Léigh mé alt spéisiúil ar tuairisc.ie le déanaí scríofa ag Máire Ní Fhinneadha agus chuir sé ag smaoineamh mé. Scríobh sí faoi shonraí ó dhaonáireamh 2022 agus líon na ndaoine a labhraíonn Gaeilge gach lá sa Ghaeltacht sna Limistéir Pleanála Teanga.  Bhí iontas ar Mháire nach raibh mórán le rá ag na saineolaithe agus go háirithe nár thug siad aon chomhairle dúinn bunaithe ar na torthaí sin. Dúirt sí gur mhaígh 43% ina ceantar féin sa Ghaeltacht gur cainteoirí laethúla iad, ach rinne sí pointe maith ansin go raibh gach seans gurb iad na cinn teaghlaigh – daoine fásta – a líon foirm an daonáirimh, cé go raibh an t-eolas is tábhachtaí faoi labhairt na teanga ag an aos óg. Rinne Máire a taighde neamhfhoirmiúil féin i gCois Fharraige.

.

Patrúin úsáide na teanga

D’aithin Máire trí phatrún maidir le húsáid na teanga ina ceantar féin, i mo thuairim:

1.Úsáid dhátheangach.  Chuala Máire fir óga ag comhrá le chéile ar an mbus. Bhí siad ag caint Béarla nóiméad amháin agus Gaeilge nóiméad eile, ag athrú teanga anonn is anall i ngan fhios dóibh féin.
2.Seachadadh teanga ó ghlúin go glúin. Chonaic Máire patrún eile ag obair nuair a bhí baill teaghlaigh ag caint le chéile. Bíonn na daoine fásta sa teaghlach ag caint eatarthu féin as Gaeilge, ach is Béarla amháin a labhraítear leis na gasúir bheaga.  

Chonaic Máire rud a bhí idir ghreann agus bhrón ag baint leis. Chas bean óg as an áit agus a mac uirthi agus rinneadar mionchomhrá faoin mbád pléisiúir a bhí amuigh ar an ród. Dúirt an bhean leis an mbuachaillín – ‘féach amuigh an bád’. ‘Why are you speaking Irish Mammy?’ a deir an putach!

3.Teanga cumarsáide idirghlúine.  Thug Máire faoi deara patrún eile nuair a bhíonn daoine óga ag obair sa Ghaeltacht, mar shampla sna siopaí. Labhraíonn siad Béarla le chéile, ach athraíonn siad go Gaeilge agus iad ag caint le Máire agus a leithéidí.

Anailís

De réir an daonáirimh, tháinig ardú ar líon na ndaoine sa Ghaeltacht a bhfuil Gaeilge acu, ó 63,664 in 2016 go 65,156 in 2022 (ardú 1,492 / +2.3%) tráth ar tháinig titim, áfach, ar líon na ndaoine sa Ghaeltacht a labhraíonn Gaeilge gach lá ó 20,586 in 2016 go 20,261 in 2022 (titim 325 / -1.6%). Cé go bhfuil scéal dearfach sa mhéid is go bhfuil ardú ar líon na ndaoine a bhfuil Gaeilge acu, is cúis imní é go bhfuil an pobal a labhraíonn Gaeilge ag titim. Ach nuair a chuireann tú na patrúin úsáide thuasluaite le chéile le figiúirí an daonáirimh, is léir go bhfuil an scéal níos measa fós. Nuair a líon na cinn teaghlaigh a labhraíonn Gaeilge gach lá, foirm an daonáirimh, is dóichí ná a mhalairt gur chuir siad síos go labhraíonn gach duine sa teaghlach Gaeilge gach lá. Mar sin, gach seans go bhfuil líon na ndaoine sa Ghaeltacht a labhraíonn Gaeilge mar phríomhtheanga gach lá roinnt mhaith níos lú ná 20,261.  Ní hamháin sin, ach seans maith nach labhraíonn formhór na ndaoine óga Gaeilge mar a bpríomhtheanga ach an oiread, fiú má labhraíonn siad Gaeilge gach lá, agus ní rud maith é sin, más fíor é. Seo mar a dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí le Conradh na Gaeilge, ar an ábhar:

tá géarghá le tacaíocht láidir, leanúnach agus uaillmhianach ón Stát gan mhoill leis an taoide a chasadh agus borradh suntasach a bhaint amach maidir le húsáid na Gaeilge. Tá neart rudaí gur gá a dhéanamh chun an fhís sin a bhaint amach agus leis an fhás atá de dhíth a bhuanú; tá gá an Plean Fáis, Plean Infheistíochta don Ghaeilge agus don Ghaeltacht 2024-29, atá aontaithe ag breis is 115 grúpa Gaeilge agus Gaeltachta a mhaoiniú chun infheistíocht shuntasach fhadtéarmach a chinntiú; tá gá le polasaí tithíochta náisiúnta don Ghaeltacht; tá gá le polasaí oideachais ón oideachas luath-óige go dtí an tríú leibhéal, agus eile.”  Cé go n-aontaím leis, ceapaim go bhfuil go bhfuil eolas sa bhreis ag teastáil chun cur chuige níos spriocdhírithe agus níos éifeachtaí a fhorbairt.

Moltaí

Bheadh sé an-úsáideach suirbhé a dhéanamh chun níos mó sonraí pearsanta a bhailiú ó na daoine a labhraíonn Gaeilge gach lá, de réir an daonáirimh.  D’iarrfainn sonraí cosúil le: d’aois, do phríomhtheanga sa bhaile agus taobh amuigh, an saghas céatadáin Gaeilge agus Béarla a labhraíonn tú go laethúil, an labhraíonn tú meascán Gaeilge agus Béarla?  An labhraíonn tú Gaeilge le do ghlúin féin agus Béarla taobh amuigh de sin (nó a mhalairt)?

Bheadh a lán le foghlaim againn ó shuirbhé mar sin agus leis an eolas nua a gheofaí, bheimis in ann pleananna níos fearr a chumadh chun borradh suntasach a bhaint amach maidir le húsáid na Gaeilge.  

.

.

.

.

.

gaGaeilge