Oilithreacht Bhliantúil chuig an gCainneon Mór – síos cosán an Bright Angel!

Ag deireadh an ailt dheireanaigh, bhí grúpa siúlóirí bailithe le chéile ag tús na siúlóide ag a ceathair a chlog ar maidin, mise san áireamh. Bhíomar at tí imeacht ón imeall ó dheas go dtí an t-imeall ó thuaidh, gléasta inár gcathéide. Seaicéad clúimh, péire miotóg, bairéidín, briste agus bróga siúlóireachta le micr-spící orm. In ainneoin sin, bhí mé fós préachta leis an bhfuacht.

Thosaíomar ag siúl síos sa chainneon, ár gceannlampaí ar siúl againn. Cosán crochta a bhí ann i gcónaí, ach bhí lomáin d’adhmad giúise leagtha ar an gcosán mar chéimeanna, cosúil le trasnáin ar iarnród. Is é a bpríomhchuspóir ná cobhsaíocht an chosáin, go háirithe sna codanna géara. Ach baineann siúlóirí úsáid astu freisin, cé go bhfuil siad i bhfad ó chéile uaireanta.

Ní raibh a fhios agam faoi ag an am, ach tá leagan amach an chosáin go hiontach ó thaobh áiteanna scíthe agus uisce de. Tá áiteanna scíthe nó/agus uisce ar fáil gach dhá chiliméadar go leith ar an tslí síos go dtí an Colorado. Siúlann tú trí chiliméadar go leith níos mó, agus tar éis duit an Droichead Airgid (Silver Bridge) a thrasnú, sroicheann tú Phantom Ranch– leigheas ar shúile tinne agus áit a bhfuil gach uile áis ar fáil – lena n-áirítear uisce, earraí bia agus dí, béilí te, agus fiú lóistín.

Thóg mé cúig lítear uisce liom ar an tsiúlóid, nach raibh gá leis. Níl sé go maith an iomarca meáchain a iompar. Ach imreoir céad bhliana a bhí ionam agus bhí orm a lán rudaí a fhoghlaim fós faoin siúlóireacht. Ar an gcéad dul síos, níl sé go maith meáchan breise a iompar. Ar an dara dul síos, ní ólann tú an méid céanna ag dul síos agus a ólann tú ag teacht aníos – go háirithe mura bhfuil sé róthe ag dul síos. Ar an tríú dul síos, má bhíonn uisce ar fáil ar an tslí, is fiú é sin a chur san áireamh freisin. Ach is fearr a bheith ródhícheallach ná faillí a dhéanamh!

Tar éis tamaill bheag, agus muid breá teolaí, bhaineamar dínn na seaicéid. Tar éis tamaillín eile, nuair nach raibh aon leac oighir fágtha ar an gcosán, bhaineamar dínn na micr-spící. Ansin, nuair a d’éirigh an ghrian, bhaineamar dínn ár gceannlampaí freisin. Bhí teocht timpeall 20ºC ann agus bhíomar go léir deas compordach. Thógamar sos beag ag an tríú stad chun dul go dtí an leithreas agus chun ár gcuid uisce a athlíonadh más gá. Bhí greim gasta againn ansin agus ar aghaidh linn go dtí an abhainn. Bhí teocht 28ºC ann nuair a shroicheamar an Colorado. Ní raibh sé compordach níos mó, ach níor stad an teocht ag éirí ach an oiread. Nuair a shroicheamar Phantom Ranch, bhí teocht 35ºC ann – a dhiabhail! Ansin, chuamar isteach doras na bialanna ina raibh aerchóiritheoir ag gnúsacht go hard i mbun a hoibre deacra. Shéid aer iontach úr as inár dtreo, agus bhí sé go breá a bheith in ann fuarú mar sin ar feadh tamaill, agus líomanáid oighrithe á n-ól againn ag an am céanna. Thosódh an tsiúlóid i ndáiríre tar éis an tsosa!

Ach roimhe sin – ní dúirt mé aon rud faoi na radhairc faoin imeall. I ndáiríre, bheadh sé deacair é sin a dhéanamh i gceart. Is leor a rá go bhfuil na radhairc beagnach osnádúrtha. Gearradh tolláin dhoimhne tríd an gcarraig síos cúpla ciliméadar go dtí an Colorado, abhainn atá fós i mbun na hoibre sin. Ag tosú amach ar an Bright Angel Trail ón imeall, mothaíonn tú mórgacht na cruinne, agus Bealach na Bó Finne le feiceáil go soiléir thuas sa spéir. Le héirí na gréine, imíonn na réaltaí de réir a chéile agus tagann solas ar áilleacht na mballaí ollmhóra thart timpeall ort, agus tú ag dul síos, céim ar chéim, isteach sa radharc féin. Is ionann é sin agus a bheith ag siúl siar trí shraitheanna an ama féin. Bíonn dathanna difriúla ar na carraigeacha éagsúla:

  • Kaibab Limestone (sraith aolchloiche) – bán liath, 270 milliún bliain d’aois
  • Toroweap Formation (sraith mheasctha) – liath donn, 273 milliún bliain
  • Coconino Sandstone (ciseal gainmheachchloiche) – bán gainmheach, 275 milliún bliain
  • Hermit Shale (sraith scailchlóiche) – rua dorcha, 280 milliún bliain
  • Supai Group (sraith mheasctha) – raon rua go donn, 285–315 milliún bliain
  • Redwall Limestone (sraith aolchloiche) – liath gorm – tagann dath dearg isteach ón cré-iarainn i sraitheanna níos uachtaraí ach go háirithe ón Supai Group – 340 milliún bliain
  • Muav Limestone (sraith aolchloiche) – liathghlas, 505 milliún bliain
  • Bright Angel Shale (sraith scailchlóiche) – glas olóige, 515 milliún bliain
  • Tapeats Sandstone (ciseal gainmheachchloiche) – donn órga, 525 milliún bliain

Tagann ciseal ar chiseal de charraig i láthair go géar agus na dathanna láidre ag baint leo: liath, donn, bán, rua, gorm, glas agus órga agus iad go léir ag athrú i gcónaí leis an solas. Agus tú ag druidim leis an gcainneon istigh, feictear beanna géara agus túir nádúrtha le spuaiceanna arda barrchaolaithe os do chionn agus iad cosúil le teampaill ársa, múnlaithe ag uisce cumhachtach na Colorado. Agus ansin, faoi dheireadh, nochtar an abhainn mhaorga féin . D’fhág tú an domhan coitianta ar an imeall agus diaidh ar ndiaidh chuaigh tú isteach i nduibheagán domhain eile ar fad, lán de dhraíocht nádúrtha nach bhfuil le feiceáil aon áit eile. Téann sé i bhfeidhm go mór ort. Cé go mbraitheann tú an-bheag, leathnaítear d’intinn ag an am céanna. Ritheann sé leat gur eispéireas spioradálta é seo freisin, agus bíonn tú go hiomlán i dtiúin leis an nádúr anseo ag bun an chainneoin. …Tuilleadh le teacht.

 

 

 

 

 

gaGaeilge