Bhí áthas an domhain orm gur chas mé le mo sheanchara, Dónal, an tseachtain seo caite. D’aontaíomar bualadh le chéile arís, agus mar sin bhí ar ais sa Smugairle Róin ag ól pionta beorach agus ag fanacht le Dónal. Bhí siúlóid scafánta agam ó mo theachsa ar Bhóthar Phort Lairge go dtí an Smugairle i lár na cathrach.  Lá breá a bhí ann gan ach cúpla scamall sa spéir agus leoithne bheag fhionnuar ag séideadh. Briseadh snáithe mo smaointe go tobann nuair a bhraith mé lámh ar mo ghualainn.

Gabh mo leithscéal as moill a chur ort, a Mhichíl!” arsa Dónal agus é ag baint a sheaicéad de.

“Ní faic é, tá tú go díreach in am. Tháinig mise go luath, mar bhí pionta ag teastáil uaim roimh an lón. Suí síos, in ainm Dé! Agus b’fhéidir gur mhaith leat greadóg freisin?”

Nuair a bhí bolgam breá beorach ólta againn agus an lón ordaithe, thosaigh an dreas cainte.

Léigh mé go leor scéalta uafáis faoi na deacrachtaí a bhíonn ag daoine a thagann chun cónaí in Éirinn, fiú má Éireannaigh iad. An raibh aon deacrachtaí mar sin agatsa?” arsa mise, ag iarraidh níos mó eolais a fháil.

“Is maith liom an lón seo – iasc agus sceallóga!” arsa Dónal. “B’fhéidir go bhfaighidh mé cúpla cupán caife dúinn anois?”

“Aontaím leat go hiomlán! Gairfidh mé freastalaí chugainn i gcúpla nóiméad – feicim Tóin Mhór ag siúl timpeall lán mustair!” a d’fhreagair mise.

“Deacrachtaí, an ea?” arsa Dónal. “Bhuel, ní gearán dom, i ndáiríre!” a Mhichíl. Ní raibh orm seiceáil isteach leis an Ionad Soláthair Dhírigh, murab ionann leis na teifigh bochta a tháinig anseo. seacht míle duine i soláthar díreach, agus bíonn siad ansin ar feadh cúpla bliain, ar an meán, agus iad i ngalar na gcás an t-am go léir. Uafásach sin! Ach tá brú mór ar an rialtas deireadh a chur leis an scéim sin faoi 2024! Cé nach raibh deacrachtaí mar sin agam, ní hé sin a rá nach raibh aon deacrachtaí agam, mar bhí.  Mar is eol duit, is síorthroid in éadan an mhaorlathais atá i ndán d’Éireannach ag iarraidh teacht ar ais go hÉirinn.

Tháinig Tóin Mhór le cúpla caife díreach ansin, agus leag sé ar an mbord iad. Bhí sé ar tí rud a rá linn ach bhí duine eile ag iarraidh rud éigin uaidh agus d’imigh sé go tapa.

“Céard iad na rudaí ba mheasa a raibh ort déileáil leo?” arsa mise.

Ritheann cúpla rud liom,” arsa Dónal.  Ba é an chéad rud a bhí orm a dhéanamh ná árasán a fháil ar cíos. A dhiabhail, ach tá cíosanna an-ard sa tír seo, fiú do dhuine ag teacht ó Nua Eabhrac!  

Ansin bhí orm uimhir phearsanta seirbhíse poiblí (UPSP) a fháil, ionas go mbeinn in ann iarratais éagsúla eile a dhéanamh. Ní duine ró-eagraithe mé, mar is eol duit, agus mar sin ní raibh sé éasca dom teacht ar na doiciméid ar ghá dom iad a uaslódáil ar líne. Nuair a bhí an UPSP agam, bhí mé in ann cuntas a oscailt i mbanc.

Creid é nó ná creid ach bhí an frustrachas ba mhó ag baint le mo charr! Bhí orm freastal ar cheachtanna tiomána – mise, agus mé ag tiomáint le níos mó ná daichead bliain – dochreidte! Ar an dea-uair, d’éirigh liom sa scrúdú tiomána, nó ní ligfear dom dearmad a dhéanamh ar sin go brách!

Agus m’árachas gluaisteáin cosnaíonn sé 2,400 i mbliana, mar ní raibh mé in ann mo bhónas cheal éilimh a úsáid in Éirinn.  

I mo thuairimse, ní gá é a bheith chomh deacair d’Éireannaigh teacht ar ais chun cónaí in Éirinn. Níl mé in ann a shamhlú na deacrachtaí a bheadh ag clanna ag teacht ar ais, gan trácht ar dhaoine nach as Éirinn iad ó dhúchas. Nach gceapfá go ndéanfadh an rialtas rud éigin ionas go mbeadh sé níos éasca dúinn teacht ar ais? Ach é sin ráite, dhéanfainn an cinneadh céanna arís, in ainneoin na ndeacrachtaí sin. Is fiú an tairbhe an trioblóid agus anois táim in ann taitneamh mór a bhaint as an saol iontach atá agam anseo.  

“Bhuel, tuigim cad atá á rá agat, a chara!” arsa mise. “Tá teach agam in Éirinn cheana féin, agus UPSP agus cuntas bainc. Bheadh orm déileáil leis an gcarr agus sin é.”

“Sa chás sin, a Mhichíl, níl aon chinneadh le déanamh agat! Cén uair a bheidh tú ag fágáil na Stáit Easaontaithe sin chun teacht ar ais go Cill Chainnigh?”

Leis sin, phléascamar amach ag gáire, agus d’aontaíomar casadh le chéile arís i gceann cúpla seachtain.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

gaGaeilge