Tá mé go hiomlán trí chéile! Nuair a bhreathnaigh mé ar an suíomh www.dataprotection.ie ar an idirlíon, chonaic mé an t-ainm ‘An Coimisiún um Chosaint Sonraí’. Thug mé faoi deara láithreach go raibh gach rud litrithe ceart agus na sínte fada san áireamh. Nuair a bhrúnn tú ar an táb Gaeilge ar an suíomh, tagann téacs suas as Gaeilge ina bhfuil na sínte fada ar taispeáint go bródúil!
Tamall ó shin, rinne an léiritheoir teilifíse Ciarán Ó Cofaigh gearán leis an gCoimisinéir den Choimisiún sin faoin a ainm a bheith litrithe go mícheart ag an HSE agus Bank of Ireland- d’fhág siad na sínte fada ar lár. Thosaigh an Coimisiún fiosrúchán ansin, a chríochnaigh le déanaí.
Dúirt tuarascáil an Coimisiúin céanna nach bhfuil fíorchearta ag daoine a gcuid ainmneacha a bheith litrithe go cruinn agus sínte fada san áireamh ann. Is dochreidte é sin i mo thuairim agus níl aon leithscéal a ghlacfainn, mar tá a fhios agam go ndearna an HSE agus Bank of Ireland neamhaird de na sínte fada in ainmneacha a gcustaiméirí – agus mar sin ní raibh siad in ann iad a phróiseáil. In ionad iad a dhíriú chun é seo a shocrú, ghlac an Coimisiún le dúnmharú ár dteanga trí neamhinniúlacht.
Cén sórt cosaint sonraí é sin? Go háirithe nuair a scríobhtar ar shuíomh an Coimisiúin féin faoi cearta daoine ná:
“Is ceart bunúsach cosaint sonraí atá leagtha amach in Airteagal 8 de Chairt um Chearta Bunúsacha an AE, a deir:
Ní mór sonraí den sórt sin a phróiseáil go cothrom chun críocha sonraithe agus ar bhonn toiliú an duine lena mbaineann nó ar bhonn dlisteanach eile atá leagtha síos sa dlí. Tá ceart ag gach duine rochtain ar shonraí a bailíodh a bhaineann leis nó léi, agus an ceart chun é a cheartú.”
Deir Airteagal 16 den EU GDPR go bhfuil dualgas ag an páirte a chuir isteach an eolas phearsanta é a cheartú tar éis iad a chuireadh ar eolas ar aon mhíchruinne. Mura réitíonn siad an fhadhb go tapa, gearrfar pionós orthu.
In ainneoin an ráitis soiléir sin, d’eisigh an Coimisiún rialú a bhfuil ag easaontú leis na nAirteagal thuasluaite. Agus ní hé Ciarán an t-aon duine a bhfuil a ainm litrithe go mícheart i gcóras éigin comhlachtaí poiblí nó príobháideacha, agus mar sin baineann rialú uafásach an Coimisiúin leis a lán daoine sa tír, cé nach bhfuil siad go léir chomh glórach le Ciarán.
Iontas na n-iontas, níorbh é an chéad uair a tharla deacrachtaí le láimhseáil an síneadh fada ach an oiread.
B’fhéidir gur cuimhin leat go rinneadh cáineadh géar anuraidh ar an bPríomh-Oifig Staidrimh mar nach n-áiríonn a gcóras chun eolas a chur ar fáil faoi na hainmneacha is coitianta a thugtar ar leanaí, ainmneacha a bhfuil sínte fada iontu. Deacrachtaí teicneolaíochta an míniú a bhí ag an CSO ar an gcóras acu a bheith lochtach.
Níorbh aon ionadh é mar sin, gur dúirt an HSE agus Bank of Ireland araon gur cúrsaí teicneolaíochta ba cúis le hainmneacha a bheith litrithe go mícheart acu freisin.
Ní aontaím leis an leithscéal gan dealramh sin – níl ann ach bleadar.
Tá teicneolaíocht sheanbhunaithe ann le déileáil ní amháin le carachtair san aibítir Rómhánach, a bhfuil aiceann orthu, ach le haibítre agus siombail an-difriúil, mar shampla leis an tSínis, an tSeapáinis agus an Ghréigis. Níl aon deacrachtaí teicneolaíochta ag baint leis úsáid na teangacha sin ar córais ríomhaireachta.
I mo thuairim, ní chuirtear tacaíocht don teanga Gaeilge mar riachtanas bogearraí, nuair a dhearadh na córais sin atá i gceist. Tá an Ghaeilge mar theanga oifigiúil na hÉirinn agus is mór dár gcórais digiteacha í a thacaíocht. Tá daoine ann cosúil le mo bhean chéile, nach bhfuil ach ainm Gaeilge acu, ina bhfuil sínte fada iontu. Is rud do-ghlactha é in Éirinn thar áit ar bith eile, gan a bheith in ann ainm Gaelach mar seo a litriú go cruinne.
Dála an scéil, tar éis rialú an Coimisiúin, tá Ciarán ag smaoineamh ar achomharc a dhéanamh in aghaidh an chinnidh. Is cath mór é seo ar mhaithe le cúis fhiúntach, agus tá súil agam go mbuafaidh sé sa deiridh.
Measaim go bhfuil sé íorónta go mb’fhéidir go dtiocfaidh an EU i gcabhair orainn chun litriú ár dteanga féin a chaomhnú, gan smid as ár Rialtas féin ach mífhaisnéis!