Tá athmhúscailt ag tarlú chuile áit a gcaitheann muid súil. Tá na plandaí ag teacht chucu féin tar éis chodladh fada an Gheimhridh. Tá duilleoga úr ag péacadh go beoga ar na crainn agus na toir. Agus tá na héin a bhí imithe uainn le linn séasúr an fhuachta, chugainn arís anois agus iad lán croí agus dóchais. Tá na héin a d’fhan le linn na drochaimsire ag canadh go lán glórach agus iad ag fógairt theacht an tséasúir nua dúinn. Gan dabht, is séasúr an dóchais agus na hathbheochana é an t-earrach.  D’éirigh leis an bhfile dall Antoine Ó Raifteirí spiorad an Earraigh a léiriú sa dán ‘Cill Aodán’

“Anois teacht an Earraigh beidh an lá dul chun síneadh,

Is tar éis na Féil’ Bríde ardóidh mé mo sheol,

Ó chuir mé i mo cheann é ní stopfaidh mé choíche

Go seasa mé thíos i lár Chontae Mhaigh Eo.

Chuir teacht an Earraigh fuinneamh agus spreacadh i gcroí an fhile agus é ar deoraíocht i gContae na Gaillimhe. Músclaíodh fonn taistil agus cumha i ndiaidh an bhaile i gcroí an fhile bhoicht daill, bíodh nach raibh ann ach fís gan fíoradh.

Níl le déanamh againne ach féachaint ar stair ár dtíre le go dtuigfimid gur músclaíodh spiorad agus fonn na saoirse inár muintir féin le teacht na Cásca, níos mó ná céad bliain ó shin anois.

Éirí amach na Cásca 1916

Ní de thimpiste a roghnaigh ceannaire na reibiliúnach Patrick Pearse an Cháisc mar an t-am is fearr chun Poblacht na hÉireann a fhógairt. Tar éis na gcéadta bliain de dhaorsmacht Gall, theastaigh ón bPiarsach go bhfaigheadh an náisiún athnuachan na Cásca ar bhealach cosúil leis an aiséirí féin.  Ar dtús rinne muintir na tíre magadh ar bharúil an Phiarsaigh, ach roimh i bhfad thuig siad cad a bhí i gceist aige agus sheas siad go cróga ar son a fhís.

Thosaigh an t-éirí amach ar 24 Aibreán, 1916 agus chríochnaigh ar 29 Aibreán, 1916.  Baill de Bhráithreachas Phoblacht na hÉireann, baill d’Arm Saoránach na hÉireann agus baill Cumann na mBan a d’éirigh amach I gcoinne riail na Breataine in Éirinn. Ba é an chéad éirí amach in Éirinn ó éirí amach 1798 é.

Ar dtús, bhí sé beartaithe ag na hÉireannaigh na mílte reibiliúnach a bheith acu. Ach gabhadh fear darbh ainm Sir Roger Casement ar an mbealach ar ais ón nGearmáin le gunnaí agus dá bhrí sin níor ghlac ach thart ar 1,250 páirt san éirí amach. Astu seo chuaigh thart ar 300 isteach in Ard-Oifig an Phoist (GPO) i mBaile Átha Cliath faoi cheannas Phádraig Mac Piarais agus James Connolly. Ghlac grúpaí eile seilbh ar chodanna éagsúla den chathair, Faiche Stiabhna, Óstán an Shelbourne, Boland’s Mills agus Jacobs Factory san áireamh.

Tharla an troid ba mheasa i Muilte Bolands nuair a thosaigh Éamon de Valera agus a chuid reibiliúnach ag lámhach ar shaighdiúirí na Breataine ar a dtugtar Sherwood Foresters agus iad ag tuirlingt sa chathair. Mharaigh an lámhach sin thart ar 200 duine agus gortaíodh go leor eile. Tharla troid mhór freisin i bhFaiche Stiabhna agus cailleadh méid mór Éireannach ann. Tar éis sé lá bhí na hÉireannaigh traochta agus bhí siad á lámhach ag píosaí ollmhóra airtléire a bhí suite ar long Bhriotanach ar a dtugtar HMS Helga. Buaileadh Ard-Oifig an Phoist go dona agus ba ghearr gur ghéill na hÉireannaigh. Lámhachadh seisear déag de cheannairí na hÉireann ag scuad lámhaigh tar éis an Éirí Amach.  Chuir sé sin isteach go mór ar mhuintir na tíre, mar ba shárú iontaoibhe ag rialtas na Breataine é sin, dar leo.  As sin amach, ní raibh muintir na hÉireann sásta a bheith faoi smacht ag Impireacht na Breataine níos mó, agus ní haon ionadh gur bhris Cogadh na Saoirse amach i 1919. Lean an cogadh ar aghaidh go dtí 1922, nuair a rinne ceannairí Shinn Féin agus Feisirí na Breataine conradh síochána. Seachas na Sé Chontae i gCúige Uladh (ina raibh tromlach Aontachtach), rinneadh Éire ina tír féin.

Conclúid

Tá go leor athraithe in Éirinn ó bhí an fhís náisiúnta ag an Piarsach agus gan dabht bheadh ionadh air an tír s’againne a fheiceáil sa lá atá inniu ann, go háirithe maidir le saibhreas na tíre sa lá atá inniu ann, i gcodarsnacht shuntasach leis an mbochtaineacht a bhí ann i rith a shaoil féin. Is dócha nach mbeadh an Piarsach róshásta le staid na Gaeilge, ach an oiread! Ach bíodh sin mar atá, caithfimid a bheith buíoch den Piarsach agus go leor Éireannaigh eile freisin, maidir leis a bhfís go mbeadh ár dtír féin againn. Agus nach é um Cháisc an t-am is fearr dúinn na laochra sin agus ár neamhspleáchas a cheiliúradh!

.

.

.

.

.

.

.

.

gaGaeilge