Bíonn deis againn ag tosach gach bliana súil a chaitheamh siar ar an mbliain atá caite agus muid ag ullmhú don bhliain atá amach romhainn.  Go minic, bíonn muid ag ullmhú rúin indéanta, athbhliana. Sí an fhadhb is mó a bhaineann le seo ná go ndéanaimid dearmad ar na rúin athbhliana taobh istigh de mhí nó mar sin!  Sin é an fáth go bhfeiceann tú an oiread sin daoine sa spórtlann gach Eanáir, ach i bhfad níos lú daoine ann i mí Feabhra.

Ach tá réiteach agam!

.

Léarscáil

Ceann scríbe is ea rún athbhliana, ach gan léarscáil níl sé ró-úsáideach.  Sa léarscáil sin, leagann muid amach na céimeanna atá i gceist le dul go dtí an áit atá ar intinn againn, agus an modh chun gach céim a bhaint amach.   

De ghnáth, ní bhíonn againn ach céim amháin agus bíonn orainn an rud céanna a dhéanamh lá i ndiaidh lae.  Cé go bhfuil sé seo simplí a thuiscint, níl sé éasca é a dhéanamh. B’fhéidir gur mhaith linn drochnós a chríochnú agus dea-nós a chleachtú .  Mar shampla, drochnós is ea caitheamh tobac, agus dea-nós is ea aclaíocht.

Uaireanta bíonn níos mó ná céim amháin i gceist agus sa chás sin, sprioc fhadtéarmach atá i gceist.  Cé nach ionann nósanna agus spriocanna, tá tú in ann gach sprioc a bhriseadh síos i nós nó i nósanna.   Mar shampla, nós is ea céad focal a scríobh gach lá, ach sprioc is ea leabhar a scríobh. Chun leabhar a scríobh, tá orm plean a chruthú ar dtús agus ansin é a chleachtú.  Siad na céimeanna a chaitear a dhéanamh ná imlíne a chur le chéile; gach caibidil a scríobh go dtí go bhfuil bunchóip agam agus ansin, iad a scríobh arís go dtí go bhfuil mé sásta leo.  Sa chás seo, cé go bhfuil go leor céimeanna le siúl chun leabhar a scríobh, níl ach nós bunúsach amháin agus sé sin a bheith ag scríobh gach lá! Má ta fúmsa bheith aclaí go aeróbach an bhliain seo chugainn, cad a dhéanfaidh mé?

Deirtear go bhfuil trí chéim i gceist le gach nós: an nod, an gnáthamh, agus an luach.

Is é an nod an spreagadh dúinn an gnáthamh a dhéanamh.  Mar shampla, gach uair a mhothaím strus, caithim toitín.  Tar éis an ghnáthaimh tagann luach éigin. Sa chás seo, mothaím ar mo shuaimhneas agus tá an strus imithe ar feadh tamaillín.  Gach uair a tharlaíonn an nod, tagann smaointe an luach, agus déanaim an gnáthamh. Fásann an nós níos láidre gach uair, agus tar éis cúpla mí, bíonn sé uathoibríoch.  Ní thógann sé aon fhuinneamh é a dhéanamh tar éis sin. Chun nós nua a chumadh, siad na ceisteanna a chaithfidh mé a fhreagairt ná…

1. Cad é an nod a spreagfaidh an gnáthamh?

2. Cad é an gnáthamh féin?  

3. Cad é an cúiteamh ar mo shaothar?  

I gcás an aclaíocht, sé an nod a úsáidim ná bheith ag tiomáint abhaile tar éis oibre.  In ionad dul abhaile go díreach, téim go dtí an spórtlann. Sé an gnáthamh ná rang ‘spin’ ar an rothar aclaíochta, mar tá sé go hiontach mar aclaíocht aeróbach.  Ní bheidh an luach céanna ag gach duine. Cé go mbímse faoi stró nuair a shroichim an spórtlann, tar éis aclaíocht bímse ar mo shocairshuaimhneas. Tá sé tábhachtach nós nua a chleachtadh ar feadh cúpla mí ar a laghad, go háirithe nuair nach bhfuil fonn ort é a dhéanamh.  Tógann sé an t-am sin leis an nós nua a bhunú. Bíonn sé éasca go leor an nós nua a chleachtú tar éis sin.

Bain triail as, agus geallaim duit go mbeidh tú an-sásta leis na torthaí!

.

gaGaeilge