Má cheapann tú gur rud nua é Intleacht Shaorga (IS nó AI as Béarla), níl an ceart agat. Tá Ray Kurzweil ag obair sa réimse seo ar feadh 61 bliain – níos faide ná aon duine eile atá beo. Bhí an chuid is mó dúinn aineolach faoi IS go dtí gur tháinig ChatGPT ar an saol le déanaí. Ach anois tá IS i gcroílár an chomhrá domhanda, rud a bhfuil Ray an-sásta faoi.

Siar sa bhliain 1999, nuair a thuar Ray go mbeadh Intleacht Shaorga Ghinearálta (ISG nó AGI as Béarla) againn faoi 2029, cheap formhór na saineolaithe gur ficsean a bhí á scríobh aige. Ach ní raibh a thuairisc i bhfad amach, agus anois tá go leor saineolaithe den tuairim go mbeidh ISG againn níos luaithe fós. Is é atá i gceist le ISG ná saghas IS atá in ann gach cineál faidhbe a réiteach chomh maith nó (de ghnáth) níos fearr atá ar chumas an chine daonna a dhéanamh dá uireasa. Tá tairngreachtaí nua ag Ray anois faoi cad a chiallóidh ISG dúinn sa ghearrthéarma i dtrí réimse thábhachtacha.

Fuinneamh

Braitheann teicneolaíocht an lae inniu go mór ar fhoinsí fuinnimh. Le dhá chéad bliain anuas úsáideadh breoslaí iontaise go príomha mar fhoinsí. Ar an drochuair, truaillíonn siad an timpeallacht agus níl siad inathnuaite agus mar sin is gá dúinn stop a chur leo de dheasca an aschuir nimhnigh a chuireann siad amach. Dá bhrí sin, is gá foinsí difriúla a úsáid gan mhoill, nach bhfuil truailliú mar sin ag baint leo. Ar an dea-uair, níl ganntanas roghanna againn, ach ar an drochuair, tá fadhbanna éagsúla ag baint leo go léir. Tóg grianchumhacht, mar shampla. Dá mbainfí ach 0.01% de sholas na gréine a fhaigheann an domhan, sholáthrófaí riachtanais fuinnimh an chine daonna go hiomlán. Ach níl an ghrianchumhacht éifeachtúil fós ó thaobh na gcostas de, i gcomparáid le breoslaí iontaise, cé go bhfuil cúrsaí ag dul sa treo ceart. Go háirithe, tá costais na gceimiceán ag baint leis an teicneolaíocht ró-ard. Agus sin an áit ina mbeidh an ISG in ann cabhrú go mór linn. Beidh ISG in ann na milliúin ábhar a ionshamhlú, agus na cinn is éifeachtaí agus is saoire a aimsiú, ionas go mbeidh fuinneamh beagnach saor in aisce ar fáil dúinn. Bun-athrú a bheidh i gceist, gan dabht.

Déantúsaíocht

Tagann praghsanna ag baint le táirgí tionsclaíochta ó trí fhoinse go príomha: fuinneamh, saothar agus ábhair. Beidh ISG in ann fuinneamh a úsáideann ábhair ar chostas íseal a chur ar ár gcumas. Ach cad faoin gcostas oibrithe? dul chun cinn suntasach déanta cheana féin i réimse na róbataice maidir le hobair fhisiceach a uathoibriú. Gan dabht, tiocfaidh feabhas as cuimse sa réimse seo le himeacht aimsire. Ciallaíonn sé seo go n-éireoidh an chuid is mó d’earraí iontach saor agus flúirseach.

Leigheas

Roimh i bhfad beidh ISG in ann drugaí nua a fhorbairt chun gach saghas galair a leigheas. Agus beidh ISG in ann drugaí a chur in oiriúint do na riachtanais ag baint le duine áirithe mar tá bithcheimic ar leith ag gach duine againn. Ní bheidh an gá céanna le trialacha cliniciúla a dhéanamh ach oiread, mar beidh ISG in ann trialacha a ionshamhlú. Cuirfidh trialacha digiteacha pearsanta ar ár gcumas cógais a chur in oiriúint do gach othar ar bhonn aonair. Beidh sé ar ár gcumas hamháin galair mar an ailse agus an Alzheimer a leigheas, ach éifeachtaí díobhálacha aosaithe a laghdú go mór freisin. Is dóichí ná a mhalairt go mairfimid saolta i bhfad níos faide agus níos sláintiúla a bhuíochas do ISG agus teicneolaíochtaí nua-aimseartha eile fós le teacht.

Conclúid

Baineadh stangadh asam nuair a léigh mé na tuartha thuasluaite. Nach ag brionglóid atá Ray? Bhuel, b’fhéidir é, ach is gá éist le Ray ar go leor cúiseanna. Ar an gcéad dul síos, tháinig an tuar fána thairngreacht (sna nóchaidí) maidir leis an nGréasán Domhanda, fóin cliste agus na meáin dhigiteacha. Ar an dara dul síos, nuálaí is é Ray, a bhfuil rath mór air ag úsáid IS chun táirgí nua a chruthú. Mar shampla, dhear agus d’fhorbair sé córas aithint optúil carachtar siar sna seachtóidí; sintéiseoir ceoil sna hochtóidí; táirgí téacs go teanga sna nóchaidí, agus bogearraí teicneolaíocht an airgeadais ag tús an chéid seo.

Ar an tríú dul síos, d’fhoilsigh Ray ceann de na leabhair ba ghríosaí dá chuid go dtí seo, sa bhliain 2005: The Singularity Is Near. Sa leabhar seo, tugann sé tuilleadh sonraí dúinn faoin ‘Singilteachtis é sin an t-am a bheidh ISG ar fáil den chéad uair agus ríomhairí éirithe níos cliste ná an cine daonna. Tar éis an leabhar sin a léamh, bhí sé soiléir dom gur saineolaí den chéad scoth sa réimse IS agus ISG é Ray, agus gur gá dúinn aird chuí a thabhairt do cad atá le rá aige.

Faoi dheireadh, leanfaidh feidhmíocht phraghais ag ísliú i réimse na ríomhaireachta le himeacht ama. Chomh maith leis sin tá nuálaíocht ar siúl faoi láthair cosúil le ríomhaireacht chandamach a d’fhéadfadh fás easpónantúil a spreagadh sa réimse ISG. Tá téarma nua á úsáid cheana féin ag baint leis sin amháin – Intleacht Chandamach – ach sin ábhar do lá eile.

Tá sé soiléir, mar sin, go bhfuil dianmhacnamh taobh thiar dá chuid tuartha, agus críonnacht ar leith ag baint le Ray féin. I mo thuairim, níl an dara rogha againn ach formhór a thuartha a chreidiúint, cé go gcuireann siad fainic orainn. Ach, mar a deir an seanfhocal: is maith an fhaire an fhógairt!

.

.

gaGaeilge