Oíche Shamhna!

Chreid na Ceiltigh gur éirigh an teorainn idir saol na mbeo agus shaol na marbh doiléir ar oíche 31 Deireadh Fómhair, nuair a rinne siad ceiliúradh ar Shamhain, an t-am a d’fhaigheadh bliain amháin bás agus a shaolaíodh bliain nua.

Mar chomóradh ar an imeacht, thóg na Draoithe tinte cnámh naofa ollmhóra, áit a bhailigh na daoine chun barraí agus ainmhithe a dhó mar íobairtí do na diaga Ceilteacha. Le linn an cheiliúrtha, chaith na Ceiltigh cultacha, ar a raibh cloigíní agus craicne ainmhithe de ghnáth, agus rinne siad iarracht rath a chéile a insint.

Níl dabht ar domhan ach go bhfuil deireadh leis an bhFómhar fial, flaithiúil, a bhronn torthaí, arbhar, agus barraí iomadúla, orainn, le trí mhí anuas, agus go bhfuil muid anois tagtha go bruach bagarthach, buartha, shéasúr an fhuachta agus an chruatain. Ní haon ionadh mar sin, go gcuireann an tráth seo bliana an daonnaí ar a mharana agus é ag smaoineamh ar sho-mharfacht a chine, agus ar a dhán diamhair féin mar neach beo, ag maireachtáil i bhfearann saolta, teoranta ag claíocha an ama agus an spáis, agus é de shíor á mhealladh ag fís Útóipeach an tsaoil eile, saol nach bhfuil teoranta ag srianta an spáis nó an ama, ach é ar marthain mar mhaighnéad, le sinn a tharraingt go síoraí i dtreo na síoraíochta. Ag éirí as sin uilig, thuigfeadh duine go bhfuil na séasúir ansin le deis a thabhairt dúinn smaoineamh ar thréimhsí éagsúla na beatha daonna.

San Earrach, feiceann muid an dúlra ag éirí as codladh sámh, suanmhar, an Gheimhridh. I dtús an Earraigh, níl le tabhairt faoi deara againn ach fásach fuar, fiáin, ag dúiseacht as codladh fuar, fada, an fheo dhreoitigh, trínar éirigh leis, lasair do-mhúchta na beatha a iompar trí phóirsí dorcha, básmhara, chuig solas beomhar na gréine gile. Níl sa mhéid sin ach an tús, nó ón bpointe sin amach, tagann borradh agus fás faoi chuile phlanda is bláth go dtí go mbíonn an tír clúdaithe le bairr, is le dath, de chuile dhealramh.

Borradh na Beatha

Leanann an saol athnuaite sin ag borradh is ag aibiú leis trí laethanta solasmhara, suanmhara, an tSamhraidh, go dtí go mbíonn chuile bheith sa dúlra ag cur thar maoil, le bairr, is le torthaí, go dtí go mbíonn na craobhacha ag cromadh go talamh le meáchan na dtorthaí aibí is na mbláthanna foirfe, ach síneann chuile lá a mhéar i dtreo an Fhómhair atá le teacht, agus coinnítear súil seabhaic ar chúrsaí, agus i laethanta aibí torthúla an Fhómhair, déantar an bhaint, an bailiú, an tiomsú, agus an cruachadh, sa chaoi go mbeadh dóthain mhór beatha curtha i dtaisce againn don Gheimhreadh.

Cuireann Féile na Samhna tús féiltiúil le séasúr an fheo is an bháis. Sna seanlaethanta, bhí ithe sméara dubha crosta ó Oíche Shamhna amach. Chuirtí na spáda, na sleánta, na speala, na corráin, agus na hacairí eile feirmeoireachta ar leataobh, nó ní bheadh gá arís leo go dtí i ndiaidh Fhéile Bríde. Diaidh ar ndiaidh, tagann feo agus dreo ar dhuilliúr, ar bhláthanna, agus ar fhásra de chuile chineál, go dtí sa deireadh, nach mbíonn le feiceáil againn ach géaga loma, féitheacha, eadrainn féin agus léas.

Tost

Titeann tost iomlán ar cheol corraitheach, anamúil, na n-éan, agus ní bhíonn le feiceáil thart orainn ach ár seanchairde, na spideoga, na dreoilíní agus na gealbhain, ach fiú, i gcás na n-éan céanna sin, cailleann a gceol an spiorad, an dúshlán, agus an bheocht, a bhíonn iontu le linn shéasúir an fháis, an bhorrtha agus na haibíochta. Seo an séasúr freisin, a chránn an daonnaí lena fhuacht feanntach, nimhneach, fuacht a théann go smior agus go smúsach na gcnámh ionainn. Ach, thar aon rud eile, seo an séasúr a chuireann i gcuimhne don daonnaí nach bhfuil cathair bhuan aige i nGleann seo na nDeor, nó tugann sé faoi deara, an chaoi a chailltear lusra agus fásra; duilleoga agus bláthanna; sea, agus an chaoi a théann goimh na haimsire i gcion ar chuile neach beo, á moilliú, a gciúnú, agus á lagú, agus fiú, nach gcuirtear cuid de mhiondaoine an dúlra ina gcodladh feadh an tséasúir seo ar fad, le go mairfidís do lá is faide anonn. Ach, más é séasúr an bháis agus an chodlata é an Geimhreadh, is é séasúr na beatha agus an dóchais é freisin, nó tuigtear dúinn, nach fada arís go ndéanfaí neacha an dúlra a athbheochan, in aiséirí glórmhar, ildathach, an Earraigh. Foighid agus dóchas a theastaíonn uainn le linn shéasúr an Gheimhridh, nó mar a deireadh an seandream fadó, ‘tagann grásta Dé le foighid’ agus ‘faigheann foighid fortacht’.

gaGaeilge