fhána cosúil le heas, ach is tobar nádúrtha é i ndáiríre. Cruthaíonn sé fuaim leanúnach mhór cosúil le heas freisin – cúis a ainm. Is é ‘Roaring Springs’ príomhfhoinse uisce do dhá imeall an chainneoin trí píblíne tras-chainneoin. Bhailíomar le chéile ann agus labhair Joe linn arís. “Beidh sé deacair as seo amach,” a dúirt sé. Éiríonn an cosán an-ghéar, agus beimid ag siúl i réimse i bhfad níos airde, suas go dtí 2,500 méadar. Tá an t-imeall seo 300 méadar níos airde ná an t-imeall eile. Mar sin, fanaimis le chéile as seo amach, le Donncha chun tosaigh agus mise chun deiridh. Lig do Dhonncha an luas a leagan síos don dreapadh, agus má bhíonn fadhb ar bith ag aon duine, stad agus fan liom. Tá sé ríthábhachtach do dhóthain uisce a ól. Beidh tú in ann uisce a fháil go héasca as seo amach, agus beidh uisce breise agamsa freisin, más gá. Beimid ar an gcosán suas go ceithre uair a chloig. Anois, ádh mór orainn go léir, agus ar aghaidh linn!”
Thosaigh an obair i ndáiríre ansin.
Ó Roaring Springs go dtí an t-imeall ó thuaidh
Sa 6 ciliméadar a bhí fágtha againn, d’éiríomar in airde ó 1,500 go 2,500 méadar – sin fána ghéar. Níl an cosán gar don Bright Angel Creek níos mó, agus mar sin ní rabhamar in ann ár n-éadaí a fhliuchadh. É sin go léir gan scáth agus le hardteocht dhúshlánach agus beagnach dofhulaingthe le brath — go dtí an míle deireanach, nuair a fuaireamar scáth ag dul tríd an bhforaois a mhaolaigh an teas de réir a chéile. Bhíomar go léir ag streachailt ar an gcosán, agus bhí orainn sosanna a thógáil go mion minic, mar buaileadh tinn duine amháin nó duine eile ar an tslí. Bhí Joe go hiontach sna cásanna sin – thug sé cabhair dúinn go léir agus spreag sé muid leanúint ar aghaidh de réir a chéile. Bhí fonn múisce orm féin uair amháin, agus thug Joe píosa oráiste dom, agus shuigh sé síos liom ar feadh tamaillín, go dtí gur tháinig mé chugam féin arís. Chuir sé in iúl dom go dtarlaíonn a leithéid do beagnach gach duine, de bharr meascán airde, teocht agus stró ar do chorp agus é ag obair an-dian.
An t-imeall!
Faoi dheireadh, bhaineamar an t-imeall amach, agus shuíomar go léir síos tar éis cúpla fhéinphic a thógáil. Bhíomar go léir sásta ach tuirseach traochta ag an am céanna, agus bhí an-áthas orainn Anne (duine dár ngrúpa nach ndearna an tsiúlóid linn) a fheiceáil ag teacht inár dtreo ina veain. Léim sí amach, agus rinne sí comhghairdeas ó chroí linn. “Tar isteach sa veain,” a dúirt sí, rud nach raibh uirthi a rá arís. Isteach linn go léir ar luas lasrach, agus bhíomar an-sásta nuair a thug sí buidéal uisce fhuair do chách. “Conas ar éirigh libh?” a d’iarr sí orainn, agus d’fhreagair Joe. “Cé go raibh teas damanta ann, agus cé go raibh fadhbanna beaga ag gach duine againn, rinne an fhoireann go léir éacht, ag teacht slán faoi dheireadh. Lá fada a bhí ann, ach ceapaim go bhfuil cith folctha deas at teastáil ag gach duine againn, roimh bhéile deas sa bhialann iontach sa Grand Canyon Lodge. D’aontaíomar go léir leis agus go deimhin bhí cith folctha deas againn agus béile iontach freisin. Bhí scéal i ndiaidh scéil á n-insint againn agus bhíomar go léir sásta leis an éacht iontach a bhí déanta againn. Níor chuala mé faic faoi shiúlóid eile trasna an chainneoin, agus níor ardaigh mise an t-ábhar ach an oiread. Níorbh é sin an t-am a bheith fiú ag smaoineamh ar shiúlóid mhór eile mar seo, agus ár gcoirp fós ag fulaingt tar éis an chinn seo! Ag an am céanna, bhí a fhios go maith againn go mbeimis ar ais le chéile arís ag siúl trasna an chainneoin álainn seo roimh i bhfad. Rith sé liom freisin go raibh mé ag féachaint ar an talamh an chuid is mó den am nuair a bhíomar ag teacht aníos, agus go mbeadh orm an tsiúlóid a dhéanamh arís chun an fhadhb sin a réiteach!