Cad atá ar bun ag an tSín?  Sin an cheist atá ar intinn gach duine tar éis na heachtra móire idirnáisiúnta a tharla le déanaí idir an tSín agus na Stáit Aontaithe.  Dúirt oifigeach míleata sinsearach go bhfacthas balún ar 28 Eanáir, ar an taobh thuaidh den Oileáin Ailiúit in Alasca. Bhí an balún timpeall 18 ciliméadar in airde.  Thug sé conair eitilte os cionn Cheanada agus ansin os cionn Idaho sna Stáit Aontaithe. Shroich sé Montana ar 1 Feabhra agus nuair a cuireadh cosc ar eitiltí ag aerfort Billings, d’fhéach daoine suas sa spéir agus fuaireadar radharc ar an mbalún.

 

Chuala an tUachtarán Biden faoin mbalún den chéad uair ar 31 Eanáir agus d’iarr sé ar ard-Ghinearáil athbhreithniú a dhéanamh ar roghanna míleata.

 

Tháinig drochthoradh taidhleoireachta náisiúnta agus idirnáisiúnta go tapa. Sna Stáit Aontaithe, bhí malairt tuairime faoi cad ba cheart a dhéanamh. Thapaigh na Poblachtaigh an deis chun Biden a cháineadh as a easpa gnímh, ag rá gur ba cheart dó an balún a scriosadh chomh luath is a d’fhoghlaim sé faoi. Ach dúirt Biden go ndearna sé é sin díreach – le coinníoll amháin – ná tóg riosca go bhfaigheadh aon duine bás dá bharr sin. Mar sin, níor scriosadh é go dtí go raibh sé os cionn na farraige – rud a tharla ar 4 Feabhra, os cionn an aigéin Atlantaigh.

 

D’fhógair Aireacht Gnóthaí Eachtracha na Síne a míshástacht agus a ghearán láidir maidir le cinneadh Washington an balún a lámhach, ag maíomh gur aerárthach sibhialtach na Síne a bhí ann a chuaigh isteach sna Stáit Aontaithe trí thimpiste. “Cosnóidh an tSín cearta dlisteanacha an fhiontair atá i gceist go daingean, agus coimeádfaidh sí an ceart aici féin freagra a thabhairt níos déanaí,” a dúirt an Aireacht Eachtrach i ráiteas.  Níor chreid na Stáit Aontaithe gur aerárthach sibhialtach a bhí i gceist, ach chinn an Pentagon gur gaireas faireachais Síneach a bhí ann, agus chuir an Rúnaí Stáit Antony J. Blinken a thuras go dtí an tSín siar dá bharr sin.  Is rud ait é gur tharla a leithéid roimh turas an Rúnaí, nuair a bhí sé mar aidhm aige dea-chaidreamh a athbhunú leis an tSín.  Ní hé sin an saghas ruda a chothódh dea-chaidreamh eatarthu, agus caithfidh muid a fhiafraí an raibh a fhios ag Uachtarán na Síne, Xi Jinpeng, go mbeadh an balún sin ag sárú aerspás na Stáit Aontaithe ag an am céanna le cuairt an Rúnaí Blinken.  

 

Beidh sé deacair anois athmhuintearas a dhéanamh, nuair atá an tSín ag maíomh rud amháin agus na Stáit Aontaithe rud eile ar fad, maidir leis an mbalún.   Tá sé ríthábhachtach don dhá sárchumhachtaí guaim a choinneáil orthu féin ar feadh tamaill, roimh dóibh iarracht eile a dhéanamh chun dea-chaidreamh a athbhunú.

 

Ufónna?

 

B’fhéidir gur comhtharlú atá i gceist ach is cúis imní é gur tháinig trí aerárthach eile isteach san aerspás os cionn Mheiriceá Thuaidh ó shin i leith! Tar éis céard a bhí tarlaithe leis an mbalún, tugadh go talamh iad gan mhoill. Ní dúirt na húdaráis faic fúthu ach amháin nach raibh siad chomh sofaisticiúil leis an mbalún. Ait go leor, i gcás cúpla ceann dóibh, de réir dealramh, ní balúin a bhí i gceist ach ní raibh siad cinnte faoin gcóras tiomána ar úsáideadh. Dá bharr sin, bhí cogar mogar gur Úfónna a bhí i gceist.  Nuair a fiafraíodh de ag comhdháil nuachta an raibh bunús eachtardhomhanda as an gceist, dúirt Glen D. VanHerck, ceannasaí Cheannasaíocht Thuaidh an Aerfhórsa, “Ní mé in ann aon rud a fhágáil as an áireamh ag an bpointe seo.” Ach in agallaimh eile, dúirt oifigigh slándála náisiúnta na Stáit Aontaithe nach aeráthaigh eactardhomhanda a bhí i gceist.  Ní cheapann aon duine, a dúirt oifigeach sinsearach amháin, nach bhfuil sna rudaí seo ach táirgí a rinneadh anseo ar an Domhan.

 

Focail Scoir

 

Suas go dtí 4 Feabhra 2023, níor tugadh aon aerárthach go talamh os cionn Mheiriceá Thuaidh. Ó shin amach, tugadh ceithre aerárthach go talamh! Tarraingíonn sé seo go leor ceisteanna faoi céard atá ar siúl, agus cé atá taobh thiar den ionsaí seo?

 

Gan dabht, is leis an tSín an chéad aerárthach – an balún. Beidh níos mó eolais againn faoin mbalún roimh i bhfad, tar éis scrúdú a dhéanamh ag na Stáit Aontaithe ar na píosaí a fuair siad ón bhfarraige. Is dócha go raibh an tSín ag déanamh faireachais ar na Stáit Aontaithe leis an mbalún sin. Más ea, ní bheidh aon deifir ar ais orthu!

 

Maidir leis na aerárthaigh eile, tá rialtas na Stáit Aontaithe ag fanacht ina tost agus é seo á scríobh. Beidh brú ar an rialtas ráiteas a eisiúint luath go leor, agus beidh sé an-suimiúil é sin a fheiceáil. Tá súil agam nach spásárthaigh eachtráin atá i gceist!

 

.

 

gaGaeilge