Tharraing alt i dTuairisc.ie m’aird le déanaí, mar rinne sé cur síos ar mhalartú scéalta idir Palaistínigh agus Gaeil. Togra ceannródaíoch is ea é idir Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus Ollscoil Birzeit (atá lonnaithe ar an mBruach Thiar sa Phalaistín). Tá sé mar phríomhchuspóir ag an tionscadal seo go mbeadh páistí an dá thír in ann a scéalta a mhalartú i bhfoirm leabhair, agus sa bhealach sin tuiscint a fháil ar chultúr a chéile. Is é an rud is suntasaí domsa ná gur aistrigh siad na scéalta Phalaistínigh ón Araibis go Gaeilge agus ár scéalta as Gaeilge go hAraibis!

Is iad an Dochtúir Eithne Ó’ Connell agus an Dochtúir Mahmoud Adbel-Fattah a thosaigh an comhfhiontar stairiúil seo sa bhliain 2014. Ní raibh siad in ann an tionscadal seo a dhéanamh gan chabhair ó dhaoine eile – daoine cosúil le Máire Uí Dhufaigh, údar agus foilsitheoir leabhair Gaeilge ó Inis Oírr a bhí freagrach leis na scéalta féin; Máire Ní Mhaoileoin agus Gráinne Ní Ghillín a bhí i mbun eagarthóireachta, gan ach roinnt bheag a lua ar thaobh na Gaeilge de. Ar ndóigh, bhí foireann Phalaistíneach ag obair ar thaobh na hAraibise de freisin.

Ba í an chéad chéim ná aistriúcháin a dhéanamh ar na scéalta ó Ghaeilge go hAraibis.  Foilsíodh dhá leabhar san Araibis, ceann amháin le trí scéal cháiliúla – Clann Lir, Labhraidh Loingseach agus Oisín agus Niamh Chinn Óir i dTír na nÓg, agus an ceann eile le scéalta comhaimseartha. Scríobh Eithne Ó’ Connell na scéalta traidisiúnta, agus scríobh Máire Uí Dhufaigh (le cabhair ó pháistí óga) na scéalta comhaimseartha. Aistríodh go Béarla iad mar chéim idirmheánach roimh aistriúchán go hAraibis, mar bhí an fhoireann Éireannach agus an fhoireann Phalaistíneach araon in ann Béarla a thuiscint, agus bhí sé níos éasca comhoibriú le chéile sa tslí sin ar an chéim dheireanach, an t-aistriúchán ó Bhéarla go hAraibis agus ansin an leabhar a fhoilsiú. Dáileadh cóipeanna den dá leabhar ar scoileanna I nGáza agus ar an mBruach Thiar sa bhliain 2018.  Nach iontach é go bhfuil páistí i bPailistín ag léamh scéalta traidisiúnta agus nua-aimseartha as Éirinn!

Bheadh páistí in Éirinn in ann scéalta ón bPailistín a léamh freisin, murach géarchéim an choróinvíris! Tá míle cóip den leabhar ‘Scéalta ón bPailistín sean agus nua’ á stóráil i mBaile Átha Cliath faoi láthair, ach chomh luath agus is féidir, cuirfear cóipeanna chuig daltaí atá ag foghlaim trí mheán na Gaeilge. Idir an dá linn, tá an leabhar seo ar fáil ar líne saor in aisce ar an suíomh www.fada.birzeit.edu (téigh isteach sa suíomh sin agus ansin déan cuardach ar an bhfocal: scéalta). Fuair mo shrón an ceann is fearr orm, agus d’íoslódáil mé an leabhar ón suíomh thuasluaite. Thosaigh mé á léamh, agus níor stad mé go dtí go raibh an leabhar ar fad léite agam. Caithfidh mé a rá gur bhain mé an-taitneamh as an leabhar.

Leabhar álainn is ea é le seacht scéal ann, ceithre scéal traidisiúnta agus trí scéal comhaimseartha, agus léaráidí den scoth ar beagnach gach leathanach.  Tá an Ghaeilge furasta a thuiscint, ach mar sin féin tá teachtaireacht dhomhain i mbeagnach gach scéal. I mo thuairim, is é an cheathrú scéal’, darb ainm ‘M’éide Scoile’ an ceann is fearr, mar tiomáineann sé an tairne isteach ar fad ar an gcúlra difriúil atá idir an dá thír – is é sin, an difríocht idir cogadh agus síocháin, idir beatha agus bás. Insítear an scéal seo trí shúile cailín bhig agus í ar tí dul ar scoil den chéad uair agus éide scoile nua aici a cheannaigh a mháthair di. Athraíonn gach rud nuair a bhriseann saighdiúirí Iosraelacha isteach sa teach. Cuireann stíl bheoga na léaráidí gné chumhach leis an scéal seo.

Scéal traidisiúnta is ea ‘Amhránaí na Báistí’ a bheadh suimiúil do pháistí in Éirinn. Sa scéal seo, faigheann asal amach go bhfuil bua ar leith aige nach bhfuil ag aon ainmhí eile. Ní bheadh an bua sin an-úsáideach in Éirinn, mar tá ár ndóthain báistí againn cheana féin! Is dócha gur coincheap ait é easpa fearthainne do pháistí na hÉireann!

Tá na scéalta eile ar fheabhas freisin, agus má tá páiste agat sa bhunscoil, molaim duit an leabhar seo go léir a phriontáil amach, agus a léamh le chéile.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

gaGaeilge