Tá rud éigin inár nádúr a shantaíonn an chumhacht. Níl an ráiteas sin fíor i gcás gach duine, ach i gcás daoine áirithe níl aon dabht ach go bhfuil sé fíor. Feicimid an feiniméan seo go soiléir i réimse na polaitíochta, an reiligiúin agus an ghnó, go háirithe ina gceannairí. Lig dom cúpla shampla a lua, agus tuigfidh tú cad atá á rá agam.

Réimse na Polaitíochta

Anseo, i Meiriceá mar a bhfuil cónaí orm an chuid is mó den bhliain, bhí Donald Trump mar uachtarán againn. Tá sé ag iarraidh an post a fháil ar ais ó Biden agus ní bheadh a fhios ag aon duine cad a tharlóidh sa toghchán uachtaránachta ag deireadh na bliana seo. Seans maith go mbeidh an bua aige, ar an drochuair. Ciníoch agus biogóid is ea é, agus níl cás ná náire air faoi – a mhalairt ar fad, tá sé bródúil as. a fhios ag madraí an bhaile faoin iliomad coireanna curtha ina leith, agus é sa chúirt gach re lá! In ainneoin gach drochrud atá déanta ag Trump, slua mór lucht leanúna aige. Tá siad dílis dó, is cuma cad a dhéanann sé. I measc a lucht leanúna, tá go leor bhunúsaithe Críostaí, cé gur mar a chéile leis ceart nó mícheart. Mar a chonaiceamar cheana, ghríosaigh Trump a lucht leanúna chun ionsaí a dhéanamh ar an gCaipeatól, nuair a chaill sé an toghchán uachtaránachta. Tá sé mar aidhm ag Trump a bheith ina dheachtóir, cosúil le duine dá chuid laochra, Vladimir Putin – eiseamláir uafásach d’aon duine. Ach ina dhiaidh sin is uile, fanann a lucht leanúna dílis dó.

Réimse an Reiligiúin

nach bhfuil aon easpa sna reiligiúin eagraithe de dhaoine a bhfuil an-tóir acu ar an gcumhacht, tá cúrsaí i bhfad níos measa sna cultais reiligiúnach. Agus as na cultais reiligiúnach sin, bheadh sé deacair ceannaire níos measa ná Warren Jeffs a shamhlú.  Fáidh féincheaptha is é Jeffs i seict bhunchreidmheach san Eaglais Naoimh na Laethanta Deireanacha (FLDS), seict a chleachtann polagamas. Tháinig clú agus cáil ar Jeffs sna 90idí nuair a bhí sé ag barr liosta an FBI de dhaoine is mó a bhí ag teastáil uathu. Gabhadh é i 2011 agus fuarthas ciontach é i mí-iompar tromchúiseach. Rinne sé ionsaí gnéis ar bheirt chailíní a bhí sna déaga agus ar phós sé iad. Mhaigh sé gur brídeacha spioradálta a bhí iontu. Chuala an giúiré go raibh thart ar 78 bean chéile ag Jeffs, lena n-áirítear 12 a phós sé nuair a bhí siad 16 bliana d’aois, agus 12 a phós sé 15 bliana d’aois nó níos óige.

Gearradh príosún saoil ar Jeff. Sa bhliain 2007, rinne iarracht é féin a chrochadh ina chillín príosúin in Utah. Nuair a chuaigh sé ar stailc ocrais i bpríosún in Arizona i 2009, agus tugadh cothú dó in éadan a thola. sé fós sa phríosún i Texas faoi láthair, gan aon seans aige a bheith scaoilte amach go dtí 2038 ar a luaithe. Dúirt mac Jeffs, fear darb ainm Jeffson: “Agus muid ach inár bpáistí dúisíodh muid ag a cúig gach maidin chun an bricfeasta a ullmhú agus chun glanadh suas ina dhiaidh sin. Ansin, cuireadh amach muid ag obair ar an bhfeirm an lá ar fad. Ní raibh aon cheol, aon idirlíon, aon teilifís, aon scannáin, aon rud den chineál sin. Chruthaigh m’athair ár dtimpeallacht, agus ní rabhamar in ann dul in aghaidh a thola riamh. Bhí smacht aige fiú ar an gcaoi a bhfacamar an domhan lasmuigh, i ngach bealach.”  

Bhí thart ar 10,000 leantóir ag Warren Jeffs tráth a phianbhreithe, lonnaithe i mbaile iargúlta ar theorainn Utah-Arizona, áit ina bhfuil a lucht leanúna fós ina gcónaí agus ag cleachtadh a gcreidimh.

Réimse an Ghnó

Stiúir Bernie Madoff an scéim Ponzi is mó riamh, agus rinne sé calaois $65 billiún ar a chuid cliant, thar thréimhse fiche bliain. Mhaigh sé gur thuill sé brabús de 11% gach bliain gan teip dá gcliaint, bliain i ndiaidh bliana, ón am a thosaigh sé a chomhlacht infheistíochta. Bhí sé rómhaith le bheith fíor! Níor infheistigh sé airgead a gcliant ar chor ar bith, agus nuair a tharraing cliaint airgead as a gcuntais, úsáideadh stór airgid a bhí ag Madoff chun iad a íoc. Bhí fadhb mhór aige i 2008, nuair a thit an stocmhargadh as a chéile. Bhí go leor daoine ag iarraidh airgead a tharraingt amach agus ní raibh go leor cliaint nua ag teacht isteach. Rith an scéim as airgead, agus bhí a chosa nite ansin. Mhínigh sé dá bheirt mhac, fostaithe i gcomhlacht a n-athair, faoin gcaimiléireacht agus an tsáinn ina raibh siad. Rinne a mhic teagmháil leis a dlíodóirí gan mhoill, agus gabhadh a n-athair an mhaidin dár gcionn. Gearradh téarma príosúin céad bliain is caoga ar Bernie Madoff. Fuair sé bás sa phríosún i 2021 agus é dhá bhliain is ceithre fichid d’aois. Mhaigh a bheirt mhac agus a bhean chéile nach raibh a fhios acu cad a bhí á dhéanamh ag Bernie Madoff. Ciontaíodh oifigigh eile sa chomhlacht freisin agus gearradh téarmaí príosúin orthu. Scrios Madoff saolta go leor daoine; a theaghlach, a chomhghleacaithe agus a chliaint san áireamh. Ní raibh aiféala dá laghad ar Bernie Madoff faoi na coireanna uafásacha a rinne sé.  Bhí Madoff chomh saibhir lena bhfaca tú riamh– roimh an chaimiléireacht. Tá sé deacair a thuiscint mar sin, cén fáth a raibh sé ullamh gach rud a íobairt ar sheans níos mó airgid a fháil go mídhleathach, agus cén fáth gur chreid an méid sin daoine go raibh Madoff in ann míorúiltí infheistíochta a dhéanamh, bliain i ndiaidh bliana!

Conclúid

Tá sé ríshoiléir gur saghas ailse intinne í an tsaint neamhshrianta, agus tá/bhí an galar go dona ag na daoine thuasluaite. Déanann daoine mar sin an-dochar, ní hamháin dóibh féin, ach do go leor daoine thart timpeall orthu, agus don tsochaí i gcoitinne. Tá daoine mar seo in ann go leor daoine eile a chur faoina ngeasa, ionas go ndéanann siad gach rud a iarrtar orthu – fiú amháin má tá sin ag dul glan in aghaidh a gcuid prionsabal féin. Cé chomh deacair is atá sé na ceannairí thuasluaite a thuiscint, tá sé níos deacra fós a luchtanna leanúna a thuiscint.

 

 

 

 

.

 

 

 

 

 

.

 

 

 

 

gaGaeilge