An tseachtain seo caite, bhíomar leath bealaigh tríd ár scéal faoi Séimí an Droichid agus leanaimis ar aghaidh leis anois.
Bhí Séimí ar tí a thuairimí polaitiúla a chur in iúl go tréan maidir le cúrsaí reatha sa Tuaisceart, agus go háirithe faoin DUP.
“An bhfuil cead agam dul go dtí an leithreas?” a d’fhiafraigh mé de agus mo theanga dingthe go maith i mo phluc agam.
“Ná bí ag deifriú ar mhaithe liomsa!” arsa Séimí. D’fhéach sé ar a ghloine a bhí folamh faoin tráth sin, agus é ag beartú a ghloine san aer. “Táim sásta an deis seo a thapú chun mo ghloine a athlíonadh!”
Thóg an bheirt againn sos beag agus rinne mé cupán deas tae dom féin roimh leanúint ar aghaidh ar Zoom.
“Cá raibh mé, a Mhichíl?” arsa Séimí agus é ar ais ina shuí arís. Bhain sé slog as an deoch nua a bhí aige, lig sé osna mhór áthais uaidh, agus ansin d’fhreagair sé a cheist féin.
“Sea, d’iompar a pháirtí féin in aghaidh Arlene Foster, a Mhichíl, mar ní raibh sí ag cloí le seasamh an pháirtí, agus mar nach bhféadfaí glacadh leis an iompar sin, bheadh uirthi imeacht.”
“Mura miste leat mé ag teacht romhat, a Shéimí, ach tá ceist agam!” arsa mise.
“Ní faic é!” arsa Séimí go lách. “Lean ort!”
“Cad iad na rudaí a rinne sí nach raibh ag teacht le polasaithe agus fealsúnacht an DUP?”
“Ceist mhaith! Bhuel, ar an gcéad dul síos, ní raibh an DUP sásta mar gheall ar an tslí ar láimhsigh Foster an Breatimeacht. Chuaigh Foster i bpáirt le Príomh-Aire na Breataine, Boris Johnson, ar chúiseanna sothuigthe. Dúirt Johnson rud amháin ach rinne sé a mhalairt. Sé seachtain tar éis dó aitheasc a thabhairt ag comhdháil an DUP, ag rá nach nglacfadh rialtas na Breataine leis an bPrótacal iarBhreatimeachta, ghlac sé leis an bPrótacal céanna. De réir an tsocraithe sin, chun cloí leis an gComhaontú Aoine an Chéasta, bheadh teorainn chustaim curtha i Muir Éireann idir Tuaisceart na hÉireann agus an Bhreatain Mhór. Tromluí a bheadh ann don DUP agus a lucht tacaíochta, mar bheadh rialacha difriúla sa Tuaisceart i gcomparáid leis an mBreatain Mhór, agus ní raibh siad sásta leis sin ar chor ar bith. Cuireadh an milleán ar Foster, mar níor sheas sí an fód ar son a pháirtí, dar leo, agus tá sé ina ghéarchéim pholaitiúil anois. An bhfuil tú liom, a Mhichíl?” Stad Séimí ag caint chun bolgam beorach a ól, agus é ag fanacht le mo fhreagra.
“Tuigim, cinnte – ach nach le Boris Johnson an locht? Cén fáth ar leag a pháirtí féin an locht ar Foster?” D’fhreagair mé ceist amháin le ceist eile.
“Ceapaim go bhfuil an ceart agat, a Mhichíl agus rinneadh ceap milleáin de Foster tar éis do Johnson feall a dhéanamh ar an Tuaisceart. Ach tá rudaí eile a bhfuil baint acu leis an scéal freisin, agus nuair a chuireann tú gach rud le chéile, tugadh an chúis go cnámh na huillinne.
Mar shampla, d’amharctaí ar thuairimí Foster faoi cheisteanna sóisialta mar sheasamh rólag agus róliobrálach. Páirtí le dearcadh an-choimeádach is é an DUP, agus easaontaíonn siad go láidir le ginmhilleadh agus pósadh comhghnéis, mar shampla. Bhíothas míshásta mar sin le déanaí, nuair a staon Foster ó vóta faoi theiripe athraithe homaighnéasachta, agus b’fhéidir gurb é sin buille maraithe na muice! Dála an scéil, cé go bhfuil an DUP in aghaidh reachtaíocht don Ghaeilge a thabhairt isteach, bhí Foster níos oscailte ná formhór a pháirtí ar an gceist sin freisin.” Thug Séimí sos beag chun deoch eile a fháil. Nuair a shuigh sé síos arís, chuir mé ceist eile air.
“Tuigim gach rud atá á rá agat anois, a Mhichíl. Tá ceist deiridh agam ar an ábhar. Roghnaigh an DUP Edwin Poots mar cheannaire – cad a cheapann tú faoi sin?”
“In ainm Dé, a Mhichíl, sin scéal eile ar fad, agus níl an t-am againn inniu na sonraí ar fad a leagan amach. B’fhéidir go mbeadh sé níos fearr dúinn fanacht tamall, ar aon nós, agus feicfimid cén chaoi a mbeidh cúrsaí. Ach geallaimse duit nach dtiocfaidh maith ar bith as an roghnú sin, mar ní céim sa treo ceart atá ann ar chor ar bith! Ar aon nós, a Mhichíl, bhí sé go hiontach tú a fheiceáil arís, fiú amháin ar Zoom. Tá mé ag teacht isteach ar Zoom agus níl sé deacair é a úsáid. Go raibh maith agat agus slán go fóill!”
“Slán!” arsa mise agus dhún mé Zoom. Mar is gnách, thug Séimí ábhar machnaimh dom.