De Ghnáth, téann daoine thar lear ar a laethanta saoire i lár an tSamhraidh, agus caitheann siad coicís ina luí ar thrá bhán in áit ghrianmhar sa lá, agus ag ithe agus ag ól i mbialanna áitiúla san oíche.

Ach ní hé sin an t-aon bhealach amháin le laethanta saoire a chaitheamh!

Smaointe

Ní mór duit do laethanta saoire go léir a thógáil sa Samhradh.  Tá buntáistí ag baint le hamanna eile sa bhliain. Mar shampla, is é an Samhradh an t-am a bhíonn na táillí eitilte is costasaí i bhfeidhm, i gcomparáid leis na séasúir eile, go háirithe an Geimhreadh.  Mar sin, bí ag smaoineamh ar bheith ag taisteal díreach tar éis na Nollag, nó tar éis na hathbhliana, agus gheobhaidh tú saor-reic ar eitiltí, ach cuir do shuíochán in áirithe go luath! Eitlíonn Aer Lingus agus RyanAir díreach go dtí a lán cinn scríbe san Eoraip, fiú amháin sa Gheimhreadh.

Ní mór duit coicís a thógáil, ach bheifeá in ann saoire iontach a bheith agat ar feadh seachtaine, nó níos giorra, fiú!

An Cur Chuige

Tá sé sin go maith, ach conas is féidir rud mar sin a dhéanamh?

Ar an dea-uair, níl sé ródheacair do shocruithe taistil féin a dhéanamh.  Más mian leat. Déan do shocruithe le gníomhaireacht taistil, ach bheadh sé sin níos costasaí.

Is fearr liomsa mo shocruithe féin a réiteach, mar tá mé in ann na mionsonraí a stiúradh.  A bhuí don idirlíon, táimse in ann gach rud a dhéanamh i mo shuí sa bhaile. Tá a lán acmhainní le fáil ar líne, agus is dócha go bhfuil a lán bealaí leis na socruithe a bhaint amach.  Tá taithí agam ag pleanáil taistil mar seo, and inseoidh mé daoibh mo chur chuige. Dála an scéil, baineann an cur chuige a chuirfidh mé i láthair anseo le gach sórt laethanta saoire, ní hamháin le briseadh gairid!

Tá sé an-tábhachtach cúrsa taistil a shocrú, agus a scríobh síos.  Sin é an máistirphlean, agus sa phlean seo, tá tú in ann gach rud a fheiceáil in áit amháin i saghas féilire shainaidhme.  Sé an aip a úsáidim leis an obair seo a dhéanamh ná ‘TripIt’ (féach ar: www.tripit.com).  Tá tú in ann an aip seo a chur ar d’fhón cliste, ionas go mbeidh rochtain agat air, ar do thuras.  Tá an aip sin an-úsáideach agus an-chliste, ach níl an spás anseo le mioneolas a thabhairt air. Tá roghanna eile ar fáil leis an jab seo a dhéanamh freisin.

Leis an bplean taistil ginearálta a bhaint amach, tá an suíomh www.rome2rio.com go han-mhaith ar fad.  Cuireann tú isteach tús agus críoch do thuras, agus faigheann tú plean taistil.  Tugann an plean seo duit na roghanna taistil atá agat: eitilt, traein, bus, tacsaí agus siúl, chomh maith le costais agus sceidil.  Nuair atá gach céim den turas deilbhithe amach mar sin, tá sé in am áirithintí a dhéanamh. Tá tú in ann óstáin a roghnú i rith na céime seo, nó níos déanaí.

Tá a lán suímh le fáil chun óstáin a fháil.  Is fearr liom www.agoda.com, www.booking.com agus www.hotels.com.  Tá sé furasta cuardach a dhéanamh don áit agus dátaí, agus áirithiú a dhéanamh ar líne.

Leis an áirithiú eitilte a dhéanamh, tá a suímh féin ag RyanAir agus Aer Lingus, agus tá tú in ann cuardach a dhéanamh ann le heitiltí oiriúnacha.  Tá tú in ann aerlínte eile a chuardach ar www.kayak.com agus a lán suímh eile.

Má tá tú ag iarraidh eolas ar na háiteanna a bhfuil tú chun cuairt a thabhairt orthu, is suíomh iontach é http// www.tripadvisor.com agus tá a lán moltaí agus léirmheasanna ann.

Ár dturas

Chuaigh mo bhean chéile agus mé féin go dtí an Ghréig chúpla mí ó shin i lár an Gheimhridh, ag cuairt ar an Aithin agus ar an gCréit.  D’úsaid mé na hacmhainní thuasluaite, agus bhí an costas go réasúnta.

Mar shampla, leis an bheirt againn, d’íoc muid níos lú ná dhá chéad euro ar ticéid fillte ó Bhaile Átha Cliath go dtí an Aithin.

Bhí óstán iontach againn nach raibh daor, agus ní raibh an iomarca daoine in aon áit a ndeachamar ar thuras, fiú amháin ar an Acropolis fhéin!

Mholfainnse dhaoibh ‘taisteal i rith an tséasúir chiúin’ a sheiceáil, ag úsáid an eolais thuasluaite!

.

gaGaeilge