Le linn ár gcuairteanna roimhe seo, bhí mé diongbháilte Gaeilge a labhairt le muintir na háite. Cé go raibh Gaeilge acu, níor labhair siad ach Béarla liom – sna siopaí, sna bialanna, sa teach tábhairne. Chuir sé isteach go mór orm gur caitheadh liom mar sin. Níor thuig mé cén fáth nach labhródh muintir na háite Gaeilge liom. Bhí díomá orm, mar cheap mé go mbeadh Gaeilge mar ghnáth-theanga an oileáin.”

Tuigim anois. Bíonn Árainn plódaithe le cuairteoirí le linn an tsamhraidh, bád i ndiaidh báid ag scaoileadh sluaite paisinéirí amach gan stad gan staonadh, ó thús go deireadh an tséasúir. Tagann turasóirí ó gach cearn den domhan, agus teangacha éagsúla á labhairt acu. Is é Béarla príomhtheanga na tráchtála domhanda – ar Árainn freisin. Chomh maith leis sin, is iomaí duine atá ag obair sna seirbhísí ar an oileán nach bhfuil focal Gaeilge acu. Dá bhrí na gcúiseanna sin, ní labhronn muintir an oileáin ach Béarla le cuairteoirí. Nuair a bhíonn siad ag caint le chéile, is as Gaeilge a labhraíonn siad. Agus má bhíonn aithne mhaith acu ort, labhraíonn siad Gaeilge leat gan stró. Ceapaim nach bhfuil a fhios acu go bhfuil an nós sin acu, agus gur rud praiticiúil é a tharla le himeacht ama, agus atá mar chuid dá gcultúr anois.

An turas seo, bhí seachtain iontach againn ar an oileán. Bhíomar gnóthach an t-am go léir – idir shiúlóidí, rothaíocht, radhairc a fheiceáil, agus bualadh le daoine. Seo a leanas blaiseadh beag den spraoi a bhí againn.

Poill Shéidte
Fuaireamar cúpla rothar ar cíos. De ghnáth ní c
headaítear carranna ón mórthír. Feiceann tú na sluaite daoine ar rothair ar an oileán, go háirithe nuair a bhíonn an aimsir go breá. Ní raibh an aimsir go dona le linn ár gcuairte agus bhíomar ag siúl agus ag rothaíocht gach lá. Ba é ár gcéad eachtra ná cuairt ar phoill shéidte. Tá cúpla áit ar an oileán a bhfuil poill shéidte ann, agus chuamar go dtí na cinn ba ghaire dúinn. Cruthaítear na poill seo trí uaimheanna farraige a bhfuil tolláin acu suas go dtí an dromchla, agus nuair a bhíonn an fharraige garbh, séideann siad uisce suas trí na poill. Rothaíomar go dtí tús cosáin in aice leis an mbóthar íseal agus shiúlamar síos go bun na trá. Bhí titim thobann san aolchloch ag imeall an chladaigh, agus beagáinín níos faide siar, bhí na poill le feiceáil sa chloch. Ag breathnú síos iontu, d’fhéadfá an t-uisce taoide a fheiceáil thíos fúthu.  Gach uair a tháinig na tonnta isteach, d’ardaigh an t-uisce sna poill, agus shéid sé amach trí na poill agus suas san aer. Bhí torann millteanach le cloisteáil – bualadh agus preabadh a tharla idir an aolchloch agus an fharraige thíos. Ní féidir ach samhlú cad a bheadh ann in aimsir chorrach.

Dún Dúchathair

Lá breá eile, chuamar ag rothaíocht go dtí tús an chosáin go Dún Dúchathair agus shiúlamar an cosán géar suas go dtí an dún. Cé nach bhfuil ionad cuairteoirí ag an dún seo, murab ionann agus Dún Aonghasa, tá sé chomh hiontach céanna ar bhealaí áirithe.

Tá sé suite go hard ar na haillte os cionn na farraige agus tá radharc álainn leathan ann feadh an chósta. Is féidir dreapadh thar bhallaí an dúin agus dul isteach sa chlós laistigh. Tá an clós timpeallaithe ag an dún ar thaobh amháin agus ag aillte móra ar an taobh eile. Caith tamall i nDún Dúchathair má bhíonn an deis agat.

Caoirigh Árann: Aransheep.ie le Máirtín Ó Flaithearta

Ar an gcosán go Dún Dúchathair, feictear fógra: Aransheep.ie lasmuigh de theach. Tá aithne againn ar an úinéir, Máirtín Ó Flaithearta agus chuir sé fáilte mhór romhainn. Thaispeáin sé a shiopa dúinn, agus is músaem é freisin i ndáiríre. Bhí a lán le feiceáil agus bhí snáth ag Máirtín ó phórtha éagsúla caorach. Tá geansaithe, blaincéid agus caipíní Árannach ar taispeáint, chomh maith le bailiúchán snátha éagsúil. Tá léarscáileanna agus póstaeir shuimiúla ar na ballaí, ag taispeáint gach saghas ruda maidir le caoirigh, lena n-airítear dáileadh caorach i gcodanna éagsúla den domhan agus pórtha éagsúla caorach. Tá scáileán mór sa seomra agus go leor cathaoireacha freisin, chun físn a sheinm nó léacht a thabhairt. Tá seomra eile á thógáil ag Máirtín, ionas go mbeidh níos mó spás aige. Bhíomar ann níos mó ná uair an chloig, agus bhaineamar an-sult as. Is fiú go mór cuairt a thabhairt ann má bhíonn an deis agat.

Oíche Shin Seáin

Déantar ceiliúradh ar Oíche Shin Seáin ar an 23 Iúil, lá a lastar tinte cnámha ar an oileán. Iarsma d’fhéile ársa págánach í, a bhíodh mar ceiliúradh i lár an tsamhraidh, ag baint le torthúlacht talún agus adhradh gréine. Is í an tine croí an cheiliúrtha mar is siombail na gile í. Bhí deasghnátha ar leith ag baint leis an gceiliúradh ach níl an spás agam anseo iad a phlé.

Ar aon nós, thugamar cuairt ar Sheán a raibh tine chnámh lasta aige, rud a dhéanann sé bliain i ndiaidh bliana. Bhí daoine ag teacht agus ag imeacht an t-am go léir, agus ócáid shóisialta iontach a bhí inti. Bhí boladh deas móin ón tine, agus bhí an aimsir réasúnta maith. Chuir Seán deochanna agus sneaiceanna ar fáil dúinn, agus bhí comhrá deas againn.

Bhí níos mó carranna ná mar is gnách ag tiomáint thart ar an mBóthar Ard. Mar a tháinig sé chun solais, bhí an t-aisteoir cáiliúil Patrick Duffy, an réalta as an tsraith theilifíse Dallas ar an oileán, agus de réir an ráfla bhí sé i mBunghabhla. Níor sheasamar inár dtost ach an oiread. Chuir an fhiosracht an lámh in uachtar orainn, agus thiomáin Seán muid timpeall an oileáin ag féachaint ar na tinte eile ar fad. De thaisme glan, thiomáineamar trí Bunghabhla, ach raibh tásc ná tuairisc ar an réalta. Ach dar ndóigh, tráthnóna den scoth a bhí ann, ag ceiliúradh traidisiúin ársa le muintir an oileáin, agus ag dul sa tóir ar Patrick Duffy!

Conclúid

Sin ach blaiseadh beag den mhéid a bhí ar siúl againn le linn ár gcuairte ar an oileán. Cé go bhfuil an t-oileán féin ar fheabhas ó thaobh áilleachta nádúrtha agus seandálaíochta de, is iad muintir an oileáin croí na háite. Má fhaigheann tú deis, tabhair cuairt ar Árainn – ní bheidh aiféala ort.

 

gaGaeilge