Saoire ar Árainn -Cuid 1!
Luíonn trí oileán mar fhairtheoirí creagacha idir Bá na Gaillimhe agus an tAigéan Atlantach: Inis Oírr, Inis Meáin agus Árainn. Tugtar na hOileáin Árann orthu, agus cé go bhfuil siad ar imeall na tíre, tá siad mar chroílár na tíre agus fiú mar a cosantóirí, ó thaobh ár dteanga agus ár gcultúir de. Seasann muintir na n-oileán mar chruthúnas críochnaithe de sin. Tá stair na tíre le feiceáil freisin i mbeagnach gach áit a leagann tú cos air.
Ní haon ionadh é go dtéann mo bhean chéile, Sinéad, agus mé féin go dtí Árainn aon seans a bhíonn againn. Is aoibhinn linn an Ghaeilge agus cultúr na tíre. Is seandálaí í Sinéad a bhfuil ceangail domhain aici le hÁrainn ó thaobh na seandálaíochta de, agus dá bhrí sin is parthas é an t-oileán di, mar is músaem beo seandálaíochta agus staire é.
Réamhstair agus Stair
Tá go leor le feiceáil ón gCré-Umhaois Dhéanach (1200-600 BCE) ar aghaidh. Tógadh Dún Aonghasa timpeall 1100 BCE agus leathnaíodh é níos déanaí timpeall 500 BCE. Tá an Dún suite ar imeall aille, le ballaí móra cloiche agus spící cosanta ina thimpeall. Is radharc mórthaibhseach é. Tá Dún Dúchathair agus Dún Eoghanachta ón tréimhse chéanna – níl siad chomh cáiliúil le Dún Aonghasa.
Timpeall an 8ú haois, tháinig an t-oileán chun cinn mar ionad mainistreacha agus creidimh. Tá Teampall Bheanáin, eaglaisín ar chnoc os cionn Chill Rónáin, ar cheann de na heaglaisí is lú in Éirinn. Tá sé tiomnaithe do Bheanán, leanúnaí de Naomh Pádraig.
Thagadh oilithrigh ón mórthír go dtí Na Seacht dTeampaill, suíomh ársa mainistreach le linn na meánaoise. Tá fothracha reiligiúnacha ann, lena n-áirítear eaglaisí, leachta agus uaigheanna. Bhí sé ar cheann de na suíomhanna Críostaí ba mhó ar na hOileáin Árann.
Tá go leor suíomhanna eile le feiceáil ar an oileán freisin, lena n-áirítear Mainistir Chiaráin, Teampall na Naomh, Teampall Mac Duach, Teampall an Cheathrair Álainn, chomh maith le raon toibreacha beannaithe agus leachta cloiche. Rinne Sinéad tochailt seandálaíochta thábhachtach ar Mhainistir Chiaráin, inar nochtadh gnéithe agus déantúsáin shuntasacha, a théann siar go dtí an Iarannaois. Tá go leor le hinsint faoin tochailt seo, ach sin scéal do lá eile agus colún eile.
Lonnaigh muintir na Cré-Umhaoise ar na hOileáin Árann ar dtús, agus tháinig treibheanna Ceilteacha ina ndiaidh san Iarannaois. Ón 5ú haois ar aghaidh, bhí na hOileáin ina lárionad Críostaí. Den chuid is mó, d’fhan pobal na n-oileán dílis dá gcultúr agus teanga suas go dtí an lá atá inniu ann.
Turasóireacht
Bíodh sin mar atá, ná déantar dearmad ar na hathruithe suntasacha a raibh an-tionchar acu ar na hoileáin agus a n-áititheoirí le tamall anuas. Thosaigh turasóireacht ar na hOileáin Árann ag deireadh an 19ú haois, nuair a tháinig scríbhneoirí, ealaíontóirí agus scoláirí chucu. Bhain siad taitneamh as gach a raibh ar fáil ar na hoileáin — cultúr ársa a bhí fós beo, agus áilleacht nádúrtha uathúil nach raibh a sárú ann. Thug an drámadóir cáiliúil J.M. Synge cuairt ar Oileáin Árann den chéad uair sa bhliain 1898, ar chomhairle W.B. Yeats, a mhol dó “dul go hOileáin Árann agus a shaol a chur in iúl i slí nár cuireadh in iúl riamh cheana.”
D’fhill Synge gach samhradh ó 1898 go 1902, agus chaith sé an chuid is mó dá am ar Inis Meáin. Bhí tionchar a thréimhse ar Inis Meáin le brath go soiléir ina dhráma The Playboy of the Western World (1902). Is é a shaothar próis, The Aran Islands (1907), an bunús is mó dá oidhreacht ann. Scríobh sé saothar mealltach fileata ina ndéanann sé cur síos ar shaol crua na n-oileánach, agus ar áilleacht chreagach an dúlra.
Le linn an 20ú haois, d’fhás an turasóireacht, diaidh ar ndiaidh. Bhí sé deacair tráth dul i dtír ar na hOileáin Árann, ach sa lá atá inniu ann, tá seirbhísí farantóireachta rialta ó Ros a’ Mhíl, Dúlainn agus Gaillimh, agus ó na 1970idí i leith, tá eitiltí gearra ar fáil ó Aerfort Chonamara. Le blianta beaga anuas, bíonn níos mó suime ag daoine i gcultúr agus nádúr na n-oileán, agus is aoibhinn le daoine dul amach ar rothar agus ar chois ar na hoileáin. Sa lá atá inniu ann, tagann daoine ní hamháin as Éirinn, ach ó gach cearn den domhan freisin. Tá turasóireacht anois mar chuid thábhachtach den gheilleagar áitiúil, cé go bhfuil sí fós séasúrach i gcomparáid le go leor áiteanna eile.
Teacht i dtír ar Inis Mór
An uair seo, bhíomar féin mar phaisinéirí ar an gceann is déanaí i gcabhlach Doolin Ferries: Cliffs of Moher Express. Tá an long seo i bhfad níos tapúla agus níos mó ná na báid eile. Chomh maith leis sin, tá cobhsaitheoirí ag an mbád chun an turas a dhéanamh níos réidhe. Bhí an turas go hiontach, agus thar a bheith réidh. Is dea-scéal é sin domsa, mar níl bolg láidir agam ar an bhfarraige.
Bhí Airbnb curtha in áirithe againn in aice le Tí Joe Watty’s agus mar sin gar do Chill Rónáin. D’fhanamar sa teach beag céanna cheana, teach compordach le gach áis ar fáil – lena n-áirítear cistin iomlán feistithe. Ní raibh an bagáiste istigh againn ach chuamar díreach go Spar chun ár siopadóireacht a dhéanamh. Chuir bainisteoir an Spar fáilte mhór romhainn, agus bhí cúpla focal againn faoi conas a bhí an saol ag dul. Bhí sé go hiontach a bheith ar ais ar Árainn arís!
Ceolchoirm
Ag fágáil an siopa dúinn, chonaic Sinéad póstaer ag fógairt ceolchoirme don oíche chéanna agus a bheadh ar siúl i Halla Rónáin. Bheadh an t-amhránaí is scríbhneoir, Susan O’Neill , mar phríomh-mhír an tseó. Is amhránaí ó Inis, Contae an Chláir í Susan O’Neill (SON), a mheascann ceol traidisiúnta, rac, gormacha agus anamcheol le guth láidir agus sainiúil. Bhain sí clú amach lena halbam le Mick Flannery: In the Game, agus tá sí anois ar dhuine de na healaíontóirí is spreagúla in Éirinn.
Cheannaíomar ár dticéad ar líne agus tar éis béile blasta sa bhaile, shiúlamar síos an bóthar go Halla Rónáin. Bhí na ceoltóirí tosaigh go maith, ach nuair a tháinig Susan O’Neill ar an stáitse agus a thosaigh ag seinm, bhíomar gafa ón gcéad nóta. Úsáideann sí teicnící taifeadta beo chun guth, trumpa, agus uirlisí eile a chasadh le chéile go cumasach, rud a chruthaíonn fuaim shaibhir, ilghnéitheach agus cumhachtach. Bhí an seó ar fheabhas agus bhaineamar an-sult as – tús den scoth lenár saoire!
…Tuilleadh le teacht.




