Free Solo

Is dócha go bhfaca tú an clár faisnéise iontach darb ainm ‘Free Solo’. Scéal den scoth scéal atá ann faoin saordhreapadóireacht, agus feiceann tú Alex Honnold ag ailleadóireacht ar El Capitan i gCalifornia, gan úsáid a bhaint as rópa ar bith. Tá an scannán lán de theannas agus muid go léir á spreagadh chun barr an tsléibhe a bhaint amach. Bhuaigh ‘Free Solo’ gradam acadamh sa chatagóir ‘an clár faisnéis is fearr 2018’. Is rud iontach a bheith in ann féachaint ar an ngaisce dochreidte seo nár tharla riamh cheana, agus mothaíonn tú go bhfuil tú ag saordhreapadóireacht taobh le Honnold féin. Rinne na scannánóirí, Elizabeth Chai Vasarhelyi agus a fear céile Jimmy Chin, sárjab agus d’éirigh leo spiorad an éachta fíorshuimiúl, dochreidte seo a chur in iúl dúinn i slí a bhí an-tarraingteach. D’éirigh leo saol an dreapadóra a insint freisin, agus chuir siad Honnold in aithne duit le linn an scannáin. Fear difriúil atá ann, mar tá uathachas air. Thug an spórt seo deis dó rud a dhéanamh a bhfuil a chroí go hiomlán ann agus thaispeáin sé féidearthachtaí an tsaoil dúinn go léir. Thaispeáin sé dúinn freisin nach é do chúlra nó do mhíchumas a leagann amach cé thú féin! Níl aon dabht faoi sin mar is Honnold an saordhreapadóir is fearr sa domhan!

Nach scéal iontach é sin! Mura bhfuil an scannán seo feicthe agat, molaim duit é a fheiceáil – ní bheidh díomá ort!

Cé hí Dierdre?

Ní dócha gur chuala tú trácht ar bith ar Dierdre Wolownick riamh! Dhreap sí El Capitan freisin, cé gur úsáid sí rópaí. Ach ba í an duine is sine a rinne an t-éacht sin riamh – 70 bliain d’aois! Sháraigh sí a curiarracht dhomhanda féin a bhuaigh sí i 2017. Agus an rud is iontaí ar fad fúithi? Is máthair Alex Honnold í Dierdre!

Ní haon timpiste é gur dreapadóir í Dierdre freisin. Ach dá gceapfá gur mhúin sise dreapadóireacht do Alex, bheifeá mícheart, mar is é Alex an múinteoir sa chás seo, agus Dierdre an dalta.

Thosaigh gach rud sa bhliain 2009, nuair a shocraigh Dierdre triail a bhaint as an dreapadóireacht in iarracht aithne níos fearr a chur ar a mac.

“Theastaigh uaim páirt a ghlacadh i saol mo mhac, ag ceiliúradh a bhuanna agus ag déanamh comhbhróin leis faoina theipeanna,” a scríobh Dierdre i mbeathaisnéis a d’fhoilsigh sí cúpla bliain ó shin darb ainm ‘The Sharp End of Life: A Mother’s Story’. “Amuigh faoin aer le hAlex, d’fhoghlaim mé a lán rudaí faoi mo mhac, faoi na sléibhte, fúm féin agus go háirithe faoi na féidearthachtaí atá agam!”

Bhí Dierdre chun tosaigh sna meáin le déanaí sna Stáit Aontaithe, sna páipéir ‘USA Today’ agus ‘New York Times’ san áireamh. Tá éileamh uirthi mar chainteoir spreagúil; is comhairleoir speisialta í leis an gcomhlacht ‘La Sportiva’ – comhlacht a dhíolann éadaí spóirt, agus nuair a thugann sí cuairt ar Ghleann Yosemite, tagann a lucht leanúna chun í a fheiceáil ag dreapadóireacht. Is duine cumasach í Dierdre aisti féin seachas an dreapadóireacht – múinteoir Fraincise agus Iodáilise is ea í, údar cumasacha is ea í agus sé leabhar foilsithe aici, agus iarstiúrthóir ceolfhoirne áitiúla is ea í freisin.

Ní bhíodh saol éasca aici mar ní raibh sí sona sásta ina saol pósta agus níor thaitin saol na mbruachbhailte léi ach an oiread. Fuair a fear céile, Charles, bás i 2004, ar an drochuair. Ach bíonn a beirt pháiste, Alex agus a dheirfiúr Stasia, ina údar áthais agus bróid do Dhierdre. Is lúthchleasaí seasmhachta í Stasia, agus tá sí ar a compord amuigh faoin aer, cosúil le hAlex agus Deirdre sa tslí sin.

Vouloir, c’est Pouvoir!

Duine uaillmhianach is ea Dierdre agus níl sí ar intinn aici moilliú lá ar bith feasta. Mar sin, leanfaidh sí ar aghaidh leis an dreapadóireacht agus tá cúpla dreapadh nua beartaithe aici . Tá plean aici leabhar nua a scríobh ag plé ar conas páistí a thógáil ionas go mbeidh siad i dtiúin leis a dtimpeallacht. Agus i gcúpla mí, beidh garpháiste aici, mar tá Alex agus a bhean chéile Sanni McCandless ag súil le leanbh.

Tá sé an-tábhachtach di, gan dabht, a bheith mar eiseamláir do dhaoine. Ina focail féin: “Is é an cinneadh is tábhachtaí ar fad ná tús a dhéanamh,” ar sise. “Nuair atá sprioc agat agus tógann tú an chéad chéim ina treo, is rud cumhachtach é sin! Bain triail as, agus ní bheadh a fhios agat cad a tharlódh.”

Taispeánann Dierdre dúinn go soiléir nach é d’aois a leagann amach cé thú féin!

Tá comhartha aici ina hoifig sa bhaile: ‘Vouloir, c’est pouvoir’, is é sin a rá ‘áit a bhfuil toil, tá bealach!’  Dea-chomhairle dúinn go léir!

.

.

.

gaGaeilge