Is é scéal Uachtarán na Stáit Aontaithe, Joe Biden, scéal na mílte Gael-Mheiriceánach, agus chuir sé in iúl dúinn an scéal sin le paisin agus grá dá mháthairthír ar a chuairt go hÉirinn. Nuair a deir Gael-Mheiriceánaigh gur Éireannaigh iad, déanaimid beag dóibh mar is léir dúinn nach Éireannaigh iad ar chor ar bith. Níl siad ag tagairt do na fíricí loma mar is soiléir nach Éireannaigh an formhór dóibh de réir na gcritéar sin. Ach tá siad ag tagairt d’instinn phríomhúil a mhothaíonn siad go láidir de bharr an naisc ghéinitigh agus cultúrtha atá acu leis a máthairthír.  Seachadadh a bhfíorghd’Éireann ar aghaidh ó ghlúin go glúin. Tá siad mórtasach i gcónaí as a dúchas Éireannach. Is sárshampla de Ghael-Mheiriceánach é Joe Biden, gan ceist ar bith. Chuir sé a dhlúthpháirtíocht le muintir na hÉireann in iúl agus rinne sé lomchlár na fírinne le muintir na hÉireann agus muintir an domhan ar an ábhar sin go bródúil. “Tá mise sa bhaile”, a dúirt sé, agus ní raibh dabht ar bith ag éinne faoina bharántúlacht. Níl dabht ar bith ach gurb é Joe Biden an tUachtarán Mheiriceá ab Éireannaí bhfacamar riamh!

Biden mar Uachtarán

Tá go leor déanta ag Biden chun a fhís dhaonlathach a thabhairt chun críche, agus sa phróiseas sin tá a lán déanta aige freisin chun na botúin uafásacha an Trumpaigh a cheartú. Níl Biden ar an Uachtarán is carasmataí riamh i Meiriceá, ná ar an óráidí is fearr ach an oiread. Bhí Uachtaráin cosúil le Reagan agus Obama i bhfad ní ba chumasaí sna réimsí sin faoi seach, mar shampla. Is gnáthdhuine é Biden cosúil linn féin, ag streachailt a slí trí chora an tsaoil. Is polaiteoir ionraic agus díograiseach é, tréithe neamhchoitianta a bheith ag polaiteoirí. Ach ná cuireadh a stíl neamhghairéadach an dubh ina bhán ort, mar is iomaí éacht ollmhór atá déanta aige. Níl spás iad go léir a phlé anseo, ach luafaidh mé cúpla ceann. Sa bhliain 2021, shínigh Biden bille bonneagair $1 trilliún chun infreastruchtúr Mheiriceá a atógáil bóithre, droichid agus iarnróid san áireamh. Tá sé ar cheann de na pacáistí is mó a shínigh uachtarán riamh agus bhí sé thar am infheistíocht mar sin a dhéanamh in infreastruchtúr na tíre. Gheall an Trumpach bille mar seo na céadta uair, ach ní raibh aige ach mórtas thóin gan taca! An bhliain seo caite, chuir Biden a lámh leis an Acht Laghdaithe Boilsciú (Inflation Reduction Act). Cuirfidh sé $739 billiún ar fáil in iomlán, timpeall leath don chúram sláinte agus an leath eile ($369 billiún) mar mhaoiniú in acmhainní fuinnimh in-athnuaite agus chun truailliú de gach saghas a laghdú. Is é seo an dlí is costasaí ar son na haeráide dár reachtaíodh riamh i stair an domhain!  Ní raibh sé éasca do Biden na hachtanna sin a rith, mar bhí easaontóirí fiú ina pháirtí féin (go háirithe an Seanadóir Joe Manchin i West Virginia). Ach rinne sé an jab, agus sin an rud is tábhachtaí!

Go seasfaidh mé síos i lár Chontae Mhaigh Eo!

Cé nach n-aontaím le gach tuairim an Uachtaráin, ar an mórgóir aontaím leis a fhís dhaonlathach a bhfuil codarsnacht iomlán idir é agus an fhís – agus is áibhéil an téarma fís a úsáid sa chás seo – phoblachtach! Go háirithe, aontaím leis an gcúpla acht ar luaigh mé leo cheana.  Mar an gcéanna le Biden, tá áit speisialta i mo chroí ag Maigh Eo! Rugadh mé i mBéal an Átha, agus is as Maigh Eo ó dhúchas mo mhuintir ag dul ar ais na céadta bliain.  Tá gaolta chéid chéime agam in Iorras ar an Muirthead i gContae Mhaigh Eo, arb as m’athair.  Is as Béal an Átha I gContae Mhaigh Eo ó dhúchas é Edward Blewitt, sin-sin-sin-seanathair Biden. Dfhág Patrick Blewitt Béal an Átha ar imirce as Éirinn in 1850 agus chuaigh sé go dtí Scranton, Pennsylvania, an áit chéanna ar saolaíodh Biden 90 bliain ina dhiaidh sin. Dhíol Blewitt 27 míle bríce le hArdeaglais Naomh Muireadhach in 1827 agus úsáideadh iad chun an ardeaglais a thógáil. Dá bhrí sin, bhí Blewitt in ann ticéid a cheannach dá theaghlach le seoladh go Meiriceá.

Bhí mo thuismitheoirí pósta san ardeaglais chéanna sa bhliain 1955, agus cúpla bliain ina dhiaidh sin baisteadh mé féin ann! Nuair a bhí mo thuismitheoirí fós beo, chuaigh ár dteaghlach go léir ar thuras bóthair go Béal an Átha cúpla uair, agus bhíomar in ann Ardeaglais Naomh Muireadhach a fheiceáil ónár n-óstán. Agus le déanaí, bhí Biden os comhar na hardeaglaise céanna, ag tabhairt an-óráid uaidh.  Bhí na ceangail láidre idir Meiriceá agus Éire an-soiléir dom díreach ansin ar leibhéal pearsanta.

Nach ait an mac an saol!

.

.

.

.

.

.

.

gaGaeilge