Rocal

.

Bhí an impireacht marbh leis na cianta,

Gan aon náisiún fágtha di dul ar a tóir.

Na súile rite uirthi ag faire le blianta,

Ach chíor go haireach an fharraige mhór.

.

I bhfad amach ó chósta Dhún na nGall,

Shínigh a lámha amach go dtí

Oileáinín creagach darb ainm Rocal,

Is gan mhoill Jeaic an Aonaigh nár ardaigh !

.

I miotaseolaíocht na gCeilteach, nuair a chaith Fionn Mac Cumhaill píosa talún lena namhaid in Albain, thit an chuid is den ch i Muir Éireann, agus chum Oileán Mhanann. Ach thit píosa beag bídeach san Atlantach, agus chum an t-oileáinín creagach sinRocal!

Sa 6ú haois, agus iad ar a shlí ar ais go hÉirinn, thug Naomh Breandán agus a chriú cuairt ar oileáinín a raibh an díthreabhach Naomh Pól ina chónaí air. Sin ceann de na scéalta i lámhscríbhinn de chuid an 9ú haois (Navigatio Sancti Brendani Abbatis), ina ndearnadh cur síos ar odaisé Naomh Breandán. Rocal ag teacht leis an gcur síos a tugadh sa lámhscríbhinn sin!

Rocal le feiceáil i léarscáileanna loingseoireachta don chéad uair sa 17ú haois, ach níor tháinig aon duine i dtír air go dtí an bhliain1811, nuair a dhreap Lieutenant Basil Hall agus cúpla duine eile go barr an oileáinín.

thabharfar cuairt arís air go dtí an bhliain 1971, nuair a tháinig an Cabhlach Ríoga ar ais, chun leacht a chrochadh agus solas rabhaidh a chur ann, agus iad ag glacadh teideal ar Rocal mar chríoch náisiúnta na Breataine! An bhliain ina dhiaidh sin, ritheadh Acht Rocal i Westminster, ag tabhairt aitheantas oifigiúil dó mar chuid do Chontae na Hearadh in Albain.

Sa bhliain 1975, is beag nach bhfuair Willie Dick as Baile Átha Cliath bás ag iarraidh bratach na hÉireann a ardú ar Rocalar an drochuair, theip air!

Sa bhliain 1985, bhain an taiscéalaí Sasanach Tom McClean curiarracht amach nuair a chaith 40 ar an oileáinín. Agus sa bhliain 1997, chaith triúr gníomhaí Greenpeace 42 ar an oileáinín, mar agóid in aghaidh taiscéalaíocht ola! Ansin, sa bhliain 2014, ar an dara iarracht, bhain an taiscéalaí Albanach Nick Hancock curiarracht nua amach de 43 ar an oileáinín.

an t-oileáinín beag seo ar ais anois, ach le cúis eile ar fad cearta iascaireachta! Más cuimhin leat, b díospóireacht ann an bhliain seo caite, agus Alban ag tabhairt rabhadh dúinn gur leosan Rocal agus ag nach bhfuil cead againn a bheith ina uiscí teorainn (12 muirmhíle timpeall ar an oileáinín).

nach dtugann aon tír eile aitheantas do Rocal mar chríoch na Breataine, seasann an Bhreatain an fód go stuacánta. Roimh an Bhreachtimeachta, raibh aon fhadhb de dheasca Rocail, mar cuireadh meánna ballstát an AE i dtoll a chéile, agus bhí cead ag gach ballstát iascaireacht ann. Is é atá i gceist le meá ceantar cósta ag baint le tír a bhfuil cearta áirithe eisiach aici faoi, cearta iascaireachta san áireamh. Is ionann meá sa chomhthéacs seo agusExclusive Economic Zone’ EEZ’ as Béarla.

Le Breatimeacht crua, áfach, bheadh meá amháin ag an mBreatain, agus meá eile (roinnte) ag an AE. bheadh cead ag aon bhallstát an AE iascaireacht i meá na Breataine níos , ag an mBreatain iascaireacht i meá an AE ach an oiread.

Sa bhliain 2013, nuair a shínigh an Tánaiste Éamonn Gilmore agus an Bhreatain comhaontú faoin teorainn idir meá na hÉireann agus meá na Breataine, dheachaigh i gcomhairle le hionadaithe ár dtionscal iascaireachta roimh . Is dócha nár thuig chomh tábhachtach is atá Rocal dúinn agus bhrí sin thug uainn é i scríbhinn, ó thaobh na hiascaireachta de. Mar sin, bheadh ár gcearta iascaireachta i meá na Breataine caillte le Breatimeacht crua agus bheadh Rocal ionann is caillte dúinn freisin. Bheadh deacair idirbheartaíocht a dhéanamh ansin leis an mBreatain Mhór chun na cearta iascaireachta sin a fháil ar ais, gan aon trácht ar na huiscí teorainn a bhfuil easaontas ann fúthu!

Tá súil agam nach dtarlóidh Breatimeacht crua ar a lán údar, ba laghad ina measc an tionchar diúltach agus na héiginnteachtaí a bheadh ag baint leis an tionscadal iascaireachta in Éirinn. Níl aon dabht ach go bhfuil lánaird ár Rialtas dírithe ar Rocal anois súil agam nach bhfuil ródhéanach!

gaGaeilge